Aonad Teagaisc

Aonad Teagaisc

Is iad oiliúint agus forbairt intleachtúil an mhic léinn príomhchuspóirí Roinn na Nua-Ghaeilge. Déanann an tAonad Teagaisc comhordú ar an obair thábhachtach sin.

Bíonn dhá ghné ag an teagasc: (a) litríocht na Gaeilge, agus (b) scríobh agus labhairt na teangan.

I léachtaí agus i ranganna beaga -- ranganna teagaisc agus ranganna comhrá -- a tharlaíonn formhór an teagaisc. Bíonn ranganna deireadh seachtaine sa Ghaeltacht á dtiomáint chomh maith.

Taighde sa Rang

Tá taighde sa rang ar bun anois i Roinn na Nua-Ghaeilge ag leibhéal na fochéime.

Ón gcéad bhliain ar aghaidh, téann mic léinn amach ar bhunfhoinsí na Gaeilge agus faigheann buneolas ar sean-scríbhinn na Gaeilge. Nuair a bhaineann said an tríú bliain amach, bíonn said i gcumas tógaint ar an bhforas seo agus tabhairt faoi thionscnaimh eagarthóireachta sa rang.

Ar na tionscnaimh atá ar siúl faoi láthair tá eagrán d’fhilíocht áirithe a cumadh i gCorcaigh go luath sa naoú haois déag.

Tráchtáil agus Dlí

Ní bhíonn an teagasc teoranta go hiomlán ag cúrsaí litríochta ná ag cúrsaí labhartha agus scríbh. Tá nascanna foirmiúla ag Roinn na Nua-Ghaeilge le Dámh na Dlí agus Dámh na Tráchtála. Cuid den teagasc, dá réir sin, baineann sé le nithe tábhachtacha ar nós staidéar a dhéanamh ar Bhunreacht na hÉireann, nó ar an nGaeilge fheidhmiúil mar a léirítear i gcúrsaí dlí agus gnó í. Baineann cuid d'obair an Aonaid Teagaisc le taithí oibre a reachtáil do mhic léinn le comhlachtaí gnó sa Ghaeltacht agus lasmuigh.

Is féidir le mic leinn na Tráchtála bliain a chaitheamh in Albain, más rogha leo, in Ollscoil Obar Dheathain nó in Ollscoil Dhún Éideann, faoi scéim Erasmus.

Roinn na Nua-Ghaeilge

Department of Modern Irish

Áras Uí Rathaille, UCC

Barr