'An Dúchas agus an Domhan' - Diarmuid Ó Giolláin

An Dúchas agus an Domhan

Diarmuid Ó Giolláin

Cad is béaloideas ann agus cá seasann sé idir an dúchas agus an domhan? Tuigtear de ghnáth gur rud dúchasach agus gur ghné thábhachtach de chuid na sochaí traidisiúnta é an béaloideas. Ach bhí caidreamh riamh ag an sochaí thraidisiúnta leis an saol lasmuigh; ní raibh sí neamhspleách ar an stát, ar fhórsaí eacnamúla náisiúnta agus idirnáisiúnta, ar thiarnaí talún, ar an eaglais, ar an gcultúr léannta, ar idé-eolaíochtaí polaitiúla. Tugann an leabhar seo cur síos ar an gcultúr saibhir traidisiúnta ar chuir scoláirí béaloideas suim ann agus tugann sé sainmhiniú ar ghort sin an bhéaloideas mar dhioscúrsa léinn. Pléann sé go speisialta le trí théama ar leithligh: 'am', 'áit' agus 'pobal', agus tráchtann sé orthu i gcomhthéasc na sochaí traidisiúnta, leathnú an stáit, teacht chun cinn na nua-aoise agus géarú an domhandaithe. Úsáideann sé fianaise ón 19ú, 20ú agus 21ú haois, agus ón mbéaloideas, ón antraipeolaíocht, ó (dhír-) bheathaisnéisí Gaeltachta agus ón stair. Is é an chéad bhunleabhar ar léann an bhéaloidis as Gaeilge é.

Department of Folklore and Ethnology

Béaloideas agus Eitneolaíocht

5 Elderwood,College Rd Cork,Ireland

Top