Nuacht 2018

Bronnadh an Ard-Dioplóma sa Ghaeilge 2018

Bronnadh Ard-Dioplóma sna hEalaíona (Gaeilge) ar thriúr dár gcuid mac léinn le déanaí.

Seimineár ar Cháipéisí Dlí

Cuirfear tús leis an seimineár seachtainiúil ar na cáípéisí dlí, fé stiúr an Ollaimh Ó Macháin, Dé hAoine an 2 Feabhra 2018, Seomra G.20, 3 p.m.

Ceardlann Fostaíochta

Ó chlé: Alswyn Ní Aonghusa Ní Dhúill, Aisling Ní Dhonnabháin, Seán Mac an tSíthigh, Brían Tyers, Faye Murphy.

Ar an 29ú de mhí Eanair, d'eagraigh An Chuallacht ceardlann fostaíochta do mhuintir Gaelainne na hOllscoile. Bhí triúir aoichainteoirí i láthair: Seán Mac an tSíthigh ó RTÉ, Brían Tyers ó TG4 agus Alswyn Ní Aonghusa Ní Dhúill ó Chonradh na Gaeilge. Labhraíodar fé phostanna san Aontas Eorpach, na meáin chumarsáide agus fén obair a dhéantar i gcomhlachtaí ar nós Conradh na Gaeilge, Gael Linn agus Glór na nGael.

Seoladh dhá leabhar

Isobel Ni Riain

Seoladh dhá leabhar leis an nDr Isobel Ní Riain le déanaí: Cnuasach aistí (critic) agus B'as Éirinn di (úrscéal). An Dr Ailbhe Ní Ghearbhaigh a sheol. Coiscéim na foilsitheoirí.

Bronnadh na nIarchéimeanna, earrach 2018

2018 Liam O Riain MPhil agus an tOllamh Padraig O Machain

MPhil: Liam Ó Riain MPhil agus an tOllamh Ó Macháin 


2018 Sile Ni Dhonnabhain MA agus An Dr Sile Ni Mhurchu

MA Gaeilge agus Dlí na hEorpa: An Dr Síle Ní Mhurchú agus Síle Ní Dhonnabháin MA


2018 Graduates Noirin Gannaon agus Mary Ward MA Gaelic Literature

Online MA in Gaelic Literature: Beirt de shlua seachtair: Nórín Gannaon (Maigh Eo) agus Mary Ward (California)

Cuairt an fhile Nuala Rua chuig an Roinn

Cúis áthais ab ea é dúinn fáilte a chur roimh aluma de chuid Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, an mórfhile, Nuala Ní Dhomhnaill. Labhair sí le Bliain na Céime atá ag déanamh staidéir ar a saothar agus is iomaí ceist a chuir na mic léinn uirthi. Léigh an file a cuid filíochta ag ócáid thaitneamhach a bhí oscailte don bpobal ar an 13 Márta 2018.

An file Nuala Ni Dhomhnaill at labhairt le Bliain na Ceime UCC

Nuala ag labhairt le Bliain na Céime

 

Nuala Ni Dhomhnaill ag leamh i UCC

Nuala ag léamh ag ócáid phoiblí sa Chearnóg, 13.3.2018

 

Ailbhe Ní Ghearbhuigh i dTeach Uíbh Eachach

Ailbhe Ní Ghearbhuigh ag leamh i dTeach Uibh Eachach

Fuair an Dr Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Roinn na Nua-Ghaeilge, cuireadh chun a cuid filíochta a léamh i dTeach Uíbh Eachach le linn Sheachtain na Gaeilge.

Seimineár Dlí

Seimineár Dlí

Cuid dár lucht seimineáir a bhfuil téacsaí a bhaineann le Muintear Eólais sa séú haois déag á bplé acu fé láthair.

Léachtóireacht Sa Nua-Ghaeilge

Ceapachán sainchuspóra (Ré réamh-mheasta de 3 bliana)

Is mian le Coláiste na hOllscoile Corcaigh duine a cheapadh ina Léachtóir le Nua-Ghaeilge fé bhun an bhaic ar socrú ceapacháin shainchuspóra. Beidh speisialtóireacht ag an Léachtóir i dteanga, litríocht agus i bhfoinsí bunaidh na Nua-Ghaeilge Moiche. Beidh sé/sí freagrach do Cheann Roinn na Nua-Ghaeilge, agus beidh dea-theist air/uirthi maidir le teagasc agus taighde a dhéanamh i réimse na Nua-Ghaeilge Moiche. Beidh coinne, chomh maith, go gcuirfidh sé/sí le tograí agus tionscadail reatha eile de chuid Roinn na Nua-Ghaeilge, idir theagasc agus thaighde.

