Fochéimithe

Mic Léinn Reatha: Eolais Ginearalta

Cuir do cheist i ríomhphostas go dtí ball foirne, nó go dtí an oifig.

Litriú agus Gramadach

Ní thugann Roinn na Nua-Ghaeilge Díolúine Litrithe ná Gramadaí do mhic léinn a thugann faoi na modúil GA mar is gné thábhachtach de gach modúl é go gcuireann na mic léinn lena dtuiscint ar an litriú agus ar an ngramadach, agus is toradh foghlama lárnach é seo sna modúil teanga GA1002, GA1003, GA2001, GA2010, GA2029, GA3001 agus GA3035.

Molaimid do mhic léinn atá cláraithe leis an Seirbhís Tacaíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas dul i dteangmháil lena léachtóirí i dtosach gach seimeastair chun eolas a fháil ar an dtacaíocht atá ar fáil dóibh.

Cúrsaí Fochéime

There are a number of Modern Irish courses available at UCC that can be taken as part of your degree studies.

Céimeanna

Éist le Siobhán, mac léinn reatha, ag caint faoin a taithí ar an gcúrsa CK124 B.Ed. Gaeilge:

Roghanna solúbtha

Is féidir modúil sa Nua-Ghaeilge a roghnú mar chuid de chóras na ‘roghanna solúbtha’. Tógtar na modúil ar an gcuma seo ar mhórán cúiseanna. Mar shampla, dob fhéidir le duine na modúil chéidbhliana GA1003 (15 creidiúintí) nó GA1002 (10 gcreidiúintí) a roghnú díreach ar bhonn feabhsaithe phearsanta, nó ar mhaithe le réamhullmhúchán a dhéanamh i gcomhair an Ard-Dioplóma san hEalaíona (Nua-Ghaeilge).

Treoracha ginearálta i dtaobh aistí a scríobhtar mar chuid d'obair mhodúil

Beidh a choinníollacha féin ag gach léachtóir maidir le faid, spriocdhátaí, agus nithe eile a bhaineann le haistí modúil, agus ba cheart éisteacht a thabhairt don gcomhairle a chuirtear ar fáil sna léachtaí ina thaobh seo.

Treoracha Ginearálta

Is cóir gach aiste ins gach modúl a shíneadh isteach trí Canvas.

Má theastaíonn ó léachtóirí aonair go gcuirfí aistí chucu mar cheangaltáin ríomhphoist, chomh maith, cuirfear é sin in iúl do na mic léinn.

Do shaothar féin atá le bheith san aiste. Ní ceadmhach duit obair i bpáirt le mac léinn eile sa rang i scríobh na haiste.

An aiste a chlóscríobh. Bain úsáid as spásáil dhúbailte chun an ceartú a éascú. Tabhair na príomhfhoinsí agus na foinsí tánaisteacha i ‘Leabharliosta’.

 

Treoir do theistiméireachtaí

Tá na coinníollacha a leanas le comhlíonadh acu siúd ar mian leo go scríobhfaí teistiméireacht dóibh:

  1. An té go bhfuil teistiméireacht uaithi / uaidh, caithfidh a leithéid a lorg ar an léachóir trí seachtainí ar a laghad roimh an spriocdháta faoina gcaithfidh an t-iarratas a bheith istigh.
  2. Is cóir an t-eolas a leanas a thabhairt do scríbhneoir na teistiméireachta: uimhir chláraithe an mhic léinn i UCC, an cúrsa a lean agus na blianta ina raibh á thógaint seo, a c(h)uid sonraí teagmhála (seoladh poist, seoladh ríomhphoist agus uimhir gutháin).
  3. Is ceart don iarrthóir CV cuimsitheach suas chun dáta a sholáthar don léachtóir mar chabhair chun an teistiméireacht a ullmhú.
  4. Caithfidh an mac léinn a rá an mar chóip chrua nó an i bhfoirm leictreonach atáthar ag lorg na teistiméireachta.
  5. Más mar chóip chrua é, iarrtar ar an mhac léinn a chur in iúl an gá don léachtóir cúl an chlúdaigh litreach a shíniú.
  6. Ní mór don mhac léinn sonraí teagmhála (seoladh poist, seoladh ríomhphoist agus uimhir teileafóin) an duine / na hinstitiúide a thabhairt atá leis an teistiméireacht a fháil, agus an dáta a lua faoina gcaithfidh an teistiméireacht a bheith istigh.

An Bhradaíl agus an Intleacht Shaorga

An Bhradaíl

Nuair a shíneann tú aiste nó aon obair scríofa eile isteach go dtí Roinn na Nua-Ghaeilge, tá tú á dhearbhú gur leat féin an obair seo agus gur tú féin a scríobh í. Má úsáideann tú sleachta as obair a dhein duine nó daoine eile (aistí le mic léinn eile, téacsanna foilsithe, nótaí nó sleamhnáin an léachtóra, etc), is ionann sin agus bradaíl. Náid an marc a bhronntar ar obair de ghnáth má tá fianaise ann go bhfuil bradaíl déanta.

I gcásanna áirithe, ceadaítear do mhic léinn sleachta gearra as saothair fhoilsithe le daoine eile a úsáid ina gcuid oibre ach ba chóir úsáid a bhaint as córas tagartha acadúil – tabharfaidh an léachtóir treoracha duit.

 

Tá breis eolais ar fáil ag na naisc seo a leanas:

Polasaí Bradaíola na hOllscoile: UCCPlagiarismPolicy-V5.1-2023_.pdf [PDF]

Treoir ó Leabharlann na hOllscoile: Plagiarism - Academic Integrity - UCC Library at University College Cork [PDF]

 

An Intleacht Shaorga (ChatGPT agus araile)

Níl sé ceadmhach do mhic léinn úsáid a bhaint as uirlisí aistriúcháin ná bogearraí scríbhneoireachta a bhaineann úsáid as an intleacht shaorga, Google Translate agus ChatGPT san áireamh, chun aistí agus tascanna eile a scríobh. Ní bhronnfar marcanna ar obair a deineadh le bogearraí den sórt seo.

Roinn na Nua-Ghaeilge

Department of Modern Irish

Áras Uí Rathaille, UCC

Barr