Ken Ó Donnchú

Ken Ó Donnchú M.A., Ph.D.

Bhain céimeanna BA agus MA sa Nua-Ghaeilge amach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh; bronnadh Scoláireacht Chiste Theach an Ardmhéara air (2008). Chaith dhá bhliain ag teagasc in Ionad an Léinn Éireannaigh, Roinn an Bhéarla, Ollscoil Shéarlais, Prág, sarar thug faoi PhD sa tSean- agus sa Mheán-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Eagrán agus anailís ar an téacs Comthóth Lóegairi ba ea ábhar a thráchtais (2016). Chaith bliain dá éis sin ag teagasc in Ollscoil Brest sa Bhriotáin.

 

Réimsí Taighde

Litríocht na Sean- agus na Meán-Ghaeilge, léann na lámhscríbhinní, litríocht na Nua-Ghaeilge Moiche, teangeolaíocht na Gaeilge, traidisiún an aistriúcháin i dtréimhsí uile na Gaeilge.

 

Foilseacháin

‘‘Freagra ar et cetera Philip’ – dán ilteangach ón seachtú haois déag’, le foilsiú, Imeachtaí na Comhdhála ‘Ar an Imeall i Lár an Domhain?’ (2019).

‘‘To have’ sa Ghaeilge agus an briathar techtaid’, le foilsiú, Léann v (2018).

Status quo Choimisiún Béaloideasa Éireann agus gné dá thionchar: Ailt Sheáin Uí Shúilleabháin in Scéala Éireann’, in Walsh, John and Ó Muircheartaigh, Peadar (eagí), Ag Siúl an Bhealaigh Mhóir: Aistí in Ómós don Ollamh Nollaig Mac Congáil (2016: Baile Átha Cliath), 245-268.

‘Plummer, Stokes agus Comthóth Lóegairi co Creitim 7 a Aided’, in Markus, Radvan, Pavelková, Hana, Adar, Einat agus Marková, Michaela (eagí), Tradition and Modernity: New Essays in Irish Studies (2014: Prág), 98-110.

‘Seán Ó Súilleabháin: An Cartlannaí agus an Scoláire’, in Béascna: Iris Bhéaloideasa agus Eitneolaíochta/ Folklore and Ethnology Journal xii (2011), 34-60.

 

Léirmheasanna Leabhar

Léirmheas ar Cath Cluana Tarbh (Ní Úrdail, eag.), in Peritia xxvii (2016), 290-293.

Léirmheas ar Saltair Saíochta, Sanasaíochta, agus Seanchais: a Festschrift for Gearóid Mac Eoin (Ó Baoill, Ó hAodha, agus Ó Muraíle, eagí), in Comhar (Iúil 2015), 29-30.

Roinn na Nua-Ghaeilge

Department of Modern Irish

Áras Uí Rathaille, UCC

Barr