Dea-scéalta tagtha chugainn ó bheirt chéimithe dár gcuid: Foilsíodh cnuasach filíochta le Siobhán Ní Dhomhnaill (BCL Dlí agus Gaeilge 2018, MA sa Ghaeilge agus i nDlí na hEorpa 2019) agus Antóin Ó Dúlaing (BA 2018, MA sa Nua-Ghaeilge 2019)
Read moreNuacht
-
An chruthaitheacht faoi bhláth
06 Feabh 2021 -
Leabhar Leasa Móir tugtha go buan do Choláiste na hOllscoile, Corcaigh
28 DFómh 2020Tá Diúc Devonshire, tré Iontaobhas Chatsworth, tar éis Leabhar Leasa Móir (Leabhar Méig Carthaigh Riabhaigh), a bhronnadh ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Read more -
Duaiseanna Ollscoil na hÉireann
09 Noll 2020Comhghairdeachas le beirt dár guid mac léinn a bhain ard-duaiseanna Ollscoil na hÉireann le déanaí: Seán Gunning: Duais Chiste Theach an Ardmhéara sa Ghaeilge 2020 agus Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin: Scoláireacht Liteartha an Dra H H Stewart Literary sa Ghaeilge.
Read more -
Comhghairdeachas leis an Dr Aidan Doyle as foilseachán atá díreach tagtha amach
09 Noll 2020North American Gaels: speech story and song in the diaspora (McGill-Queen's University Press 2020)
Read on mqup.ca -
Taighde ar Lámhscríbhinní na Gaeilge
19 Lún 2020An tOllamh Ó Macháin agus Veronica Biolcati (mac léinn PhD) ag déanamh staidéir XRF ar dhúch Leabhar Ua Maine. Úsáidtear x-ghathanna chun léamh a dhéanamh ar eilimintí an dúigh. Lúnasa 2020. Tionscnamh é seo atá fé choimrí na Comhairle um Thaighde in Éirinn.
Read more -
Duais IRC bainte ag Dr Ken Ó Donnchú
08 Beal 2020Tá duais de chuid na Comhairle Taighde bainte ag an Dr Ken Ó Donnchú mar chúnamh dó sa chomhdháil ar an aistriúchán ('Tintúd') a bheidh á heagrú agus á seoladh i 2021 aige.
Read more -
Saothrú Taighde
28 Feabh 2020An tOllamh Pádraig Ó Macháin agus a chomhghleacaithe (Veronica Biolcati, an Dr Fenella France agus Meghan Wilson) i mbun oibre ar lámhscríbhinní na Gaeilge le déanaí mar chuid dá thionscnamh fén gComhairle um Thaighde in Éirinn.
Read more -
Duais Liteartha bainte ag an Dr Ailbhe Ní Ghearbhuigh
28 Feabh 2020Tá Duais thábhachtach Liteartha Uí Sheachnasaigh bainte ag an Dr Ailbhe Ní Ghearbhuigh as a leabhar The Coast Road. Bronnfar an duais uirthi mí Aibreáin in Ollscoil San Tomás, Minneapolis.
Read more -
Bronnadh Céime an Earraigh
20 Feabh 2020Mic léinn ón MA sa Nua-Ghaeilge agus ón MA sa Ghaeilge agus Dlí na hEorpa.
Read more -
Bronnadh Céime an Earraigh
20 Feabh 2020Cuid de bhuíon an MAGlit i dteannta an Uachtaráin, Pádraig Ó Sé, agus an Ollaimh Pádraig Ó Macháin.
Read more -
Seimineár Taighde ar na Scéalta Rómánsaíochta / Research Seminar on the Irish Romantic Tales
28 Samh 2019Cainteoiri/Speakers
Andrea Palandri, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Atha Cliath/DIAS
Deirdre Nic Chárthaigh, Ollscoil Mhá Nuad/Maynooth University
Ken O Donnchú, Coláiste na hOllscoile Corcaigh/UCC
Bernadette Smelik, Ollscoil Radboud/Radboud University
Síle Ní Mhurchú, Coláiste na hOllscoile Corcaigh/UCCUCC, 30 Samhain 2019
Read more -
Ambasadóirí Chorcaí
16 Noll 2019Bronnadh gradam de chuid 'Ambasadóirí Chorcaí' ar an Ollamh Pádraig Ó Macháin le déanaí as comhdhálacha idirnáisiúnta a eagrú le tamall anuas.
