Ábhar Téacsúil

Cultúr agus Úrlabhra

Réamhrá

Sa Ghaeilge tagraíonn an teanga don mhatán méith sa bhéal agus do chóras na hurlabhra a scarann an duine ón ainmhí.  Is í an urlabhra a chuireann ar chumas an duine réimsí móra eolais a choimeád agus a roinnt ó bhunriachtanais na beatha go dtí an déantús is ealaíonta.  Is í amhábhar gach scéil í agus is léi a nochtann an duine a chuid tuairimí, luachanna, creidiúintí agus mothúchán.  Tá leid sa bhfocal 'béaloideas' gur eolas ó bhéal é ach más sa bhéal a mhúnlaítear na focail agus na fuaimeanna is sa chroí agus san aigne a chumtar iad agus a bhaintear ciall astu.  Tugann focail sásamh don chluais nuair a bhíonn fuaim faoi leith acu, tugann siad sásamh don aigne nuair a bhíonn ord faoi leith orthu nó brí faoi leith acu.  Fágann an cultúr, mian nó meon an phobail,  rianta ar a chuid ráiteachais siar aniar tríd na blianta agus bíonn nósanna cainte, pátrúin chéille nó dulanna soaitheanta áirithe orthu.  Tugann scoláirí traidisiún béil, insint nó ealaín bhéil nó litríocht bhéil ar an dúchas dioscúrsach seo ina iomláine.  Tugann an pobal scéalaíocht nó seanchas air.  Ar a shon go mbíonn na focail scéalaí agus seanchaí ag babhtáil ar a chéile sa chaint déantar amach nach mar a chéile ar fad iad i dtraidisiún na scéalaíochta in Éirinn.  Is ar bhonn an repertoire nó an stóir, líon na seánraí a bhíonn ar eolas, a dhéantar iad a dheighilt óna chéile, bhí na scéalta fada i stór an scéalaí agus bhí an seanchaí ina n-éamais.  Más seanchaí gach scéalaí ach ní scéalaí gach seanchaí.

 

Cuspóirí

  • Seoladh isteach ar thraidisiún béil na hÉireann.
  • Eolas a chur ar théarmaí léannta.
  • Eolas a chur ar théarmaí dúchasacha.
  • Na príomhsheánraí a chur i láthair.

 

Léann na Scealaíochta

Is annamh a shamhlaítear nuaíocht le béaloideas ach triocha bliain tar éis don Sasanach William Thoms an focal Béarla folk-lore a chumadh bhí an t-eideafón ceaptha ag Thomas Edison.  Sa bhliain 1877 d'éirigh leis an rabhán 'Mary had a Little Lamb' a thaifeadadh agus a chur amach arís.  I gcionn leathchéad bliain eile bhí bailitheoirí de chuid Choimisiún an Bhéaloidis ar bhóithre na hÉireann agus an t-uirlis throm nua acu á hiompar.  Orthu seo bhí Seosamh Ó Dálaigh agus Seán Ó hEochaidh.  Thosnaigh scoláirí béaloidis ó thír go chéile ar a raibh sna cartlanna a scrúdú agus a chur i gcomparáid lena chéile.  D'aithníodar nósmhaireachtaí insinte, cosúlachtaí nó difríochtaí idir na scéalta éagsúla.  Tugtar seánra inniu ar fhoirm faoi leith de scéal a mbíonn cáilíochtaí soaitheanta áirithe le feiscint ann.  Bhí práinn le téarmaíocht a thuigfeadh lucht béaloidis go hidirnáisiúnta.  Cromadh ar an scéalaíocht agus an seanchas a chlárú agus a rannú faoi lipéadaí áirithe.  Chuir Antti Aarne Verzeichnis de Märchentypen le chéile sa bhliain 1910.  Chuir sé uimhir agus teideal ar gach scéal faoi seach, thug sé achoimre ar gach scéal nó gach leagan den scéal céanna agus thug sé típ air.  Giorrúchán ar phlota scéil atá sa típ.  Sa bhliain 1929, leath i bpáirt leis an béaloideasaí Meiriceánach Stith Thompson, chuir sé eagrán nua amach faoin teideal The Types of the Folktale.  Bíonn scoláirí béaloidis ag tarraingt ar liosta Aarne-Thompson go mion minic chun scéalta a aithint nó teacht ar leaganacha difriúla díobh.  Chuir Thompson atheagar air sa bhliain 1961 agus d'fhoillsigh Reidar Christiansen The Types of the Irish Folktale sa bhliain 1963.  Thug Christiansen 'scéal draíochtúil' ar an seánra a dtugtar seanscéal i dtraidisiún béil na hÉireann air.

Is é an seanscéal an seánra is mó sa litríocht bhéil ar fad, ba í an tseod ba mhó i stór an scéalaí í.  Ba mhó san oíche gheimhridh ó Shamhain go Bealtaine a ghiorraigh scéalaithe na hÉireann cois iarta i dtithe bothántaíochta lena seanscéalta.  Tugadh märchen, focal Gearmáinise, ar an seanscéal nó conte populaire sa bhFraincis.  Tagraíonn sé do ghrúpa scéalta a iarann orainn an t-amhras a chaitheamh uainn.  Sa Bhéarla tugtar household tale, fairy talefolk-tale air uaireanta.  Tugann an focal conte le fios nach scéal fírínneach é ach níl na téarmaí seo róchruinn,  ní hionann an 'fairy tale' agus an síscéal i seanchas na hÉireann mar shampla agus tagraíonn 'folk-tale' do aon scéal béaloidis.  De chionn gur scéal ann féin an seanscéal a bhfuil tréithe suntasacha faoi leith ag gabháil leis is fearr le roinnt scoláirí Scéal Idirnáisiúnta an Iontais a thabhairt air.  Is geall le léirmhíniú ann féin an téarma seo, is scéal fada ealaíonta an seanscéal a bhíonn lán de eachtraithe iontacha draíochtúla. 

