Mar Gheall Orainn

Mar Gheall Orainn

Is scéim de chuid Roinn an Bhéaloidis, Corcaigh an Léann Dúchais Leictreonach. Tá an tionscadal i mbun scannánaíochta le tamall faoin scéim An Léann Dúchais Leictreonach le cabhair airgid an HEA, d’fhonn cur leis na háiseanna clos-amhairc na cartlainne. Baintear leas as an airgead chun béaloideas na Gaeltachta nó na Gaeilge a bhailiú agus a chlárú agus a fhoilsiú go hilmheánach. D’fhostaigh Roinn an Bhéaloidis taighdeoirí, ceamaradóirí agus stiúraigh treanáil agus oiliúint bhunúil sa scannánaíocht eitneagrafaíoch.

Le déanaí Fostaíodh Colin MacHale agus Ciaran Ó Gealbháin chun Obair pháirce a dhéanamh le teicneolaíochtaí closamhairc nua agus chun teacht ar ábhar oiriúnach don tionscnamh. Ó am go chéile bíonn baill den bhfoireann acadúil, an Dr Cliona O’ Carroll agus an Dr Stiofán Ó Cadhla sa pháirc féin nó ar bhonn stiúrthóireachta. Le déanaí earcaíodh Samantha Ní Mhaolchatha chun taighde a dhéanamh ar shaol na mban sa Ghaeltacht. Go dtí seo, ní raibh ar ár gcumas, ceal airgid, an oiread ama agus ba mhaith linn a chaitheamh i mbun scannánaíochta sa ghort. Is í an aidhm atá againn ach:

  • Sár-acmhainní múinteoireachta agus foghlama a chur ar fáil.
  • Crann taca i réimse an léinn ag an léachtóir agus ag an mac léinn araon a bhunú.
  • Scannánú a dhéanamh ar ghnéithe áirithe den saol cultúrtha agus den chultúr ábhartha anseo in Éirinn.
  • Tá scannáin déanta anois againn a chuirfidh go mór leis an léiriú is féidir a thabhairt sa tseomra léachta ar ghnéithe áirithe den saol in Éirinn, mar a bhí agus mar atá. Orthu seo tá scannáin ar obair an díonadóra mar shampla.
  • Tugann an taifead físe léiriú iontach bríomhar ar an bpróiseas cultúrtha ina chomhthéacs sainiúil fisiciúil féin thar a bhfuil le fáil ar aon bhealach eile.
  • Tá scannánú á dhéanamh againn ar cheamara HDV don chuid is mó agus na taifeadtaí ar fhíor ard-chaighdeán dá thoradh san.
  • Tá scannánaíocht déanta leis na daoine seo a leanas againn go nuige seo:

(a) George McGrath, tuíodóir nó díonadóir agus é i mbun oibre i Rinn Ó gCuanach, Co. Phort Láirge.
(b) An saor cloiche, Pádraig de Faoite i mbun oibre sa Rinn Ó gCuanach, Co. Phort Láirge.
(c) Pádraig Ó Mathúna, An Sean Phobal, Co. Phort Láirge, fear a thug an-chur síos dúinn ar threallamh feirme traidisiúnta.
(d) Tá scannánaíoct déanta againn ar Phátrún na hÁirde Móire, Co Phort Láirge.*
(e) Thugamar cuairt ar Dhaonpháirc Bhun Raite, Co. an Chláir, mar a fuaireamar éachtaint bhreá ar an réigiúnachas a bhaineann le tithíocht traidisiúnta na hÉireann, as scannánú a dhéanamh ar na tithe ceann tuí atá ar thaispeáint ann.
(f) Chaitheamar lá ag scanánú leis an tuíodóir Jimmy Lenihan i Muileann na hUamhan, Co. Thiobrad Árann, fear a bhfuil ana-chur amach aige ar stair na tuíodóireachta in Éirinn, chomh maith le bheith ina cheardaí fíor-chumasach.

Táimid ag gabháil don obair seo i gcónaí agus go leor fágtha gan déanamh go fóill. I bhfírinne, is léir dúinn gur tobar gan taoscadh í an scannánaíocht eitneagrafúil seo atá idir lámha againn: Níl deireadh leis na moltaí atá tagtha isteach chugainn maidir le hábhar scannánaíochta de, agus de réir is atá an obair ag dul ar aghaidh is ea is mó a chítear a thábhachtaí is atá sé go ndeanfaí é.

Clárú Digiteach ar Chultúr na Gaeltachta

Tá Roinn an Bhéaloidis ana-shásta leis an deis iontach a chuir airgead an SIS ar fáil chun teicneolaíochta comhaimseartha a úsáid i réimse an bhéaloidis. Tá cartlann agus bunchur saibhir, luachmhar eolais á chruthú a chuireann le heolas an duine ar imeachtaí agus ar cheirdeanna an chultúir thraidisiúnta in Éirinn. Is fianaise fíorluachmhar fianaise na súl a chuireann leis an léann agus leis an staidéar eitneagrafaíoch. Tugann sé taithí, cleachtadh agus tuiscint don eitneagrafaí agus don mic léinn araon agus cruthaíonn cartlann eolais don phobal ag an am gcéanna. Tá súil ag an Roinn cur leis seo agus tuilleadh taifead a dhéanamh le cabhair an airgid. Sa bhliain 2007 foilsíodh an DVD dar teideal Léann Dúchais Leictreonach: Trí Mhodúl den Léann Dúchais. Is tacaíocht fhoghlama an DVD seo do mhic léinn na Gaeilge agus an Léinn Dhúchais go háirithe. Tugann sé an béaloideas isteach sa rang ar shlí tarraingteach úsáideach nua-aoiseach. Tá sé I gceist na háiseanna múinteoireachta agus taighde a fheabhsú le clár bán idirghníomhach sa Roinn chun múineadh an bhéaloidis a fhorbairt san ollscoil agus sa tríú leibhél trína chéile. Baineann sé úsáid as (i) fianaise phríomhdha agus (ii) fianaise chartlainne chun béaloideas a mhíniú agus a chur I láthair an scoláire don chéad uair. Tá íomhánna, fuaimeanna agus scannáin ar an DVD idirghníomhach seo agus is áis réabhlóideach léinn anois é don scoláire.

Department of Folklore and Ethnology

Béaloideas agus Eitneolaíocht

5 Elderwood,College Rd Cork,Ireland

Top