News

21 Sep 2022

FILM ARTIST IN RESIDENCE AT UCC

The Arts Council and University College Cork invite applications from film artists of distinction for the role of Film Artist in Residence at UCC for the calendar year 2023.

The Film Artist in Residence, based in the School of Film, Music and Theatre, is designed to provide a film artist with a unique opportunity to develop their practice in a university environment while offering students of film and screen media the opportunity to engage with a practising artist in a meaningful way during the course of their studies.

About the residency

The Film Artist in Residence will be engaged for the calendar year 2023 and will be situated in the Department of Film and Screen Media at UCC.

The residency will have two parts:

From January to June 2023, the Film Artist in Residence will be supported to engage with students and staff. This programme of engagement will be designed by the Film Artist in Residence, in consultation with the faculty of the university, and could include focused postgraduate teaching, workshops, mentoring, public events or other activities which bring new and unique energy to the film and screen media programme. Contact time with students and staff during this time will be capped at four hours per week, and the Film Artist in Residence will not be expected to deliver core curriculum.

From July to December, the Film Artist in Residence will be supported to concentrate wholly on their own practice.

The fee to the Film Artist in Residence is €30,000, with the Arts Council contributing €20,000 and the university €10,000. UCC will provide the Film Artist in Residence with a dedicated space, where they can conduct their own creative practice, within the university. UCC will also support the residency administratively. The fee will be paid in two instalments directly by the Arts Council, with a final report to be submitted by the Film Artist in Residence at the conclusion of the residency.

Making an Application

Applicants for the role must have film-making experience including at least one credit as the director or writer/director of a feature-length film or creative documentary, which was exhibited in cinema. To be eligible to apply, applicants must:

  • Be resident in the Republic of Ireland.*
  • Be professional practising artists. Although they might not earn income continuously or exclusively from their arts practice, applicants must identify themselves, and be recognised by their peers, as professional practising artists.

In line with the Public Sector Equality and Human Rights Duty, the Arts Council and UCC are committed to ensuring that they take positive policy measures to promote equality of opportunity for all those living in Ireland, regardless of their gender, sexual orientation, civil or family status, religion, age, disability, race or membership of the Traveller Community. Furthermore, we note the ground of socioeconomic background as a further basis for which equality of opportunity must be guaranteed. We therefore welcome applications that are representative of the diversity of Irish society, including but not limited to any of the characteristics outlined above.

To make an application, Film Artists must provide:

  • A detailed proposal. This should outline the applicant’s vision for how they would undertake the role of Film Artist in Residence and their proposed approach for engaging with students, staff and the wider university. Relevant experience to support the proposal should be referenced.
  • A one page artist’s statement, describing how the residency could have an impact on the development of the artist’s practice in film.
  • A detailed CV, outlining film credits.

Applications should be sent to filmartist@ucc.ie by 5.30 pm Oct. 13th. Applications will be accepted by email only. Applications received after the deadline will not be accepted.

Assessment Process

Upon receipt of applications, the Arts Council and UCC will establish a selection panel, comprising two representatives from UCC (including a non-voting chair), one from the Arts Council and an external panellist with film expertise. The selection panel will shortlist applicants based on the following criteria:

  • artistic track record (in film) of the applicant (to include at least one credit as the director or writer/director of a feature-length film or creative documentary, which was exhibited in cinema)
  • quality of idea/approach as outlined in their proposal
  • potential impact of residency on Film Artist’s own creative practice

A shortlist will be established (of no more than six applicants). It is expected that shortlisted applicants will be called to interview in early November. The interview will be held via video conference call. It will allow the shortlisted applicants to discuss their proposed vision and experience in more detail. The selection panel will make the final decision based on the above criteria.

*There are certain exceptions where applications may be deemed eligible if an applicant can demonstrate an arts practice which benefits the arts in the Republic of Ireland.

EALAÍONTÓIR SCANNÁN CÓNAITHE AG UCC

Tá iarratais á lorg ag an gComhairle Ealaíon agus ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh ó ealaíontóirí scannán iomráiteacha don ról mar Ealaíontóir Scannán Cónaithe in UCC don bhliain féilire 2023.