Tá le tabhairt faoi deara go bhféadfadh Grinnfhiosrúchán de chuid an Gharda Shíochána, agus/nó faomhadh ó phóilíní idirnáisiúnta, bheith ina chuid den bpróiseas roghnúcháin.
Tá pacáiste eolais ina bhfuil sonraí an phoist, na critéir roghnaithe agus eolas faoin bpróiseas iarratais le fáil ag www.ucc.ie/hr/vacancies . Tharlódh go ndéanfadh an Ollscoil, do réir mar ba mhian léi, ceapachá(i)n b(h)reise ón gcomórtas seo nuair a bheidh an próiseas i gcrích.
Is féidir fiosrúcháin neamhfhoirmiúla a dhéanamh faoi rún leis an Ollamh Pádraig Ó Macháin: Guthán: 021 4902340, Ríomhphost: p.omachain@ucc.ie. Maidir le heolas breise ar Roinn na Nua-Ghaeilge, téigh led thoil go dtí http://www.ucc.ie/en/modern-irish/
Déanfar ceapachán ar Scála Tuarastail: €33,149 – €58,547 (Scale B); €34,972-€55,710 (Scale A). Tosnóidh an té a cheapfar ar an gcéad phointe de scála tuarastail:
Ní foláir iarratais a dhéanamh ar líne tré thairseach na bhfolúntas ar shuíomh idirlín Choláiste na hOllscoile Corcaigh. Ba cheart aon cheist i dtaobh an phróisis seo a thagairt do recruitment@ucc.ie agus teideal an phoist a lua.
Ba cheart d'iarrthóirí iarratas a dhéanamh, i muinín, roimh 12 meán lae (Am Áitiúil na hÉireann) ar an Déardaoin 24 Bealtaine 2018.
Ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha.

Fostaitheoir Comhionannas Deiseanna é Coláiste na hOllscoile Corcaigh

Tá le tabhairt faoi deara, led thoil, go mbraithfidh ceapachán ar bith ar fhaomhadh na hOllscoile, chomh maith le téarmaí an chreata rialaithe fostaíochta don earnáil tríú leibhéil.

Contact Person : Ollamh Pádraig Ó Macháin

Contact Email : p.omachain@ucc.ie

Job ID: 029811  
Close Date : 24-May-2018 12:00
Click on the link here to view documents and information

 

Cambridge History of Ireland

Aidan Doyle, David Edwards and Andy Bielenberg - contributors to Cambridge History of Ireland

An Dr Aidan Doyle, Roinn na Nua-Ghaeilge, i gcomhluadar Dave Edwards agus Andy Bielenberg ó Roinn na Staire, ar ócáid sheoladh The Cambridge History of Ireland. Tá alt ag Aidan sa leabhar.

Bronnadh cáipéisí

Dhein an Dr Mícheál Briody (i dteannta Elaine Harrington, Leabharlann UCC) an dara cuid dá bhronnadh flaithiúil de cháipéisí agus leabhair a bhain leis an Dr Mícheál P. Ó hIceadha (1861-1916) ar Chartlann na Leabharlainne le déanaí.

Gradam na Gaeilge

Bronnadh gradam na Gaeilge ar Chárthach Ó Faoláin le déanaí (lena athair Dónall anso, agus an tOll. Ó Macháín).

Bronnadh Céime Dochtúireachta

Doctoral conferring

An tOllamh Patrick O'Shea, Uachtaráin UCC, an Dr Andrea Palandri agus an tOllamh Pádraig Ó Macháin

Comhghairdeachas le hAndrea Palandri ar bronnadh céim PhD air le déanaí. Ar eachtra Mharco Polo mar a faightear i Leabhar Leasa Móir í is ea bhunaigh Andrea a thráchtas. An tOllamh Ó Macháin a stiúraigh.

An Chuaird Ríoga

An Oghamchraobh á léiriú ag an Dr Neil Buttimer don bPrionsa Séarlas, le cabhair solaoidí ó chnuasach iomráiteach chloch Ogham Ollscoil Chorcaí.

