Tomás L. Ó Murchú

Tomás L. Ó Murchú

Léachtóir i Roinn na Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.

Corcaíoch, a tógadh le Gaeilge, agus a bhfuil ceangal muintire aige leis an nGráig in iarthar Chorca Dhuibhne is ea Tomás L. Ó Murchú.

Is iad na réimsí scolártha is suim leis: forbairt agus saothrú na filíochta aiceanta ó c. 1600 ar aghaidh; traidisún amhránaíochta na Mumhan; foclóir iar-chlasaiceach na Gaeilge; teanga agus traidisiúin bhéil agus liteartha Chorca Dhuibhne.

Tá tréimhsí caite aige ag léachtóireacht ar litríocht agus ar theanga na Gaeilge in Ollscoil Éireann, Gaillimh (2 bhliain), Ollscoil Ottawa, Canada (bliain), Ollscoil Mhá Nuad (bliain).

Tá sé ina chathaoirleach ar Choiste Cheiliúradh an Bhlascaoid agus ina eagarthóir ar Iris Cheiliúradh an Bhlascaoid.

Roinn na Nua-Ghaeilge

Department of Modern Irish

Áras Uí Rathaille, UCC

Barr