Read more -
2019 Duais Uí Longáin
01 DFómh 2019Is é Darragh Ó Caoimh, mac léinn Dlí agus Gaeilge, a bhuaigh Duais Uí Longáin in 2019.
Read more -
Labhairt na Gaeilge Siompósiam Lae
05 MFómh 201913 Meán Fómhair, 2019
9.30r.n. – 4.30i.n.Seomra Seimineáir CACSSS, Áras Uí Rathaille, Coláiste na hOllscoile Corcaigh
Read more -
Comhghairdeas le Siobhán Ní Dhomhnaill
25 Meith 2019Comhghairdeas ó chroí le Siobhán Ní Dhomhnaill, iníon léinn an MA sa Dlí agus Gaeilge, a bhain duais mhór ag Seachtain na Scríbhneoirí i Lios Tuathail le déanaí dá cnuasach filíochta neamhfhoilsithe. Cnuasach dátheangach a bhí ann agus d’aithin an moltóir, Thomas McCarthy, mianach an fhile óig seo. Rinne Siobhán an modúl GA6035 An Scríbhneoireacht Chruthaitheach leis an Dr Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus d’fhreastail sí ar an gceardlann neamhfhoirmeálta a bhíodh ar siúl sa Seomra Caidrimh. Táimid ag tnúth go mór leis an leabhar a fheiscint i gcló!
Read more -
Filíocht
17 Meith 2019Comhghairdeas le Darragh Ó Caoimh, mac léinn Dlí agus Gaeilge, a bhfuil dánta leis in eagrán an Mheithimh de Comhar. Ghlac sé páirt sa Cheardlann Scríbhneoireachta a bhí ar siúl Seomra Caidrimh i Seimeastar a 2 i mbliana. Treise leat, a Dharraigh!
Read more -
Ailbhe Ní Ghearbhuigh ar Raidió na Gaeltachta
12 Meith 2019Craoladh aiste lenár gcomhghleacaí, an Dr Ailbhe Ní Ghearbhuigh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le déanaí. Bhain an clár le sraith nua dar teideal ‘Meascra.’ Scríobh Ailbhe píosa machnamhach ar an anáil, an Ríordanach, galar na scamhóg agus saolú linbh. Is féidir éisteacht leis an mír anseo: https://www.rte.ie/gaeilge/2019/0610/1054530-anail-le-hailbhe-ni-ghearbhuigh/
Read more -
Gaelcholáiste Thraolaigh Mhic Shuibhne
20 Beal 2019Beidh Gaelcholáiste Thraolaigh Mhic Shuibhne ag tosnú amach Meán Fómhair na bliana seo. Tháinig daltaí, tuismitheoirí agus múinteoirí na scoile ar cuaird chughainn le déanaí.
Read more -
Lá na Scoileanna Gaeilge
17 Beal 2019Chuir an tUachtarán Pádraig Ó Sé agus an tOllamh Pádraig Ó Macháin fáilte mhór roimh na scoileanna a tháinig chughainn chun Lá na Scoileanna Gaeilge a cheiliúradh le déanaí.
Read more -
Ceardlann filíochta
13 Márta 2019Bhí ceardlann filíochta ar siúl sa Seomra Caidrimh an mhí seo caite faoi stiúir an Dr Ailbhe Ní Ghearbhuigh.
Read more -
Brexit: an Béarla agus an Ghaeilge
13 Márta 2019Dúshláin fhéideartha tar éis Brexit: an Béarla agus an Ghaeilge
Read more -
Seoladh Leabhar na Longánach
10 Márta 2019Triúr d'údair aistí Leabhar na Longánach: Joan Rockley, Padraig Ó Macháin and Margaret Lantry.
Read more -
Bronnadh Céime
21 Feabh 2019Roinnt mhac léinn de chuid an MA in Gaelic Literature, lá bhronnadh na gcéimeanna le déanaí.
Read more -
GA6036 – Ceardlann Filíochta
19 Feabh 2019Chuaigh grúpa mac léinn Máistreachta siar go Corca Dhuibhne le déanaí mar chuid den modúl GA6036 Ceardlann Filíochta faoi stiúir an Dr Ailbhe Ní Ghearbhuigh. Labhair Seán Mac a’ tSíthigh, iriseoir físe de chuid RTÉ, leis an ngrúpa faoin gcur chuige atá aige agus é ag cur scéalta i dtoll a chéile. Leag sé béim ar an tábhacht a bhaineann le gaiscí an phobail a cheiliúradh agus a chur faoi bhráid an tsaoil mhóir ar an Nuacht.
