Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Céiliúradh ar Lá 'le Bríde

12 Márta 2026

D'eagraigh Roinn na Nua-Ghaeilge ócáid dheas ar an 3 Feabhra 2026 chun ceiliúradh a dhéanamh ar Bhríd.

Tháinig scata daoine ón Ollscoil agus níos faide i gcéin chun éisteacht le triúr cainteoirí den scoth. Do chuir Mairéad Conneely tús leis an lá lena caint thaitneamhach féna háit dhúchais: “An Bhrídeog ar Inis Meáin: mar a bhí ó thús agus mar atá anois”. Ansin bhí caint shuimiúil againn ó Phádraig Ó Macháin ar an ábhar “Brighid i bhfoinsí lámhscríte Gaeilge”, agus is cinnte go raibh go leor tagairtí di ar fáil. Tar éis lóin do labhair Ríonach uí Ógáin ar chúrsaí béaloidis ina caint iontach “An Dushlán: Bríd i dTraidisiún an Lae Inniu.” 
Do chríochnaigh an slua sa Seomra Caidrimh ag éisteacht le ceol veidhlín le ceathrar scoláirí - Éadaoin Ní Mhainnín, Sophia Ní Bhraoin, Siún Ní Eartáin agus Eimear Ní Chéilleachair, agus sinn ag déanamh crosóga Bríde ar ár sáimhín só. Mórbhuíochas le gach duine a bhí i láthair agus a thacaigh leis an ócáid.

Roinn na Nua-Ghaeilge

Department of Modern Irish

Déan teagmháil linn

Áras Uí Rathaille, UCC

Déan ceangail linn

Barr