LÉACHTÓIREACHT le Dlí & Gaeilge

LÉACHTÓIREACHT le Dlí & Gaeilge

 Tá Roinn an Dlí i gColáiste na hOllscoile Corcaigh mar cheannródaí in oideachas an dlí in Éirinn, agus tá dea-theist uirthi chun oideachas agus taighde an dlí ar ardchaighdeán, úr a sholáthar, a chuireann le forbairt beartais agus leis an tsochaí.

Sainchlár nideoige cheithre bliana atá i gceist leis an BCL (Dlí & Gaeilge), atá ag mealladh iarrthóirí den scoth ó cuireadh tús leis 10 mbliana ó shin.  Tá an clár BCL (Dlí agus Gaeilge) leagtha amach chun mioneolas a thabhairt ar Dhlí na hÉireann agus ar theanga na Gaeilge, a chuimsíonn scríobh agus labhairt ar ardchaighdeán, cur amach ar an litríocht, ar an gcultúr agus ar institiúidí, agus scileanna anailíseacha agus léirmhínitheacha. Chun an clár dlúthacmhainne seo a fhairsingiú, tá sé riachtanach ball foirne speisialaithe a cheapadh sa Dlí a fhorbróidh agus a éascóidh churaclam agus shocrucháin oibre na mac léinn BCL (Dlí & Gaeilge).

Cuirfear fáilte roimh iarratais ar chonradh thrí bliana ar théarma seasta do Léachtóir Coláiste (Dlí & Gaeilge) i Roinn an Dlí leis na riachtanais seo leanas i leith na Gaeilge:

Beidh an té a cheapfar ina G(h)aeilgeoir líofa. Go hidéalach, beidh suim aige/aici sa Dlí agus sa Gaeilge agus/nó i gcearta teanga.

 I measc a c(h)uid dualgas beidh ar an léachtóir nuacheaptha modúil dlí a sholáthar trí mheán na Gaeilge.  Táthar ag súil leis chomh maith go gcuirfidh an ceapachán seo le cultúr na Gaeilge i measc na foirne acadúla i gcoitinne.  Beidh ar an té a cheapfar oibriú i gcomhpháirt le Roinn na Gaeilge maidir le socrúcháin oibre agus forbairt an chláir féin.

 Is féidir an scéal a phlé go neamhfhoirmiúil ach teagmháil a dhéanamh leis an Ollamh Caroline Fennell, Ceann Roinn an Dlí, R-phost:c.fennell@ucc.ie

 Tá tuilleadh eolais maidir leis an Roinn le feiceáil ar www.ucc.ie/law

Scála Tuarastail [dóibh siúd atá ag tosú] € 36,500 - €59,293

Dáta Deireanach: Dé hAoine 5 Mean Fomhair 2008

Tá Foirmeacha Iarratais ar fáil ANSEO 

Roinn na hAcmhainne Daonna
Coláiste na hOllscoile Corcaigh
Corcaigh
Éíre

Teil.: +353 21 4902671/ Facs: +353 21 4276995/ R-phost: recruitment@per.ucc.ie

 

Tugann Coláiste na hOllscoile Corcaigh an ceart céanna do gach Iarrthóir

 

Human Resources

Acmhainní Daonna

Ground Floor, Block E, Food Science Building, UCC

Top