Nuacht 2018
Cuairt an fhile Nuala Rua chuig an Roinn, 2018
16 Márta 2018

Cúis áthais ab ea é dúinn fáilte a chur roimh aluma de chuid Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, an mórfhile, Nuala Ní Dhomhnaill. Labhair sí le Bliain na Céime atá ag déanamh staidéir ar a saothar agus is iomaí ceist a chuir na mic léinn uirthi. Léigh an file a cuid filíochta ag ócáid thaitneamhach a bhí oscailte don bpobal ar an 13 Márta 2018.
Nuala ag léamh ag ócáid phoiblí sa Chearnóg, 13.3.2018 / Nuala giving a public reading in the Council Room, 13.3.2018