Sample pages from Irish MSS

Sample pages from Irish language manuscripts in UCC Library

Lámhscríbhinní ón 18ú agus ón 19ú haois atá i gceist anso, agus is mar áis don bhfoghlaimeoir a bheadh ag iarraidh scríbhinní ón tréimhse sin a léamh atá na leathanaigh seo agus a mbaineann leo á gcur fáil.

Tuigtear, áfach, gur le hOllscoil na hÉireann, Corcaigh, an cóipcheart ar na híomhánna leictreonacha so, agus nach dleathach athúsáid a dhéanamh díobh gan cead ó údaráis leabharlainne na hOllscoile.

Táthar fé mhórchomaoin ag Vincent Morley as an gcló Gaelach ("Bunchló na Nod") a sholáthar agus a chur in oiriúint don obair seo.

Pádraig de Brún
Corcaigh
Meitheamh 2002

The Pages

An script Ghaelach atá iontu so, .i. an córas scríbhneoireachta (litreacha(91kB)) agus giorrúcháin (List of Common Manuscript Abbreviations(96kB)) a bunaíodh ar scríobh na Laidne mar a tugadh go hÉirinn i dteannta na Críostaíochta sa 5ú haois é, agus gur deineadh forbairt air do réir riachtanaisí na Gaeilge diaidh ar ndiaidh.

  1. Lch 203 de LS 1, an chuid deiridh de Sheanchas Gearaltach, Seán Ó Cléirigh a scríobh [i mBaile Átha Cliath], 1825

  2. Lch 1 de LS 11, leathanach teidil agus rann scríobhaí, Séamas Ó Caoindealbháin, fíodóir, a scríobh, i mBaile an Bháda, láimh le hEas Géitine, Co. Luimnigh, 1831

  3. Lch 152 de LS 21, an chuid deiridh de Bheatha Chríost, Seón Mac Solaidh a scríobh, i mBaile Hardaman, par. Thighe Calláin, Co. na Midhe [1720]

  4. Lch 112 de chuid (a) de LS 44, an chuid deiridh de Chaithréim Dháithí mhic Fhiachra, Mícheál [Óg] Ó Longáin a scríobh, i gCorcaigh, 1815

  5. Lch 328 de LS 62, an chuid deiridh d'Fhoras Feasa ar Éirinn, Eoghan Ó Caoimh a scríobh, do Hannraoi Mac Códa, i gCorcaigh, ar fuláireamh an Easpaig Eoin Baiste Mac Sleighne, 1703

  6. Lch 22 de LS 124, an chuid deiridh de Bhruidhean Chaorthainn, agus rann scríobhaí, Eoghan [Ruadh] Ó Súilleabháin, an file, a scríobh, 1773

  7. Lch 71 de LS 127, an chuid deiridh de Stair Shéarlais Mhóir, Labhrás Ó Tháran a scríobh, i mBaile Átha Cliath, 1781

  8. Lch 410 de LS 164, tosach litreach dar dáta 30 Iúil 1805 ó Dhonncha Ó Floinn i gCorcaigh go dtí an tAthair Pól Ó Briain, Ollamh na Gaeilge i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad; Seán Ó Dreada a scríobh an chóip seo, i gCorcaigh, 1827

  9. Lch 241 de LS xxviii de LSS Thorna, an chuid deiridh den Phaidir i ndán, Donnchadh Ó Súilleabháin [athair Amhlaoibh an Chín Lae, b'fhéidir] a scríobh, i gCill Áirne, 1787

Department of Modern Irish

Roinn na Nua-Ghaeilge

Áras Uí Rathaille, UCC

Top