Ríona Ní Churtáin

Ríona Ní Churtáin, M.A., Ph.D.

 

Beathaisnéis

Bhain sí céim BA sa Ghaeilge agus sa Fhraincis amach in Ollscoil Luimnigh, agus MA sa Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Bronnadh bonn airgid Ollscoil Luimnigh uirthi (2011) chomh maith le scoláireacht mháistreachta de chuid Choláiste na nEalaíon, an Léinn Cheiltigh agus na nEolaíochtaí Sóisialta (Coláiste na hOllscoile Corcaigh, 2012). Bhain sí a dochtúireacht amach in Ollscoil Luimnigh i 2018, faoi stiúir an Dochtúra Tríona Ní Shíocháin, an Ollaimh Tadhg Ó hIfearnáin agus an Ollaimh Margaret Harper. Fuair sí maoiniú taighde dá dochtúireacht ó Ollscoil Luimnigh agus ón gComhairle um Thaighde in Éirinn. “‘Suífeam seal ag machnamh’: Seán Ó Ríordáin, Fealsamh Fileata” an teideal a bhí ar a tráchtas dochtúireachta. Chaith sí bliain ag teagasc in Ollscoil Luimnigh ina dhiaidh sin. Tá cúpla dioplóma sa cheol clasaiceach bainte amach aici (Dioplóma ALCM i seinm an phianó (2009), dioplóma ALCM (TD) i múineadh an phianó (2012), DipLCM sa cheol eaglasta (2012), agus Dioplóma ARSM i seinm an orgáin (2018)).  

 

Réimsí Taighde

Is iad saothar Sheáin Uí Ríordáin agus smaointeoireacht an Eiseachais na príomhábhair thaighde atá aici. Cuireann sí suim sa litríocht chomparáideach, san fhealsúnacht, sa teoiric liteartha, i Nua-litríocht na Gaeilge agus na hEorpa, agus sa cheol (clasaiceach agus traidisiúnta) chomh maith.

 

Foilseacháin

  • (2019) Ní Churtáin, R. agus Ní Shíocháin, T. (eag.) Ní insint dán ach bheith: Aistí ar Smaointeoireacht an Ríordánaigh, An Sagart.
  • (2019) “‘Raghaidh mé síos i measc na ndaoine’: Seán Ó Ríordáin, Zarathustra, agus Coincheap na Saoirse”, i Ní Shíocháin, T. agus Ní Churtáin, R. (eag.) Ní insint dán ach bheith: Aistí ar Smaointeoireacht an Ríordánaigh, An Sagart.
  • (2019) “Michael Hartnett: An Dán Leis is Ansa Liom – ‘Rousseau i mo Chlós’”, Comhar, 79 (10), lch. 30.
  • (2018) “An File, an t-úrscéal le Mícheál Ó Siochrú” (Léirmheas), Feasta, 71 (9).
  • (2016) “‘An rabhas-sa im ní riamh’: Coincheap na beithe i saothar an Ríordánaigh.” COMHARTaighde, iris acadúil bhliaintúil agus phiarmheasta, foilsithe ar bhonn saor-rochtana trí mheán an idirlín. Aitheantóir oibiachta digití/ DOI: https://doi.org/10.18669/ct.2016.03    
  • (2016) “Tar éis a bháis: Fealsúnacht an Bháis i Réamhrá Eireaball Spideoige” i Mac an tSionnaigh, S. agus Uíbh Eachach, O. (eag.) Meanmanra: Cnuasach aistí ó chomhdháil na bliana 2015, Baile Átha Cliath: Coiscéim.
  • (2013) “An Nead ar lorg Éinín: ‘An Fhilíocht’ le Nuala Ní Dhomhnaill”, Feasta, ar fáil ag: http://www.feasta.ie/2013/feabhra/alt5.html
  • (2013) “Anailís chomparáideach idir saothar filíochta an Ríordánaigh agus saothar filíochta Senghor, ag díriú go háirithe ar thréithe an iarchoilíneachais atá le brath ar shaothar na beirte”, Irisleabhar Mhá Nuad 2013, lgh. 4-75.

Roinn na Nua-Ghaeilge

Department of Modern Irish

Áras Uí Rathaille, UCC

Barr