Is scéal idirnáisiúnta é agus bíonn an déanamh céanna air pé tír ina dtarlaíonn sé, go háirithe san Eoraip.  Is scéal foirmleach struchtúrtha é a leanann na pátrúin chéanna i gcónaí geall leis.  Ar ghrá caitheamh aimsire nó pléisiúir a insítí é.  Is i ríocht súgánach na samhlaíochta a thiteann sé amach, i dtír gan am ná aimsir, gan meath gan fás, gan stát gan stair, gan timpeallacht gan todhchaí.  Is 'fadó' riamh a thit na heachtraithe amach do charachtair a bhíonn gan ainm gan sloinne.  Bíonn domhan an tseanscéil mar a bheadh sé faoi dhraíocht agus é scartha amach ó ghnáthshaol an duine.  Áiríodh an scéalaí mar speisialtóir a raibh bua urlabhra agus dánacht ealaíne ann.  Bhí sé ina mháistir ar na scéalta fada go léir sa traidisiún béil, scéalta gaisce, rómánsúla agus fiannaíochta a raibh an t-ardmheas orthu in Éirinn.  Thóg sé tamall mór na scéalta fada a insint agus dá bhrí sin níor mhór ócáid faoi leith chuige.  Ba mhinic iad ar siúl ar an bportach, i mbád iascaireachta, le linn tórraimh, i dtigh an bhuaile, le linn seisiúin bhothántaíochta nó scoraíochta i dtithe áirithe a raibh cáil na scéalaíochta orthu.  Ba nós coitianta an chuairtíocht agus bhí a lán téarmaí uirthi ó cheann ceann na tíre, tugadh tithe áirneáin nó céilí orthu.  Ba gheall le deasghnáth cleachtadh na scéalaíochta, thugtaí an chathaoir ab fhearr sa tigh don scéalaí agus más 'ar fhear an tí a thit an chéad scéal' ba fhada leis an lucht bothántaíochta go dtosnódh an scéalaí ar a chuid eachtraíochta éachtach ealaíonta aonair. 

Tugadh fiannaí ar an dté a raibh na scéalta fada fiannaíochta aige nó aici, cé gur minic a bhí scéalta fada ag mná cosúil le Peig Sayers áirítear gur traidisiún fearúil an scéalaíocht seo.  Dá chomhartha san féin luaitear an seanfhocal 'cearc ag glaoch nó bean ag fiannaíocht' ach níl ansan ach tuairim na bhfear.  Ba mhinic na scéalta agus na laoithe fiannaíochta ag cur síos ar eachtraithe aon ghaiscígh amháin de chuid na Féinne, An Giolla Maol nó Fionn Mac Cumhaill, Oisín nó Oscar.  Tá cáil ar Thóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne i gcónaí.  Mhair bliúirí éagsúla den Rúraíocht agus de Sraith na Rithe sa bhéaloideas.  Tá ceachta den Táin Bó Cuailnge, scéalta i dtaobh Chú Chulainn, Dhéirdre nó Fhear Diadh ar eolas ag scéalaithe agus seanchaithe go dtí an lá atá inniu ann.  Is annamh a chloistear an seanscéal á insint inniu taobh amuigh de chláracha raidió agus de fhéiltí cultúir.  Ba mhinic an scéalaí Tom Phaidí Mac Diarmada le clos ar stáitse an Deamar i mBaile Átha Cliath nó ar Raidió na Gaeltachta.  Tugann na meáin chumarsáide ré nua saoil do a lán gnéithe den chultúr dúchais.

 

Seanchas

Taobh amuigh de na scéalta fada is mar sheanchas a thuigtear agus a chuirtear síos ar sciar maith mór den bhéaloideas.  Is focal ársa sa Ghaeilge an seanchas agus ní mór ná gur mar a chéile é agus an focal béaloideas féin.  Fear nó bean atá sa seanchaí a bhfuil an domhan mór eolais agus eachtraithe aige nó aici ach nár thaithigh an seanscéal.  Seanchaí mór i Rinn Ó gCuanach ab ea Míchéal Turraoin nár chleacht an seanscéal.  Tagraíonn an seanchas do raidhse seánraí de gach saghas, bíonn seanfhocail, amhráin, tomhaiseanna, rannta, finscéalta, paidreacha, suantraithe, dánta, orthaí, mallachtaí, beannachtaí, logainmneacha, piseoga, creidiúintí, stair agus ginealaigh ina measc.  Bhí an Ghearmáinis Sage ag freagairt don seanchas sa téarmaíocht scoláiriúil, ní mar a chéile sage agus an focal Béarla saga a thagraíonn do litríocht ársa an laochais in Éirinn agus i gCríocha Lochlainn. 

Eolas ciclipéideach atá sa seanchas, eachtraíocht, míniúchán agus tuairisciú ilchineálach eitneagrafaíoch a bhíonn comhráitiúil, comhluadrach agus a bhaineann le gach gné de shaol an duine.  Dá raidhsiúlacht seánraí uile an tseanchais is ar an bhfinscéal is mó a cuireadh béim.  Má 'fadó' a thit na seanscéalta amach is le déanaí nó ag am faoi leith a thiteann finscéalta amach.  Braitear nó taibhsítear dúinn go mbaineann eachtra an fhinscéil linn agus go bhfuil sé cuíosach cóngarach dúinn. Bíonn finscéalta ag cách, bíonn siad gairid de ghnáth, bunaithe ar eachtra amháin agus lonnaithe in áit faoi leith.  Bíonn ana-chuid acu ag taisteal ó cheantar go ceantar agus ó thír go tír agus iad curtha in oiriúint don cheantar nua.  Tugtar móitíf ar bhuneilimint an scéil agus is í an mhóitíf a leathann ó áit go háit.  Bíonn ainmneacha agus sloinnte na gcarachtair iontu go minic.  Tá a lán fosheánraí den bhfinscéal ann, finscéalta a bhaineann le daoine stairiúla nó le h-áiteanna stairiúla, finscéalta a mhíníonn logainmneacha, finscéalta mar gheall ar sprideanna, murúigh nó neacha osnádúrtha eile, finscéalta cráifeacha a bhaineann le naoimh, nó le toibreacha beannaithe. 