Seimeastar Gaeltachta 2018-19

Group photograph, Gaeltacht semester 2018-2019

Mic léinn ón dara bliain (Gaeilge agus Stair) i mbun an chéad sheimeastar a chaitheamh i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Seo é an chéad uair a beartaíodh ar a leithéid, agus an fhoghlaim sholúbtha i gcroílár na hoibre. Socru comhpháirtíochta is ea é seo idir Roinn na Nua-Ghaeilge, An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne.

Gradam Alumni, Dr Ailbhe Ní Ghearbhuigh

Dr Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Alumni Award, NUIG

Comhghairdeas lenár gcomhghleacaí, an Dr Ailbhe Ní Ghearbhuigh, ar bronnadh Gradam Alumni don Ghaeilge uirthi in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, le déanaí.

Mic léinn Máistreachta ag taispeántas i nDánlann Crawford

2017 MA Creative Writing at Crawford Art Gallery Cork

Mic léinn Máistreachta atá ag déanamh staidéir ar an Scríbhneoireacht Chruthaitheach ag taispeántas i nDánlann Crawford le déanaí. Tuilleadh eolais faoin MA sa Nua-Ghaeilge: https://www.ucc.ie/en/modern-irish/postgraduate/ma-taught/ nó déan teagmháil leis an Dr Ailbhe Ní Ghearbhuigh.

Gearrscéalaí Colm Ó Ceallacháin i UCC

Colm O Ceallachain with GA2019 students

Thug an gearrscéalaí Colm Ó Ceallacháin an-chaint uaidh mar gheall ar a leabhar I dTír Mhilis na mBeo (Cois Life, 2017) do mhic léinn GA2019, cúrsa a mhúineann an Dr Isobel Ní Riain. Is go paiteanta a chuir sé síos ar a phróiseas cruthaitheach féin. Bhí seimineár bríomhar aige le lucht MA sa Nua-Ghaeilge atá ag déanamh cúrsa sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach leis an Dr Ailbhe Ní Ghearbhuigh. Labhair sé mar gheall ar a thaithí i dTír na mBascach anuraidh, áit ar chaith sé tréimhse ag scríobh mar chuid den togra Eorpach 'Focail Eile' (féach http://focaileile.ie/). Scéim chónaitheach í seo do scríbhneoirí mionteangacha (an Ghaeilge, an Mhacadóinis, an Bhascais, an Fhréaslainnis) agus tá sé d'aidhm ag an scéim béim a chur ar thábhacht na héagsúlachta teanga. Faoi chúram Foras na Gaeilge atá an scéim in Éirinn. Is mór an t-uchtach a fuair Colm óna sheal thar lear. Sa phictiúr seo tá Colm, Ailbhe agus roinnt de mhic léinn an MA sa Nua-Ghaeilge, Antóin, Nicole, Sinéad agus Caoilann.

An dráma ‘Scorach Ghlionnáin’

Cast of 'Scorach Ghlionnain', 2018

Léirigh an Cumann Drámaíochta an dráma ‘Scorach Ghlionnáin’ le Brian Ó Baoill ar an 23ú Deireadh Fómhair sa Spailpín Fánach. D’éirigh go hiontach leis an dráma agus bhí slua mór i láthair. Aisling Nic Cárthaigh a léirigh an dráma agus bhí suas le 20 duine páirteach ann. Treise leo!

Mic léinn GA3008 agus Darach Ó Scolaí

Seminar with Darach O Scolai

Thug an t-úrscéalaí, drámadóir agus foilsitheoir Darach Ó Scolaí cuairt ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh le déanaí. Labhair sé le mic léinn GA3008 faoin úrscéal comhaimseartha, cúrsa a mhúineann an Dr Eimear Ní Chinnéide. Ina dhiaidh sin, bhí seimineár neamhfhoirmeálta aige le mic léinn an MA sa Nua-Ghaeilge sa Seomra Caidrimh ina raibh deis acu go leor ceisteanna a chur air faoina shaothar, faoi chúrsaí ficsin as Gaeilge agus faoin bhfoilsitheoireacht. Tugadh cuireadh dó mar chuid den modúl sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach a stiúrann an Dr Ailbhe Ní Ghearbhuigh. Bhí an Dr Isobel Ní Riain páirteach sa phlé chomh maith; múineann sí cúrsa ar fhilíocht Nuala Ní Dhomhnaill agus Biddy Jenkinson mar chuid den MA sa Nua-Ghaeilge.

Roinn na Nua-Ghaeilge

Department of Modern Irish

Áras Uí Rathaille, UCC

Barr