Ailbhe Ní Ghearbhuigh

Ailbhe Ní Ghearbhuigh, M.A., Ph.D.

Beathaisnéis

Bhain sí céim BA Idirnáisiúnta amach sa Ghaeilge agus sa Fhraincis in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh mar aon le MA sa Nua-Ghaeilge. Tréimhsí caite aici ag staidéar in Université de Rennes 2 agus ag teagasc in Université de Bordeaux III. Chaith sí bliain ar scoláireacht Fulbright ag teagasc na Gaeilge i gColáiste Lehman, Ollscoil Chathair Nua Eabhrac (CUNY). Bronnadh scoláireacht de chuid an IRCHSS uirthi chun tabhairt faoi dhochtúireacht sa Léann Éireannach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. 'An Fhrainc Iathghlas? Tionchar na Fraince ar Athbheochan na Gaeilge, 1893-1922' an teideal a bhí ar a tráchtas dochtúireachta. Bronnadh Duais Adele Dalsimer air don tráchtas is fearr ag Comhdháil ACIS chomh maith le Mention du Jury 2017 de chuid an Franco-Irish Dissertation Award, urraithe ag Ambasáid na Fraince in Éirinn. Ghnóthaigh sí comhaltacht ón gComhairle um Thaighde in Éirinn (IRC) chun tabhairt faoi thogra iar-dhochtúireachta ar Thórna i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Sealanna caite aici ag léachtóireacht in Ionad an Léinn Éireannaigh agus i Roinn na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach.

Réimsí Taighde

Tionchar na hEorpa ar Litríocht na Gaeilge, Filíocht an 17ú hAois, Tréimhse na hAthbheochana, Tórna, Filíocht agus Prós an 20ú hAois, an Scríbhneoireacht Chomhaimseartha.

Roinn na Nua-Ghaeilge

Department of Modern Irish

Áras Uí Rathaille, UCC

Barr