LDL

Leann Dúchais Leictreonach

Is é atá sa Léann Dúchais ach géag léannta de dhámh mór an béaloideas agus na heitneolaíochta. Déanann an t-ábhar seo staidéar ar an gcultúr dúchasach nó ar an gcultúr ‘traidisiúnta’. Is é is cultúr dúchais ann ach cultúr an phobail; gnásanna, nósanna, cleachtaí nó seanchas. De ghnách bíonn réigiúin nó náisiúin faoi leith i gceist. Bíonn béaloideas domhanda, Eorpach nó Éireannach ann agus cosúlachtaí móra eatarthu ana-mhinic. Déanann an Léann Dúchais cúram den taobh ‘traidisiúnta’ nó den taobh ‘dúchasach’ den chultúr, is é sin le rá saol laethúil na ndaoine faoi mar a chaitheadh “fadó” é – ní fadó é go minc ach ó lá go lá – is suim leis an saol laethúil. Is eolaíocht shóisialta nó chultúrtha í an eitneolaíocht agus tá gaol aige leis an antraipeolaíocht.

Tá sé d’aidhm ag an Léann Dúchais cur le cumas an mhic léinn léamh cruthaitheach agus anailís thomhaiste ghéarchúiseach a dhéanamh agus a chur i bhfeidhm ar ábhar dúchasach nó eitneagrafaíochtúil nó béaloideasúil agus ar fhoirmeacha ilchineálacha cultúir a bhaineann le hÉireann agus tíortha eile nach í. Bíonn an Léann Dúchais Leictreonach ag iarraidh teacht suas le deiseanna taighde atá comhaimseartha trín dtaighde reatha, trín scannánú, trín ngriangrafadóireacht. Is suim leis moltaí taighde ar théamaí éagsúla a spreagadh agus a chur chun cinn ó cheann ceann na tíre. Cuireann sé deiseanna taighde ar fáil do lucht na Gaeilge.

Department of Folklore and Ethnology

Béaloideas agus Eitneolaíocht

5 Elderwood,College Rd Cork,Ireland

Top