Tá seánra faoi leith den bhfinscéal in Éirinn a dtugtar síscéal air a phléann leis an ósnádúir sinseartha, síóga, mná sí nó bean an leasa.  Ní caitheamh aimsire ar fad na finscéalta, go minic bíonn rabhadh nó teagasc iontu agus is féidir cuimhneamh orthu mar diospóireacht reatha ina bpléitear imní, amhras nó creideamh an duine i leith an tsaoil seo agus i leith an tsaoil eile.  Bíonn idir greann, amhras, creideamh agus dáiríre iontu.  Is féidir iad a insint ar aon ócáid agus in aon áit.  Bíonn cuid acu ársa agus cuid acu nua, tharraing Brunvand áird ar an bhfinscéal urbánach nó comhaimseartha, scéalta reatha comhaimseartha a mbíonn móitífeanna traidisiúnta iontu go minic a scaiptear ní hamháin ó dhuine go duine ach ó ríomhaire go ríomhaire.  Bíonn seánraí nó foirmeacha nua den seanchas ag éirí de réir mar a bhíonn an t-am á chaitheamh agus é á leathadh ar bhealaí nua teicnúla dála an raidió nó na teilifíse.

 

Achoimre

  • Tagraíonn an traidisiún béil do iomlán an dhioscúrsa dhúchais.
  • Pléitear leis an traidisiún béil ar bhonn seánra.
  • Is é an seanscéal an seánra is mó den traidisiún béil agus is ag an scéalaí amháin a bhí sé.
  • Diomaite don scéalaí agus don scéalaíocht is mar sheanchas a thuigtear cuid mhór den bhéaloideas.
  • Is é an finscéal an seánra is mó agus tá ana-chuid fosheánraí ann.
  • Bíonn seanchas ag scéalaithe agus seanchaithe araon.

 

Léitheoireacht

Delargy, J.H. 1946 'The Gaelic Storyteller with some notes on Gaelic folktales', in Proc.Brit.Acad XXXI, 3-37.

Jackson, K.H. 1936 'The International Folktale in Ireland', Folklore 263-293.

Lüthi, M. 1982 The European Folktale: Form and Nature, Philadelphia.

Ó Cadhla, S. 2000 'Bríonna an tSeanchais: Red Bull nó Tae? An Aimsir Óg.

Ó Ceannabháin, P. 1983 Éamon a'Búrc: Scéalta, An Clóchomhar Tta.

Ó Duilearga, S. 1999 (athchló) 'Irish Tales and Storytellers', in Alan Dundes (eag) International Folkloristics, Rowman and Littlefield.

Ó hEochaidh, S. 1974 Síscéalta ó Thír Chonaill, Baile Átha Cliath, CBÉ.

Ó Sé, C. 2001 Traidisiún na Scéalaíochta i gCorca Dhuibhne, Baile Átha Cliath, Coiscéim.

Thompson, S. 1946 The Folktale, Berkeley, University of California.

 

Tráth na gCeist

Is scéal fada é seo (a) finscéal (b) seánra (c) síscéal (d) seanscéal?

Seanscéal

Bíonn an seanscéal ag an seanchaí, fíor nó bréagach?

Bréagach

Cheap William Thoms an t-eideafón, fíor nó bréagach?

Bréagach

Is seanchaí gach scéalaí, fíor nó bréagach?

Fíor

Cé a d'fhoillsigh The Types of the Irish Folktale? (a) Thomas Edison (b) Seosamh Ó Dálaigh (c) Seán Ó hEochaidh (d) Reidar Christiansen.

Reidar Christiansen

Críochnaigh an seanfhocal 'cearc ag glaoch nó …… ag fiannaíocht'.

Bean

Cad is 'típ' ann? (a) seánra (b) móitíf (c) finscéal (d) achoimre scéil?

Achoimre scéil

Tharla an scéalaíocht ó Shamhain go …………..?

Bealtaine

Cad a thugtar ar an märchen as Gaeilge? (a) finscéal (b) seanscéal (c) típ (d) móitíf?

Seanscéal

Freagraíonn an téarma sage don seanchas, fíor nó bréagach?

Fíor

 

Bileog Oibre

  • Tá deighilt déanta i dtraidisiún na scéalaíochta idir an scéalaí ar láimh amháin agus an seanchaí ar an láimh eile. Mínigh agus pléigh an deighilt seo.
  • Is scéal faoi leith an seanscéal (scéal idirnáisiúnta an iontais). Ainmnigh agus pléigh na príomhthréithe a bhaineann leis.
  • Cad a thuigeann tú leis an bhfocal 'seanchas' i dtraidisiún na scéalaíochta in Éirinn? Mínigh agus tabhair samplaí.
  • Scríobh cuntas ar dhá cheann de na téarmaí seo (i) seánra (ii) stór (iii) seanscéal (iv) finscéal.
  • Is féidir an finscéal a thuiscint mar seánra comhráitiúil sa mhéid is go n-éiríonn sé sa chomhrá idir dhaoine. Pléigh.

 

Reiligiún agus Cosmeolaíocht

Réamhrá

Is é a thuigimid le 'creideamh' ná talamh slán a dhéanamh de chumhacht lasmuigh den duine a riarann an domhan agus gach a bhfuil ann. De ghnáth, aithníonn daoine gur Dia nó déithe nó sprideanna de chineál éigin an chumacht sin agus gur gá ómós a thabhairt dóibh. Fágann an creideamh agus an t-ómós sin rian láidir ar aigne agus ar iompar an duine. Is féidir 'reiligiún' a thabhairt ar chreideamh sa chiall sin. Tuigtear 'creideamh' agus 'reiligiún' freisin i gciall níos cúinge, mar chóras creidimh faoi leith a bhfuil bonn institiúidiúil go minic faoi - mar shampla, 'an creideamh Giúdach', 'an creideamh Caitliceach'. Laistigh dá théarmaí tagartha féin, níl aon ní nach féidir le creideamh (sa dá chiall thuas) a mhíniú.