Read more -
Banlaoch an Rince
22 Ean 2019I gcomórtha an bhua mhóir a bhí ag Nada Ní Chuirrín in Oireachtas na Gaeilge 2018, bhronn Roinn na Nua-Ghaeilge leabhar (Psaltair na Rinne) de leabhraibh a sin-seanoncail, Seán Ó Cuirrín, uirthi le déanaí. Nada agus a máthair Tanya atá i bhfochair mhuintir na Gaeilge sa ghrianghraf.
Read more -
Comóradh Dáil Éireann 1919
21 Ean 2019An tEaspag Paul Colton, Deoiseas Chorcaí (Eaglais na hÉireann), agus an tUasal Conor Nelligan, Oifigeach Oidhreachta, Comhairle Contae Chorcaí, in éineacht leis an nDr Neil Buttimer, a thug léacht faoi chruinniú tosaigh na Chéad Dála (21 Eanáir 1919) ar ócaid chomórtha céad bliain na Dála sin a d’eagraigh Coiste Cuimhneacháin Chomhairle Contae Chorcaí (21 Eanáir 2019).
Read more -
Aduaidh 2018
07 Ean 2019 -
An Dr Aidan Doyle in Ollscoil Notre Dame
11 Noll 2018Thug Aidan Doyle turas ar Insititiúid Keough in Ollscoil Notre Dame níos deanaí.
Read more -
Duaiseanna Ollscoil na hÉireann 2018
26 Samh 2018Buaiteoirí duaiseanna Ollscoil na hÉireann
Read more -
Cuairt Róisín Sheehy
14 Samh 2018Tháinig Róisín Sheehy ar cuairt chugainn le déanaí chun labhairt le mic léinn an MA sa Nua-Ghaeilge faoin dráma a scríobh sí 'Snámh na Saoirse.'
Read more -
Mic léinn GA3008 agus Darach Ó Scolaí, 2018
06 Samh 2018Thug an t-úrscéalaí, drámadóir agus foilsitheoir Darach Ó Scolaí cuairt ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh le déanaí.
Read more -
Gearrscéalaí Colm Ó Ceallacháin i UCC, 2018
25 DFómh 2018Thug an gearrscéalaí Colm Ó Ceallacháin an-chaint uaidh mar gheall ar a leabhar I dTír Mhilis na mBeo (Cois Life, 2017) do mhic léinn GA2019, cúrsa a mhúineann an Dr Isobel Ní Riain.
Read more -
An dráma ‘Scorach Ghlionnáin’
25 DFómh 2018Léirigh an Cumann Drámaíochta an dráma ‘Scorach Ghlionnáin’ le Brian Ó Baoill ar an 23ú Deireadh Fómhair sa Spailpín Fánach.
Read more -
Mic léinn Máistreachta ag taispeántas i nDánlann Crawford, 2018
05 DFómh 2018Mic léinn Máistreachta atá ag déanamh staidéir ar an Scríbhneoireacht Chruthaitheach ag taispeántas i nDánlann Crawford le déanaí. Tuilleadh eolais faoin MA sa Nua-Ghaeilge: https://www.ucc.ie/en/modern-irish/postgraduate/ma-taught/ nó déan teagmháil leis an Dr Ailbhe Ní Ghearbhuigh.
Read more -
Gradam Alumni, Dr Ailbhe Ní Ghearbhuigh, 2018
15 MFómh 2018Comhghairdeas lenár gcomhghleacaí, an Dr Ailbhe Ní Ghearbhuigh, ar bronnadh Gradam Alumni don Ghaeilge uirthi in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, le déanaí.
Read more -
Seimeastar Gaeltachta 2018-19
12 MFómh 2018Mic léinn ón dara bliain (Gaeilge agus Stair) i mbun an chéad sheimeastar a chaitheamh i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.
Read more -
An Chuaird Ríoga
21 Meith 2018An Oghamchraobh á léiriú ag an Dr Neil Buttimer don bPrionsa Séarlas, le cabhair solaoidí ó chnuasach iomráiteach chloch Ogham Ollscoil Chorcaí.
Read more -
Bronnadh Céime Dochtúireachta
16 Meith 2018An tOllamh Patrick O'Shea, Uachtaráin UCC, an Dr Andrea Palandri agus an tOllamh Pádraig Ó Macháin
Read more -
Cambridge History of Ireland 2018
08 Beal 2018An Dr Aidan Doyle, Roinn na Nua-Ghaeilge, i gcomhluadar Dave Edwards agus Andy Bielenberg ó Roinn na Staire, ar ócáid sheoladh The Cambridge History of Ireland. Tá alt ag Aidan sa leabhar.
