An Saol ó Dheas beo ó UCC
12 Márta 2026
Ba mhór an lá é ar an 13ú Feabhra nuair a tháinig an clár An Saol ó Dheas ó RTÉ Raidió na Gaeltachta ar cuairt chuig an Seomra Caidrimh anseo ar an gcampas.
Do chuir an láithreoir Sláine Ní Chathalláin mic léinn agus baill foirne araon fé agallamh agus bhí an deis ag an rang Iriseoireachta an próiséas craolacháin ar fad a fheiscint. Thug Sláine léacht speisialta dóibh tar éis an ranga chomh maith. Is féidir éisteacht siar leis an gclár féin anseo: https://www.rte.ie/radio/rnag/an-saol-o-dheas/2026/0213/1558360-an-saol-o-dheas-de-haoine-13-feabhra-2026/




