Síle Ní Mhurchú

Síle Ní Mhurchú

Tréimhsí caite agam ag staidéar i gColáiste na hOllscoile Corcaigh, in Université Charles de Gaulle (Lille III), Fhrainc, in Ollscoil na hÉireann Gaillimh mar ar scríobhas tráchtas dochtúireachta ar Agallamh Oisín agus Phádraig agus i Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath mar scoláire iar-dhochtúireachta.

Táim i mo chomhordaitheoir ar an MA sa Ghaeilge agus i nDlí na hEorpa.

Réimsí Taighde

Na laoithe fiannaíochta, an fhiannaíocht, na dánta grá, léann na léamhscríbhinní, an eagarthóireacht théacsúil.

Bhí baint agam le heagrú na Dara Comhdhála ar an bhFiannaíocht a tionóladh in Ollscoil Ghlaschú ar 11-12 Lúnasa 2014 agus le heagrú an tSiompóisiam ar na Dánta Grádha a tionóladh i Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath ar 17 Meán Fómhair 2016.

Tá eagrán d’Agallamh Oisín agus Phádraig á réiteach agam i láthair na huaire chomh maith le roinnt alt ar na dánta grá agus ar an bhfiannaíocht.

Foilseacháin

‘Observations on the manuscript sources for the dánta grádha’, le foilsiú, Celtica 29 (2017).

‘Deirdriu/Deirdre’, ‘Ériu’, ‘Medb’ in S. Echard agus R. Rouse (eagarthóirí), The Wiley-Blackwell Encyclopedia of Medieval British Literature, le foilsiú, 2017.    

Agallamh Oisín agus Phádraig: léamha ón bparaitéacs’, ComharTaighde 2 (2016). doi: 10.18669/ct.2016.04.  

‘An Ghaeilge faoi chló is faoi chaibidil sa naoú céad déag: Bláithfhleasg na Milseán’, Irisleabhar Staire Thiobraid Árann (2015), 137-162.

‘An tAgallamh Nua: Athleagan Déanach d’Agallamh na Seanórach’, A. Doyle and K. Murray (eagarthóirí), In Dialogue with the Agallamh: Essays in Honour of Seán Ó Coileáin, Four Courts Press, 2014, 185-217.

Agallamh Oisín agus Phádraig – Composition and Transmission’, The Gaelic Finn Tradition, Sharon J. Arbuthnot agus Geraldine Parsons (eagarthóirí), Dublin: Four Courts Press, 2012, 195-208.

Agallamh Oisín agus Phádraig – The growth of an Ossianic Lay’, Kelten am Rhein, Akten des dreizehnten Internationalen Keltologiekongresses / Proceedings of the Thirteenth International Congress of Celtic Studies, Stefan Zimmermann (eag.), Mainz am Rhein: Verlag Phillip von Zabern, 2009, 175-9.

‘Translations into Irish of Greek drama and of other works concerning Greece’ (le Patricia Kelly), Amid Our Troubles, Marianne McDonald agus J. Michael Walton (eagarthóirí), London: Methuen, 2002, 87-100.

Léirmheasanna Leabhar

Léirmheas ar Irish pages/Duillí Éireann 8/2, Feasta (Deireadh Fómhair 2016), 14-15.

Léirmheas ar Máirtín Ó Cadhain: Rogha Scéalta in eagar ag Louis de Paor, Feasta (Lúnasa 2016), 14-15.

Léirmheas ar An Irish-Speaking Island: State, Religion, Community, and the Linguistic Landscape in Ireland, 1770-1870 le Nicholas M. Wolf, Studia Celtica Fennica 10 (2015), 90-98.

Léirmheas ar Ré Órga na nGael: Joseph Cooper Walker (1761-1810) le Lesa Ní Mhunghaile, Feasta (Iúil 2015), 10-11.

Léirmheas ar Téanam go Min Aird – Lís Ní Shúilleabháin, Scéal na Gaelainne ina Dúthaigh Féin agus Tuairisc Bheathaisnéiseach le Roibeard Ó Cathasaigh (eag.), Béascna 9 (2015), 167-171.

Súil siar ar Canfar an Dán: Uilliam English agus a Chairde, in eagar ag Úna Nic Éinrí, Feasta, Bealtaine 2014, 11-13.

 Léirmheas ar Irisleabhar Mhá Nuad, 2013 in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta, Feasta (Samhain 2013), 14-15.

 Léirmheas ar Scéalaíocht ár Sinsear le Kim McCone agus Pádraig Ó Fiannachta, Feasta (Deireadh Fómhair 2013), 17-18.

 Léirmheas ar Deargadaoil i mBád fó Thoinn le Pádraic Breathnach, Feasta (Meitheamh 2013), 14-15. 

 Léirmheas ar An Fuíoll Feá: Rogha Dánta le Liam Ó Muirthile, Feasta (Bealtaine 2013), 24-25.

 Dhá Léirmheas: Tóraíocht Taisce le Mícheál Ó Ruairc agus Gonta le Alex Hijmans, Feasta (Nollaig 2012), 13-14.

 Léirmheas ar Goradh leis an nGréin le Liam Hodder, Feasta (Meán Fómhair 2012), 14-15.

 Léirmheas ar Coiglímis an Tine: Cnuasach Seanchais agus Scéalta Bhab Feiritéar le Bo Almqvist and Roibeard Ó Cathasaigh (eagarthóirí), Béascna 7 (2011), 200-205.  

 Léirmheas ar Poems from the Irish – Collected Translations le Gabriel Fitzmaurice, Feasta (Eanáir 2005), 25.

 Léirmheas ar Poets and Poetry of the Great Blasket le Séamas Ó Súilleabháin, Feasta (Bealtaine 2004), 30-31.

 Léirmheas ar Nótaí Ón Lár: Dialann Mhantach le Liam Mac Cóil, Feasta (Márta 2004), 12-13.

Roinn na Nua-Ghaeilge

Department of Modern Irish

Áras Uí Rathaille, UCC

Barr