Aonad Taighde

Aonad Taighde

Is í an taighde croílár obair Roinn na Nua-Ghaeilge. Is í is feidhm d'Aonad Taighde na Roinne, bonn comhordaithe a chur faoi shaothrú na taighde sin.

Cuirtear torthaí na taighde ar fáil i léachtaí, i seimineáir, agus i bhfoilseacháin.

Seoltar seimineáir phoiblí taighde gach seachtain sa dá thréimhse theagaisc: cliceáil ar  le haghaidh tuilleadh eolais.

Ó thaobh an taighde sa rang de, cuirtear bunfhoinsí litríocht na Gaeilge i láthair fochéimithe ón gcéad bhliain ar aghaidh, i dtreo go mbíonn ar a gcumas tabhairt faoi thionscnaimh thaighde ar shroichint na tríú bliana dóibh.

Fágann cumas sin na mac léinn, agus réimsí taighde na mball foirne, go mbíonn rath thar barr ar staidéir iarchéime i Roinn na Nua-Ghaeilge.

Réimsí taighde

Na modúil a bhíonn á dtairiscint ag Roinn na Nua-Ghaeilge, agus na tráchtais iarchéime a stiúraítear ann, eascraonn siad as réimsí taighde fhoireann na Roinne. Ar na réimsí sin tá:

  • Lámhscríbhinní agus pailéagrafaíocht na Gaeilge ón dara haois déag go deireadh na naoú haoise deag

  • Filíocht na Nua-Ghaeilge Moiche: Filíocht na Scol, chomh maith le filíocht éadtrom an ghrá agus na haoire

  • Prós na Nua-Ghaeilge Moiche: prós na staire agus prós ócáidiúil, prós cruthaitheach agus prós feidhmiúil

  • litríocht na seachtú haoise déag: saothar pearsan mór na haoise sin – Ó Cianáin, Céitinn, Ó Bruadair, etc.

  • litríocht na hochtú haoise déag, go háirithe filíocht na Mumhan - Ó Rathaille, Eoghan Rua,  Donnchadh Rua etc.

  • amhráin na ndaoine

  • litríocht na naoú haoise déag, go háirithe prós na tréimhse roimh an nGorta Mór mar a léirítear i gcín lae agus i scríbhinní Aomhlaoibh Uí Shúilleabháin, i gcomhfhreagras agus i seanmóintí é.

  • canúineolaíocht agus teangeolaíocht na Gaeilge, Gaeilge na Mumhan go háirithe

  • logainmníocht

  • nua-litríocht na Gaeilge, idir fhilíocht is phrós, go háirithe saothar Sheáin Uí Ríordáin agus saothar scríobhnóirí comhaimseartha

Tionscnamh Mhic Niocaill

Tá Roinn na Nua-Ghaeilge i mbun tionscnaimh reatha chun na cáipéisí dlí Gaeilge, 1493-1621, a d’eagraigh agus a d’aistrigh an tOllamh Gearóid Mac Niocaill, a fhoilsiú.

Is mór againn deagh-thoil agus spreagadh mhuintir Mhic Niocaill sa chúram seo.

Tionscnamh na gComharthaí Uisce

Tá tionscnamh píolóiteach i dtaobh comharthaí uisce i gcáipéisí Gaelacha a thaifeadadh go heolaíochtúil ar bun i Roinn na Nua-Ghaeilge, fé stiúrú an Ollaimh Phádraig Ó Macháin: http://watermarks.ucc.ie/.

Cuid de chur chuige faidtéarmach na Roinne é seo maidir le digitiú a bheith i gceartlár aon taighde a bhaineann le staidéar an leabhair agus staidéar na pailéagrafaíochta.

I gcomhpháirt le Leabharlann Bhoole agus leis an Dr Colette Maloney (Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge) atá an tionscnamh píolóiteach seo á sheoladh.

Fuarthas maoiniú tosaigh ó Chiste an Taighde Straitéisigh de chuid Coláiste Ollscoile Chorcaí.

Roinn na Nua-Ghaeilge

Department of Modern Irish

Áras Uí Rathaille, UCC

Barr