Riarann an creideamh an domhan de réir slat tomhais speisialta: an naofacht. Tá an naofacht bunoscionn ar fad leis an saoltacht. Tá sí éagsúil le haon rud daonna agus cuireann sí fírinne in iúl atá difriúil le hord an duine agus an nádúir. 'Ní adhartar an chloch bheannaithe, an crann beannaithe ina gcáilíocht féin' a deir an scoláire mór Mircea Eliade; 'adhartar iad... mar go dtaispeánann siad rud éigin nach cloch ná crann é, ach an naofacht…' I dteannta na naofachta, tá roinnt bunchoincheapanna eile i léann an chreidimh. Is é is brí le 'miotas' scéal a thugann bunús naofa do rudaí i saol an duine. Bíonn tagairt don chruthú naofa céanna le tuiscint sa 'deasghnáth', ach is i bhfoirm cleachtais ag am faoi leitha í. Agus bíonn pearsana naofa faoi leith sa chreideamh, déithe nó sprideanna de shaghas éigin, a dtagraítear dóibh i miotais agus i ndeasghnátha.

Deintear deighilt idir dhá shaghas creidimh, na 'religiúin stairiúla' a tháinig chun cinn ar an bhfairsinge, i gceantair thirime, ina raibh an tsealgaireacht agus an aoireacht mar shlí bheatha ann. Thuig na daoine ansin gur ón spéir anuas a tháinig an chumhacht ósnádúrtha, agus gur sa spéir a bhí dia uilechumhachtach fireann ann. Is féidir an Chríostaíocht a áireamh ar na reiligiúin stairiúla. Thuig na creidimh sin an t-am mar líne dhíreach go raibh an slánú ina deireadh. D'eascair na 'reiligiúin chosmacha' as timpeallacht a raibh an torthúlacht go flúirseach ann. Bhí an talamh, plandaí, an ghealach, an t-uisce agus an baineannach tábhachtach i siombalachas na reiligiún cosmach. Cuireadh siombal lárnach na torthúlachta in iúl i ndéithe baineanna, agus tuigeadh an t-am i bhfoirm chiorcalach. Tá anáil an dá shaghas creidimh ar an gcreideamh tíre in Éirinn.

 

Cuspóirí

  • Sainmhíniú ar cad is creideamh ann.
  • Tabhairt isteach ar an gcreideamh tíre in Éirinn.
  • Gnéithe suaithinseacha den chreideamh tíre a phlé.
  • Eolas a chur ar roinnt téarmaí.

 

An Creideamh Tíre

Is creidimh de shórt faoi leith iadsan a dtugtar 'an creideamh coiteann' (nó 'creideamh gnáthdhaoine') orthu. Ciallaíonn 'an creideamh tíre' (nó 'creideamh traidisiúnta' nó fiú 'piseoga') gnéithe de chreideamh na ngnáthdhaoine a bhí seanbhunaithe i saol na tuaithe agus baint acu le slí bheatha faoi leith, go háirithe saothrú na talún, i gcomparáid le gnéithe níos nua-aimseartha den chreideamh. Ar ndóigh bíonn na gnéithe níos nua-aimseartha traidisiúnta freisin, ach cuirtear in iúl gur toradh ar shaol an lae inniu iad seachas ar an seansaol (nó ar 'an saol traidisiúnta').

Tá bunús ilghnéitheach leis an gcreideamh tíre. Tá coda de is féidir a rianú siar roimh theacht na Críostaíochta, coda de a bhfuil bunús Críostaí meánaoiseach leo agus coda de a cruthaíodh níos déannaí. Ag deireadh, is é a nádúr neamhoifigiúil agus a bhaint le gnáthdhaoine seachas leis na héliteanna a dheineann creideamh 'coiteann' de. Is gá é a thuiscint i dtéarmaí sóisialta agus polaitiúla mar níl leithleachas buanseasmhach aige: braitheann a chomharthaí sóirt ar a ionad laistigh den chóras sóisialta i gcoitinne seachas ar ábhar ar leithligh. Níl an meas céanna air is atá ar chreidimh oifigiúla a bhfuil cuid mhaith cumhachta polaitiúla agus sóisialta acu, mar atá ag na heaglaisí. Níl sé neamhspleách más ea ó chreidimh oifigiúla, agus le dhá chéad bliain nó mar sin tá sé ag cúlú roimh iarrachtaí sagart, múinteoirí agus póilíní chun deireadh a chur le 'piseoga', 'seanaimsireacht' agus 'drochnósanna', agus chun na gnáthdhaoine 'a chur i bhfeabhas'.

 

Síoga

Is sprideanna iad sióga a bhfuil baint acu leis an torthúlacht. Cé nach bhfuil bunús Críostaí acu, is léir gur cuireadh in oiriúint don Chríostaíocht iad: is iad Aingil an Uabhair a caitheadh amach as Flaitheas Dé de réir an tseanchais iad agus tá cosaint orthu i siombail Chríostaí, srl. Tuigtear iad mar phobal cosúil leis an bpobal daonna agus a bhfuil cuid mhaith de na riachtainisí céanna acu. Is deacair iad a idirdhealú ó dhaoine saolta, ach uaireanta bíonn siad beag bídeach. Is faoin talamh go háirithe a chónaíonn siad, i liosanna nó i gcnoic. Bíonn caidreamh acu le daoine saolta, uaireanta ag cabhrú leo, uaireanta eile ag bagairt orthu. Tá baint acu le dúthaí ar leithligh agus tá seanchas ar chathanna idir shióga dúthaí amháin i gcoinne dúthaí eile, agus barraí maithe an bhliain dar gcionn sa dúthaigh a raibh an bua ag a cuid sióg mar thoradh air. Faoi mar atá i gceist leis an naofacht i gcoitinne, is gá ómós a thabhairt dó shióga - mar shampla le hainmneacha molta ar nós 'na daoine maithe' a thabhairt orthu - agus cuirtear pionós orthusan a chuireann isteach orthu. Tá teorainn shiombalach idir iad agus daoine saolta. Cosnaíonn dea-iompar daoine an teorainn, réabann an drochiompar í agus scaoileann an díobháil isteach i lár an phobail. Fuadach leanaí nó daoine fásta, go háirithe mná tar éis breith linbh, teip ar bharraí nó ar an iascach, bás ainmhithe: sin í an sórt díobhála a chuirtear i leith na sióg, agus de ghnáth peaca duine faoi ndear é. Tá seanchas an-saibhir i dtaobh na sióg agus bailíodh iliomad finscéalta orthu.

