LS21

LS21

[Breandán Ó Conchúir, Clár lámhscríbhinní Gaeilge Choláiste Ollscoile Chorcaí: cnuasach Uí Mhurchú (Baile Átha Cliath 1991) 50--52]


21

Beatha Chríost; filíocht

18ú haois. Páipéar. 20.5 x 16 cm. (an chéad dá bhileog ábhar níos lú). Lgh 190, uimhrithe [7]-190 (ag an scríobhaí), 191-202 (ag l.d. le peann luaidhe), ach 45 i ndiaidh 43, 46 fé dhó, 53 in ionad 73, 120 idir 120 agus 122, 226-9 in ionad 126-9, 118 (scriosta) i ndiaidh 141 agus 145 ar an gcéad lch eile, 156 i ndiaidh 153, 178 i ndiaidh 175, 181 fé dhó, agus 184 i ndiaidh 182. Scríobhaithe: (1) lgh [7]-190 (.i. an bhunLS, a bhfuil a tosach agus a deireadh caillte anois), Seón Mac Solaidh, 'a mBáile Hardaman, a bporráisde Thighthe Calláin, a mbarúntacht Slainghe, 7 a ccondae na Midhe, da charaid ionmhoin Domhnall Ó Maolríain' (lch 152); (2) lgh 191-202; gan dáta scríofa (ach an dáta 1743 le nóta gealltanais ar lch 145 im.). Is cosúil gurb í seo an ls le Sean Mac Solaidh ón mbliain 1720 a bhí ar díol ag Seán Ó Dálaigh sa bhliain 1842 (S. Ó Casaide, Ir. Book Lover 28 (1941) 44); ní foláir nó is ar cheann de na lgh atá caillte anois a bhí an dáta.

An chéad bhileog sailithe go mór, sa tslí go bhfuil cuid den téacs doléite; rian fliucháin ar na bileoga go léir, agus creimeadh ar imill na mbileog tosaigh. Clúdach de chraiceann lao (atá anois scaoilte) timpeall ar an ls; an ceangal tabhartha ar fad nach mór agus cuid de na bileoga scaoilte anois (e.g. lgh [7]-50, 191-202). An LS istigh i mbosca; uimhir na lse fé thrí ar an mbosca so, ar an gclúdach tosaigh (lasmuigh agus laistigh), agus ar an gclúdach deiridh (laistigh). 'Book of Acco[. . .] / Mary Harris[. . .] April / 1784' ar an gclúdach tosaigh (lasmuigh); 'tosnuighean ar líne 160' (le peann luaidhe) laistigh den chlúdach tosaigh, agus féna bhun san an uimhir '95'. Stampa 'Cork University Library' ar an gclúdach tosaigh (lasmuigh agus laistigh), ar an gclúdach deiridh (laistigh), agus ar lgh 21, 77.

In úsáid in eag. Á. Ní Chróinín, Beatha Chríost (Leabhair ó lss XVII, Baile Átha Cliath 1952): féach lgh xi-xiv.

Nótaí fánacha: (a) 117 im. deas, cliathánach. Suimiú airgid. (b) 131 im. deas, cliathánach. Nóta (doiléir) a bhfuil an t-ainm 'Mlaughlin O Kally' ina dheireadh. (c) 145 im. deas, cliathánach. 'I promise to pay the owner of this book Mrs. Mary Bourk [?] of Creggane or her son in law Mr Laughlin Kelly of Kilgarry [?] or any of their orders the sum of five pounds [. . .] this 17th day of 9 er 1743'. Blúire beag páipéir istigh sa ls agus an méid seo scríofa air: 'The first part of this MS is a Life of Our Lord and the memorable events recorded in the Gospels. It is written in verse. The other portions are moral lessons such as the "pains of Hell" and the "glory of Heaven", the whole written by John Mac Solley, a scribe from Slane, Co. Meath. It is imperfect in three different places'.

lch

[7]. ['Beatha Chríost.' Sé lá bhí Dia 'na bhriathraibh caoine.] Tos. gan an tús Adubhairt Adhamh dá fhreagra: ar ccloistion ' fhuighle [= Ní Chróinín, Beatha Chríost, 12 líne 157; malairtí ón gcóip seo ibid., passim]. 3782 líne, roinnte i 7 gcaibidil (uimhrithe [1]-6, 8). Lean. (lch 152.16): 'Finis. Ar na sgriobhadh le Seón Mac Solaidh a mBáile Hardaman, a bporráisde Thighthe Calláin, a mbarúntacht Slainghe, 7 a ccondae na Midhe, da charaid ionmhoin Domhnall Ó Maolríain .i. ardollamh Eiren do réir mar thaisbeanas sé faoí laimh gach aoín inna leabhair eile ata aige, 7 gabham ó gach áon le leaghfer no le ccluinfighthear an beagshaothar so, mar dhuaís ar son go a bhfuaras do dhuadh agus do dochar leis, beanacht do thabhairt le hanmoin an sgribhneora. Amen'.

153. 'Tracht phreimhe ar ccréidimh.' Gach moladh gloire onora is buidheachais. 14 v.

157.9. 'Tracht ar theacht laoí an bhreiteamhnais 7 ar na comhartha thiocfas roímhe.' Ni thug an tAthar da ainglibh dísle. 104 + 19 ('Do phianntuibh iffrinn annso', lch 173.18) + 7 ('A chontraill sin don anam bheanaigh', lch 178.20) + 5 ('Ag so comhradh an breithim ann so sios', lch 179.25) + 63 V2 r. ('Do ghlóir flaiteamnais', lch 180.20). Neamhiomlán (f.c. is,lch 190).

191. lomdha úaisle ag an eagna. 37 r.

194.14. 'Eochaidh O hEoghusa cc.' Mór an tainm ollamh flatha. 43 r.

199. 'Eochaidh O hEoghusa cc.' Deacar fóghnamh ar thoil da tigherna. 20 r.

Department of Modern Irish

Roinn na Nua-Ghaeilge

Áras Uí Rathaille, UCC

Top