Tá sé mar aidhm ag an bpost mar Ealaíontóir Scannán Cónaithe, lonnaithe i Scoil na Scannánaíochta, an Cheoil agus na hAmharclainne, deis uathúil a chur ar fáil d’ealaíontóir scannán a chleachtas/a cleachtas a fhorbairt i dtimpeallacht ollscoile agus, ina theannta sin, deis a thabhairt do mhic léinn i scannán agus meáin scáileáin oibriú ar bhealach bríoch le healaíontóir atá i mbun cleachtaidh le linn dóibh a bheith i mbun staidéir.

Eolas faoin gcónaitheacht

Fostófar an tEalaíontóir Scannán Cónaithe don bhliain féilire 2023 agus beidh sé nó sí lonnaithe i Roinn na Scannánaíochta agus na Meán Scáileáin ag UCC.

Beidh dhá chuid ag an gcónaitheacht:

Ó mhí Eanáir go mí an Mheithimh 2023, tacófar leis an Ealaíontóir Scannán Cónaithe chun caidreamh a bhunú le mic léinn agus leis an bhfoireann ollscoile. Déanfaidh an tEalaíontóir Scannán Cónaithe an clár rannpháirtíochta seo a dhearadh, i gcomhar le foireann na hollscoile, agus d’fhéadfadh go mbeadh teagasc dírithe iarchéime, ceardlanna, meantóireacht, imeachtaí poiblí nó gníomhaíochtaí eile a chuireann fuinneamh nua agus uathúil leis an gclár scannánaíochta agus meán scáileáin mar chuid den chlár sin. Is é ceithre uair an chloig in aghaidh na seachtaine an t-uasmhéid ama teagmhála a bheidh ag an ealaíontóir le mic léinn agus leis an bhfoireann agus le linn an ama seo, ní bheidh ar an Ealaíontóir Scannán Cónaithe curaclam príomhúil a sheachadadh.

Ó mhí Iúil go mí na Nollag, tacófar leis an Ealaíontóir Scannán Cónaithe chun díriú go hiomlán ar a gcleachtas féin.

Is é €30,000 an táille don Ealaíontóir Scannán Cónaithe, le ranníocaíocht €20,000 ón gComhairle Ealaíon agus ranníocaíocht €10,000 ón ollscoil féin. Cuirfidh UCC spás sonrach ar fáil don Ealaíontóir Scannán Cónaithe, áit a mbeidh sé/sí in ann tabhairt faoina gcleachtas cruthaitheach féin ar champas na hollscoile. Chomh maith leis sin, tacóidh UCC leis an gcónaitheacht ó thaobh cúrsaí riaracháin de. Íocfaidh an Chomhairle Ealaíon an táille ina dhá thráthchuid, agus beidh tuairisc dheiridh le cur isteach ag an Ealaíontóir Scannán Cónaithe ag deireadh na cónaitheachta.

Conas Iarratas a Dhéanamh

Ní mór go mbeadh taithí scannánaíochta ag iarratasóirí ar an ról, lena n-áirítear teideal creidiúna amháin ar a laghad acu mar stiúrthóir nó mar scríbhneoir/stiúrthóir ar fhadscannán nó clár faisnéise cruthaitheach a taispeánadh sa phictiúrlann. Le bheith i dteideal iarratas a dhéanamh, ní mór d’iarratasóirí:

  • A bheith ina gcónaí i bPoblacht na hÉireann.*
  • Is ealaíontóirí gairmiúla cleachtacha iad. Cé nach gá go dtuilleann siad ioncam go leanúnach ná go heisiach óna gcleachtas ealaíon, ní mór do na hiarratasóirí iad féin a aithint agus a bheith aitheanta ag a bpiaraí mar ealaíontóirí gairmiúla atá i mbun cleachtaidh.