 

Deasghnátha

Cleachtas solúnta ag am faoi leith, go rialta nó go hócáidiúil, is ea deasghnáth, agus féasta de shaghas éigin á leanúint de ghnáth. Bíonn tagairt don chruthú naofa le tuiscint uaireanta ann, go háirithe i bhféilte. Is féidir féilte a áireamh i measc na ndeasghnátha is tábhachtaí. Cuireann féile an naofacht i gceartlár an phobail agus deineann sí é a athnuachan. Chuige sin, cuireann sí an gnátham ar ceal chun am an bhunúis a chur i ngníomh athuair (mar shampla an Domhnach, a dheineann aithris ar shos Dé tar éis Dó an domhan a dhéanamh). Scaoileann féile an teannas a bhailítear sa phobal i rith na bliana. Lena linn cuirtear deighilteacha an phobail i bhfolach le bréagriocht agus aghaidh fidil a chaitheamh agus le dlúthchaidreamh neamhghnách idir dhaoine (mar shampla Oíche Shamhna nó Lá an Dreoilín), rud a chuireann an bhéim ar aontacht an phobail. Chuaigh daoine thar fóir le bia, deoch agus collaíocht ag féilte agus, dar le Mikhail Bakhtin, chuir sé sin an bhéim ar bhuaine bhitheolaíoch an duine le hais neamhbhuaine an údaráis agus an smachta. Is gnách cosc ar ghníomhaíochtaí áirithe ag féile, an obair i gcoitinne (Dé Domhnaigh), casadh rotha (Lá Fhéile Mártain), srl., comharthaí den ómós a theastaíonn. Daoine óga a bhí chun tosaigh sna féilte, agus thug na féilte caoi dóibh ar chasadh ar a chéile. Ní raibh an chúirtéireacht ná an chollaíocht riamh i bhfad ó fhéilte; chuireadar an bhéim ar leanúnachas an phobail in imeacht na nglúinte.

 

Achoimre

  • Ciallaíonn an creideamh glacadh le cumhacht lasmuigh den duine a riarann an domhan agus gach a bhfuil ann.
  • I bprionsabal is féidir le creideamh gach ní a mhíniú.
  • Ní bhaineann an creideamh tíre le hiomlán na sochaí.
  • Eagraíonn creideamh an domhan de réir slat tomhais na naofachta.
  • Tá gníomhartha Dé nó déithe mar bhonn le creideamh agus loirgítear cumhacht na ngníomhartha sin arís sa mhiotas agus sa deasghnáth.

 

Léitheoireacht

Bourke, Angela, The Burning of Bridget Cleary: A True Story. 1999.

Danaher, Kevin, The Year in Ireland. 1972.

Ó Duilearga, Séamus, Leabhar Sheáin Í Chonaill. Sgéalta agus Seanchas ó Íbh Ráthach. 1977.

Ó Giolláin, Diarmuid, An Dúchas agus an Domhan. 2005.

Ó hEochaidh, Seán, Ní Néill, Máire agus Ó Catháin, Séamas, Síscéalta ó Thír Chonaill. 1977.

Ó Súilleabháin, Seán, Irish Folk Custom and Belief. 1967.

 

Tráth na gCeist

Baineann an naofacht leis an gcreideamh: fíor nó bréagach?

Fíor

Ní thugann an creideamh míniú ach ar chuid bheag den saol: fíor nó bréagach?

Bréagach

Ciallaíonn 'piseog' creideamh nach bhfuil údarás eaglaise laistiar de: fíor nó bréagach?

Fíor

Ciallaíonn 'an creideamh tíre' (a) creideamh na n-éliteanna; (b) creideamh ghnáthmhuintir na mbailte móra; (c) creideamh ghnáthmhuintir na tuaithe?

Creideamh ghnáthmhuintir na tuaithe

Is creideamh Críostaí é an creideamh sna sióga: fíor nó bréagach?

Bréagach

Ciallaíonn 'deasghnáth' (a) caitheamh aimsire; (b) cleachtas solúnta agus féasta ina dhiaidh; (c) searmanas?

Cleachtas solúnta agus féasta ina dhiaidh

 

Bileog Oibre

  • Sa chreideamh, deintear talamh slán de chumhacht atá lasmuigh den duine. Cad í an chumhacht í sin?
  • Cad é an difear idir an naofacht agus an tsaoltacht sa chreideamh?
  • Deintear idirdhealú idir na reiligiúin stairiúla agus an reiligiúin chosmacha i léann an chreidimh. Cad í an deighilt atá eatarthu?
  • Mínigh cad is brí leis an gcreideamh tíre. An bhfuil aon bhaint aige leis an gCríostaíocht?
  • An bhfuil an creideamh tíre neamhspleách ar chreidimh de shórt eile?
  • Déan cur síos ar na sióga i gcreideamh tíre na hÉireann.
  • Cad a thuigeann tú leis an bhfocal 'deasghnáth'? Mínigh agus tabhair samplaí.

 

An Domhan Fisiciúil

Réamhrá

Baineann an modúl seo leis an réimse ábhartha agus teicneolaíochta den Bhéaloideas. Éiríonn an cineál ábhartha agus teicneolaíochta seo Béaloidis as an gcaidreamh a bhíonn, thar na glúinte, ag pobal daoine ar an dúthaigh agus ar an timpeallacht ina mhaireann siad.  Is é nadúr an duine é beatha chorportha a bhaint as an timpeallacht fisiciúil agus an timpeallacht fisiciúil a shaothrú d'aon ghnó chuige sin. Bíonn saothrú seo an bhia ar an mbun-riachtanas ag gach pobal agus bíonn an t-eolas traidisiúnta agus an uirlisíocht traidisiúnta a ghabhann leis an saothrú bia sin faoi an tuath ina bhéaloideas ag an bpobal.

Bun-riachtanas eile don duine féin is ea áitreabh ina mbeidh bogadh agus cosaint ar fáil ar dhéine na timpeallachta agus ar ainmheasarthacht na haimsire. De thoradh, arís, ar shaothrú agus ar thógáil sa timpeallacht is ea a bhíonn an t-aitreabh daona - an teach - ar fáil. Arís bíonn an t-eolas traidisiúnta agus an tógáil traidisiúnta a ghabhann leis an nósmhaireacht logánta tithíochta ina bhéaloideas ag an bpobal.