Read more -
Gradam na Gaeilge 2018
08 Beal 2018Bronnadh gradam na Gaeilge ar Chárthach Ó Faoláin le déanaí (lena athair Dónall anso, agus an tOll. Ó Macháín)
Read more -
Bronnadh cáipéisí 2018
08 Beal 2018Dhein an Dr Mícheál Briody (i dteannta Elaine Harrington, Leabharlann UCC) an dara cuid dá bhronnadh flaithiúil de cháipéisí agus leabhair a bhain leis an Dr Mícheál P. Ó hIceadha (1861-1916) ar Chartlann na Leabharlainne le déanaí.
Read more -
Léachtóireacht Sa Nua-Ghaeilge 2018
27 Aib 2018 -
Turas na Leabharlann
30 Aib 2018Cuid dár mic léinn ar turas na leabharlann i mBaile Cliath le déanaí: i Leabharlann an Acadaimh agus i saotharlann na caomhnóireachta i leabharlann Chester Beatty.
Read more -
Seimineár Dlí 2018
26 Márta 2018Cuid dár lucht seimineáir a bhfuil téacsaí a bhaineann le Muintear Eólais sa séú haois déag á bplé acu fé láthair.
Read more -
Ailbhe Ní Ghearbhuigh ag leamh i dTeach Uibh Eachach 2018
16 Márta 2018Fuair an Dr Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Roinn na Nua-Ghaeilge, cuireadh chun a cuid filíochta a léamh i dTeach Uíbh Eachach le linn Sheachtain na Gaeilge.
Read more -
Cuairt an fhile Nuala Rua chuig an Roinn, 2018
16 Márta 2018Cúis áthais ab ea é dúinn fáilte a chur roimh aluma de chuid Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, an mórfhile, Nuala Ní Dhomhnaill. Labhair sí le Bliain na Céime atá ag déanamh staidéir ar a saothar agus is iomaí ceist a chuir na mic léinn uirthi. Léigh an file a cuid filíochta ag ócáid thaitneamhach a bhí oscailte don bpobal ar an 13 Márta 2018.
Read more -
Bronnadh na nIarchéimeanna, earrach 2018
21 Feabh 2018MPhil: Liam Ó Riain MPhil
Read more
MA Gaeilge agus Dlí na hEorpa: Síle Ní Dhonnabháin MA
Online MA in Gaelic Literature: Nórín Gannon MA (Maigh Eo) agus Mary Ward MA (California) -
Seoladh dhá leabhar leis an nDr Isobel Ní Riain
21 Feabh 2018Seoladh dhá leabhar leis an nDr Isobel Ní Riain le déanaí: Cnuasach aistí (critic) agus B'as Éirinn di (úrscéal). An Dr Ailbhe Ní Ghearbhaigh a sheol. Coiscéim na foilsitheoirí.
Read more -
Ceardlann Fostaíochta
02 Feabh 2018Ar an 29ú de mhí Eanair, d'eagraigh An Chuallacht ceardlann fostaíochta do mhuintir Gaelainne na hOllscoile. Bhí triúir aoichainteoirí i láthair: Seán Mac an tSíthigh ó RTÉ, Brían Tyers ó TG4 agus Alswyn Ní Aonghusa Ní Dhúill ó Chonradh na Gaeilge. Labhraíodar fé phostanna san Aontas Eorpach, na meáin chumarsáide agus fén obair a dhéantar i gcomhlachtaí ar nós Conradh na Gaeilge, Gael Linn agus Glór na nGael.
Read more -
Seimineár ar Cháipéisí Dlí
29 Ean 2018Roinn na Nua-Ghaeilge / Department of Modern Irish
Read more
Seimineár ar Cháipéisí Dlí
Cuirfear tús leis an seimineár seachtainiúil ar na cáípéisí dlí, fé stiúr an Ollaimh Ó Macháin, Dé hAoine an 2 Feabhra 2018, Seomra G.20, 3 p.m. -
Bronnadh an Ard-Dioplóma sa Ghaeilge 2018
19 Ean 2018Bronnadh Ard-Dioplóma sna hEalaíona (Gaeilge) ar thriúr dár gcuid mac léinn le déanaí.
Read more -
Duaiseanna Ollscoil na hÉireann 2017
07 Noll 2017Mic léinn dár gcuid a bhain ardghradaim amach ag ócáid Ollscoil na hÉireann le déanaí: Seosamh Mac Cárthaigh, Eimear de Brún, Cárthach Ó Faoláin.
-
Rúin na lámhscríbhinní Gaeilge 2017
15 Samh 2017Le déanaí tá togra nua curtha ar bun i gCorcaigh chun staidéar a dhéanamh ar na cineálacha dúigh a mbaintí leas astu i lámhscríbhinní na Gaeilge.
Read more