De réir Dhualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine, tá an Chomhairle Ealaíon agus COC tiomanta do chinntiú go dtugtar faoi bhearta beartais dearfacha chun na deiseanna céanna a chur chun cinn do gach duine a chónaíonn in Éirinn, beag beann ar inscne, ar ghnéaschlaonadh, ar stádas sibhialta nó teaghlaigh, ar chreideamh, ar aois, ar mhíchumas, ar chine nó ar dhuine den Lucht Siúil. Ina theannta sin, tarraingímid aird ar an gcúlra socheacnamaíoch mar fhoras eile ina gcaithfear comhionannais deiseanna a chinntiú. Dá bhrí sin, cuirimid fáilte roimh iarratais ó gach cuid de shochaí na hÉireann, na tréithe thuasluaite ina measc ach nach bhfuil teoranta dóibh.

Ní mór d’Ealaíontóirí Scannán an méid seo a leanas a chur ar fáil chun iarratas a dhéanamh:

  • Togra mionsonraithe. Ba cheart go dtabharfaí achoimre ar fhís an iarratasóra don ról d’Ealaíontóir Scannán Cónaithe agus ar chur chuige molta maidir le teagmháil a dhéanamh le mic léinn, le baill foirne agus leis an ollscoil níos leithne. Ba cheart tagairt a dhéanamh do taithí ábhartha chun tacú leis an togra.
  • Ráiteas an ealaíontóra, ar aon leathanach amháin, ina ndéantar cur síos ar an tionchar a bheadh ag an gcónaitheacht ar fhorbairt chleachtas an ealaíontóra sa scannánaíocht.
  • CV mionsonraithe, ina leagtar amach teidil chreidiúna scannáin.

Ba cheart iarratais a sheoladh chuig filmartist@ucc.ie faoi 5.30 pm ar an 13 Deireadh Fómhair. Ní ghlacfar ach le hiarratais i ríomhphost amháin. Ní ghlacfar le hiarratais a gheofar tar éis an spriocdháta sin.

An Próiseas Measúnaithe

Bunóidh an Chomhairle Ealaíon agus UCC coiste roghnúcháin nuair a fhaightear na hiarratais, agus beidh beirt ionadaithe ó UCC, (lena n-áirítear cathaoirleach gan ceart vótála), duine amháin ón gComhairle Ealaíon agus comhalta painéil seachtrach ag a bhfuil saineolas scannánaíochta ar an bpainéal sin. Cuirfidh an coiste roghnúcháin gearrliosta d’iarratasóirí le chéile bunaithe ar na critéir seo a leanas:

  • cuntas teiste ealaíonta (sa scannánaíocht) an iarratasóra (agus teideal creidiúna amháin ar a laghad aige nó aici mar stiúrthóir nó mar scríbhneoir/stiúrthóir ar fhadscannán nó clár faisnéise cruthaitheach a taispeánadh sa phictiúrlann san áireamh)
  • caighdeán an smaoinimh/chur chuige mar atá le sonrú san iarratas
  • an tionchar féideartha a d’fhéadfadh a bheith ag an gcónaitheacht ar chleachtas cruthaitheachta an Ealaíontóra Scannán féin

Bunófar gearrliosta (ní bheidh níos mó ná seisear iarratasóirí ar an ngearrliosta). Iarrfar ar iarratasóirí a chuirtear ar an ngearrliosta dul faoi agallamh go luath i mí na Samhna. Reáchtálfar an t-agallamh trí ghlaoch físchomhdhála. Tabharfaidh sé an deis do na hiarratasóirí atá ar an ngearrliosta a bhfís agus a dtaithí a phlé go mion. Déanfaidh an painéal an cinneadh deiridh bunaithe ar na critéir thuasluaite.

*Cuirtear eisceachtaí ar leith i bhfeidhm a chiallaíonn go measfar iarratasóirí a bheith incháilithe má éiríonn leo cleachtas ealaíon a mbainfear tairbhe as do na healaíona i bPoblacht na hÉireann a chur in iúl.

Department of Film and Screen Media

Scannánaíocht agus Meáin Scáileán

O'Rahilly Building, University College Cork, Ireland

Top