Díríonn an modúl seo ar uirlis traidisiúnta amháin de chuid saothrú an bhia, an rámhainn, agus ar chineál traidisiúnta an áitribh tuaithe, an teach ceann tuí, mar bhéaloideas ábharga agus teicneolaíochta. Samhlaíocht chruthaitheach a thugann ann don bhéaloideas ábhartha seo ar nós gur samhlaíocht chruthaitheach atá i gceist leis an scéalaíocht agus leis an gcreideamh tíre. Mar thoradh ar an mianach samhlaíochtúil, chruthaitheach seo bíonn an tréithiúlacht chéanna athruithe - ó ghlúin go glúin agus ó dhúthaigh go dúthaigh - le fáil mar an gcéanna i ngach réimse den bhéaloideas: leaganacha éagsúla ar fáil ó áit go háit agus ó am go ham mar thoradh ar chruthaitheacht agus ar chumarsáid daonna.

 

Cuspóirí

  • Léiriú a thabhairt ar chonus gur in oiriúint don timpeallacht fisiciúil is ea a thagann tréithiúlacht an chultúr ábhartha thraidisiúnta chun cinn.
  • Léiriú a thabhairt ar chineálacha na rámhainne agus an teach ceann tuí.
  • Léiriú a thabhairt ar dháileadh na gcineálacha den rámhainn agus den teach ceann tuí.
  • Léiriú a thabhairt ar bheatha shóisialta agus ar bhrí shiombalach na rámhainne agus an teach ceann tuí lasmuigh den réimse teicneolaíochta.

 

An Rámhainn

Uirlis láimhe (agus coise) is ea an rámhainn. Áis is ea gach uirlis a mhéadaíonn ar chumas láimhe (agus coise) an duine fhéin. Deineadh cuid éigin den saothrú traidisiúnta bídh leis an láimh, amháin, gan aon uirlis a bheith i gceist.

Dob' fhéidir cuid eile den saothrú bia a dhéanamh le huirlis chomh simplí le maide tochailte ar nós an stíbhín nó le péire de mhaidí ar nós an tsúiste.

Leis na mílte bliana is ar an iomaire a deintí an formhór arbhair a shaothrú agus ar an iomaire chomh maith a cuirtí an práta ag fás go traidisiúnta. Uirlis chun iomairí a thógaint sa talamh agus a shaothrú is ea an rámhainn i dtraidisiún na hÉireann agus is cliste, galánta an ceap teicneolaíochta í.

Tá cineálacha éagsúla den rámhainn ar eolas i dtraidisiún teicneolaíochta na hÉireann.

 

I gCúige Mumhan tá rámhainn sainiúil traidisiúnta ann den chineál “A” sa léaráid "Rámhainní" sna griaingraifeanna.

Tabhair faoi ndeara:

An sáfach fada slím

An lann caol, beagán miasach, ag leathnú síos ar a fad

An mannt ar chuma eirbeall an éisc atá ar bhéal na lainne

An ding adhmaid a ghreamaíonn an sáfach sa lann agus atá mar bhacán nó troitheán don chos in oibriú na rámhainne

An tslí gur aon-taobhach atá an lann ó thaobh dinge agus úsáid coise

 

I gCúige Uladh tá rámhainn sainiúil traidisiúnta ann den chineál “E” sa léaráid thíos. Tabhair faoi ndeara: 

An sáfach gairid.

An trasnán adhmaid i mbarr an tsáfaigh.

An lann leathan, miasach, gan fairsingiú ró-mhór uirthi ar a fad.

An béal díreach atá ar an lann.

Gur le seamanna a ghreamaítear an sáfach sa lann.

An tslí gur lann an dá thaobh atá i gceist ó thaobh úsáid coise.

An tslí gur guailne ar an lann féin is ea an dá bhacán nó troitheán coise.

 

Cineál eile ó Chúige Uladh is ea an ceann sa léaráid ag “D”. An féidir leat na difríochtaí idir é agus an ceann go bhfuil “E” leis a fheiscint?

Sáfach níos faide, gan trasnán.

Lann níos caoile agus níos fuide, beagán.

Cam in ionad cuair a bheith sa lann ó bharr go béal.

Níos lú seamanna a bheith ag greamú an tsáfaigh sa lann.

 

Is coitianta an téarma “spád” ar an rámhainn i gCúige Uladh. Sa Mhumhain is mó a bhíonn an téarma “rámhainn” in úsáid. In Iarthar na hÉireann tá téarma eile arís le fáil; an téarma “laí*”.  Tá dhá shampla den “laí le feiscint sa léaráid thuas “B” agus “C” atá leo sa léaráid. Tá “C” i bhfad Éireann níos mó, níos troime, níos láidre ná D. Mar sin féin tá tréithe comónta acu. Tabhair faoi ndeara:

 

Sáfach fada ag reamhrú go mór ag an bun.

Is é an reamhrú a ghreamaíonn an sáfach sa lann gan ding ná seama.

Cuid den sáfach féin is ea an bacán nó an troitheán coise.

An sál reamhar os cionn cúl na lainne a chuireann go mór le neart úsáidíochta na huirlise.

 

Tá na cineálacha éagsúla sin go léir in oiriúint don talamh ar a mbíonn said in úsáid. Tá na tréithe a bhaineann leo tagaithe chun cinn mar gheall ar an ngaol seo idir an uirlis, an obair a deintear léithe agus an domhan fisiciúil ar a mbíonn an obair á dhéanamh. An cineál “C” sa léaráid, mar shampla. Tháining an cineál seo den Laí Mhór chun cinn in Oirthuaisceart Chonnachta agus IarDheisceart Uladh (Co. Liatroma; Co. an Chabháin) mar a bhfuil mórán den chré fluich, throm, chlochach le fáil nárbh fhéidir a shaothrú go héasca le rámhainn níos lú ná níos eadroime.

 

An Sleán:

Sampla níos fearr fós den tslí go dtagann uirlisí chun cinn in oiriúint don timpeallacht agus ar bhonn na cruthaitheachta samhlaíochta is ea an sleán. Cineál an-speisialta ar fad den rámhainn is ea an sleán. Le haghaidh baint na móna a bhíonn sé in úsáid. Bíonn mar a bheadh sciathán ag gobadh amach ón lann i gcás an tsleáin, rud a fhágann ar chumas an té atá ag baint, an mhóin a ghearradh go beacht agus fóda slachtmhara a sholáthar.

