Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2026
26 Feabh 2026
Toghadh triúr mac léinn reatha ar Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge - Liam Ó hÓgáin, Antaine Ó Séaghdha agus Lúcás Ó Raghallaigh
D’fhreastail grúpa mac léinn ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh ar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste idir an 20-22 Feabhra. Toghadh triúr mac léinn reatha ar Choiste Gnó an Chonartha, is iad sin Liam Ó hÓgáin, Antaine Ó Séaghdha agus Lúcás Ó Raghallaigh. Toghadh beirt iarmhac léinn chomh maith; Bláithín Nic an tSíthigh agus Róisín Nic Liam.
Tá an Coiste Gnó ina ardchomhlacht cheannais ar Chonradh na Gaeilge ó Ard-Fheis go hArd-Fheis. Tagann siad le chéile gach 6-8 seachtaine agus pléitear dul chun cinn na heagraíochta, na feachtais Ghaeilge, agus mórán eile sna cruinnithe.