Tabhair faoi ndeara gur beatha don tine i dteach an teinteáin a bhíonn á shaothrú leis an sleán nuair is beatha don gcorp a shaothraíonn an rámhainn de ghnáth

Gur geall le íomhá nó suaitheantas is ea í ar chóras beatha na ndaoine. Pearsa sainiúil ar stáitse na staire Éireannaí is ea “an spailpín fánach”, an sclábhaí imirceach oibre ag saothrú dos na feirmeoirí láidre agus dos na tiarnaí talún. An cur agus an bhaint a dheineadh na spailpíní seo is leis an rámhainn a bhídís ag obair. Tá páirt chomh mór agus chomh lárnach ag an rámhainn i saol agus i dtraidisúin na hÉireann, go stairiúil.

Úirlís í an rámhainn a bhfuil mórán le hinsint aici i dtaobh saoil agus cultúir na ndaoine

 

An Teach Ceann Tuí

Bíonn áitreabh an duine mar a bheadh uirlis ann; áis agus réiteach teicneolaíochta ar mhaithe leis an mbeatha chorportha a chosaint agus a dhéanamh compordach. Ar nós na rámhainne tá an teach ceann tuí chomh maith ina íomhá ar shaol traidisiúnta na ndaoine in Éirinn. Teach beag feirme d'aon úrlár amháin a bhíonn i gceist anseo. Tá cistin  mhór i lár baill ann agus dhá sheomra codlata - ceann ag gach binn.

Teach an Teinteáin an t-ainm teicniciúil ar chineál áitribh eile. Ceann de chineálacha seanda áitribh na hEorpa is ea é. Is é an teinteán príomh-ghné an fhoirgnimh tí tré chéile. Sort lár-phoinnte is ea an teinteán; Thart timpeall air a tharlaíonn an chuid is mó ar fad d'obair an tí agus is timpeall air chomh maith a bhíodh caidreamh sóisialta daoine le linn caitheamh aimsire na scoraíochta nó an áirneáin. 

Tá cineál de theach an teinteáin ar eolas san Eoraip agus in Éirinn ina mbíodh ainmhithe - an bhó, abair -istigh sa teach céanna leis na daoine. Bóitheach a tugtar ar a leithéid d'fhoirgnimh. Tabhair faoi ndeara sa ghrianghraf "Bóitheach" thíos:

Gur teach dronuilleogach ar aon úrlar é.

Gurb é an gnáth-leagan amach de thrí sheomra atá ann.

Gur í lár baill atá an chistin agus an teinteáin, mar is gnáthach.

Nach bhfuil aon fhuinneog ar an seomra atá ar chlé an dorais, an seomra is fuide síos ón teinteán: seomra na bó.

 

An cineál is lú den teach ceann tuí, ní bhíonn ann ach aon seomra amháin. Is é seo, go minic, an cineál aitribh a bhíodh ag na spailpíní nach raibh aon talamh acu féin agus a bhíodh ag obair dos na feirmeoirí móra. Is léir ón ngrianghraf "Teach an Teinteáin" thíos gur ar fhalla an bhinn atá an teinteán sa chás seo. Cineál an-bhocht eile de theach an teinteáin is ea an t-áitreabh a bhí tógtha de fóid mhóna.

Tabhair faoi ndeara ná fuil aon simné le feiscint ar an teach sa ghrianghraf "Teach Ceann Tuí" thíos. Tabhair faoi ndeara chomh maith gur le téad a choimeádtar an díon tuí in áit. Bhí an nós seo maidir le ceangal le téad le fáil go fóirleathan san iarthar agus grsa tuaisceart mar a mbíonn gálaí gaoithe láidre ann go minic.

Tuí ba choitianta ar fad mar ábhar don díon i gcás teach an teinteáin ach má bhí ábhar oiriúnach eile flúirseach sa dúthaigh bhaintí úsáid as san - ar nós gur úsáideadh sclátaí cloiche sa Bhuireann, i gCo an Chláir. Arís anseo sa ghrianghraf "An Díon Cloiche", oiriúnú don timpeallacht fisiciúil á léiriú.

Tréith suimiúil a bhaineann le tithe teinteáin in Iar-Thuaisceart na hÉireann ná an “chailleach”, mar a tugtar air coitianta. Is é atá i gceist ná, mar a bheadh log ar fhalla na cisteanach, in aice na tine - spás go bhféadfaí leaba a chur isteach ann - do dhuine breoite nó do sheanduine, beirt go mbeadh teas agus comhluadar de dhíth orthu i seomra codlata.

Ar nós na rámhainne, léiríonn an teach ceann tuí tréithe an bhéaloidis i gcoitinne - cruthaitheacht agus éagsúlacht mar fhreagairt ar an timpeallacht fisiciúil. Cloch, cré, móin mar bhun-ábhar tógála; Tuí, luachair, cloch mar ábhar don díon.

Arís, ar nós na rámhainne, tá galántacht agus áilneacht i gceist leis an uirlis mhór, choimpléacsach is ea teach an tinteáin.

Más ag gabháil ar an dtimpeallacht a bhíodh an rámhainn, á shaothrú ar mhaithe le beatha a bhaint de, is cineál timpeallacht ann féin, timpeallacht chultúrtha, é an tigh ceann tuí. Ag an am céanna amháin, íomha is ea é den timpeallacht fisiciúil ina sheasann sé agus stáitse is ea é do shaol na ndaoine ar gach leibhéal - fisiciúil, sóisialta, aestéitiúil, samhlaíochtúil. Sa rámhainn agus sa tigh ceann tuí tá againn seoda den bhéaloideas.

 

Achoimre

  • Éiríonn béaloideas na teicneolaíochta as an ngaol agus as an gcaidreamh a bhíonn idir phobal agus an timpeallacht fisiciúil ina maireann said.
  • Saothrú an bhia agus soláthair an áitribh an dá bhun-riachtanas agus an dá bhun-fheidhm don teicneolaíocht.
  • Mianach cruthaitheach samhlaíochtúil atá san teicneolaíocht agus sa chultúr ábhartha ar nós na ramhainne agus teach an teinteáin.
  • Próisis beo i gcónaí is ea an teicneolaíocht traidisiúnta - le héagsúlachtaí loganta ag léiriú éifeacht na timpeallachta ar an gcultúr ábhartha.
  • Léiríonn na cineálacha éagsúla den rámhainn tréithe seo an bhéaloidis i gcoitinne.
  • Léiríonn teach an teinteáin na tréithe céanna béaloidis - oiriúint agus éagsúlacht - ina chuid bun-ábhair, ina thógáil agus ina feidhmiú sóisialta.
  • Seoda den réimse ábhartha béaloidis is ea an rámhainn agus an tigh ceann tuí ar aon dul le seoda den réimse scéalaíochta agus den réimse creidimh.

 

Leitheoireacht

Ginearálta:

Ó Cuileáin, L.M. (1976) An Saol in Éirinn. Aistrithe ag Tomás Ó Laoi. Baile Átha Cliath; Oifig an tSoláthair.

 O' Neill, T.P. (1977) Life and Tradition in Rural Ireland. Londain; Dent.

 

An Rámhainn:

Bell, J and M. Watson (1986) Irish Farming: Implements and Techniques 1700-1950. Edinburgh; John Donald.

Ó Danachair, C (1963) 'The Spade in Ireland' i mBéaloideas 31, 98-114.

O' Sullivan, J.C. (1970). 'Slanes: Irish Peat Spades' i A. Gailey agus A. Fenton (eag.) The Spade in Northern and Atlantic Europe.Belfast; Ulster Folk Museum. 221-42

 

An Teach Ceann Tuí:

Gailey, A. (1984) Rural Houses of the North of Ireland. Edinburgh; John Donald.

Glassie, H. (1982) 'Home' i.e. Caib. 13 de Passing the Time: Folklore and History of  an Ulster Community. Dublin; O Brien Press. 327-424.

Ó Danachair. C. (1975) Ireland's Vernacular Architecture. Cork; Mercier.

 

Tráth na gCeist

Cé an ceann acu seo nach ainm eile é ar an rámhainn (a) spád, (b) iomaire, (c) láí ?

Iomaire

Cé an taobh den tír ina mbíonn an t-ainm 'láí' á thabhairt go coitianta ar an rámhainn (a) Cúige Uladh, (b) Cúige Connacht, (c) Cúige Mumhan?

Cúige Connacht

Cad tugtar coitianta ar an gcuid adhmaid den rámhainn (a) lann, (b) súiste, (c) sáfach?

Sáfach

'Lámhchrann' is ea ainm eile ar chuid áirithe den rámhainn. Cén chuid? (a) an bacán, (b) an treasnán, (c) an sáfach?

An sáfach

Tá an 'lann aon-taobhach' le fáil go tipiciúil i gcás na rámhainne i gCúige Uladh, fíor nó bréagach?

Bréagach

Go minic i gCúige Uladh is le seamanna a ghreamaítear an dá chuid den rámhainn le chéile, fíor nó bréagach?

Fíor

Rámhainn an-speisialta le haghaidh baint na móna is ea (a) an sleán, (b) an láí mhór, (c) an stíbhín?

An sleán

Leagan amach ciorcalach a bhíonn ag an 'teach ceann tuí' in Éirinn, fíor nó bréagach?

Bréagach

Is é an gné is tábhachtaí den 'teach ceann tuí' nó de 'theach an teinteáin' ná (a) an díon, (b) an teinteán, (c) an doras?

An teinteán

Is é is 'bóitheach' ann ná (a) teach na mbó, (b) teach adhmaid, (c) teach ina mbíodh idir dhaoine agus ba ina gcónaí?

Teach ina mbíodh idir dhaoine agus ba ina gcónaí

Cé an méid úrlár a bhíonn sa 'teach ceann tuí'? (a) dhá úrlar, (b) a dó nó a trí úrlar, (c) aon úrlar amháin?

Aon úrlar amháin

Bíonn 'an chailleach' le feiscint sa teach traidisiúnta (a) i gCúige Mumhan, (b) in oirthear na tire, (c) san iar-thuaisceart?

San iar-thuaisceart

Úsáidtear téada chun an díon tuí a chosaint i ndúichí (a) stoirmiúla, (b) fliucha, (c) grianmhara?

Stoirmiúla

Cé an ábhar eile seachas 'tuí' nó 'luachair' a bhíodh in úsáid don díon tí sa Bhuireann i gCo an Chláir? (a) móin, (b) cré, (c) cloch?

Cloch

 

Bileog Oibre

  • Tabhair cuntas ar dhéanamh agus ar úsáid na rámhainne agus mínigh an réimse éagsúlachta a ghabhann léi.
  • Scríobh aiste ghairid ar an teach traidisiúnta, 'teach an díon tuí', ag tagairt don stair a bhaineann lena fhorbairt agus don réigiúnachas a bhaineann lena thógáil. Bíodh tagairt agat do shamplaí faoi leith den a bhfuil i gceist.
  • Is féidir a rá go bhfuil feidhmeanna bunúsacha éagsúla leis an teicneolaíocht traidisiúnta. Abair céard iad an dá bhun-fheidhm agus tabhair cuntas ar chuid dengcultúr ábhartha lena gcuirtear na bun-fheidhmeanna i gcrích - uirlisí agus áitribh, cuirim i gcás.
  • 'Bíonn an teach traidisiúnta ag freagairt dá thimpeallacht'. Mínigh agus léirigh.
  • 'Tá taobh chruthaitheach, shiombalach, shamhlaíochtúil leis an gcultúr ábhartha'. Pléigh agus léirigh i gcás na rámhainne.

 

Tras-scribhinní

Seo sampla de thras-scríobh atá déanta ar iascaireacht, ar bhabhláil, ar sheanchas agus ar cheol i measc nithe eile.

Foilseacháin

Is samplaí iad seo a tógadh ón 'Archive', iriseán Thionscnamh Béaloidis Chorcaí, seo roinnt foilseacháin as Gaeilge.

Department of Folklore and Ethnology

Béaloideas agus Eitneolaíocht

5 Elderwood,College Rd Cork,Ireland

Top