Bronnadh na gCéimeanna Máistreachta, Márta 2026
27 Márta 2026
Bronnadh céim ar mhic léinn dár gcuid ó na cláracha máistreachta sa Nua-Ghaeilge, Dlí agus Nua-Ghaeilge, Gaelic Literature and Culture, agus Léann an Aistriúcháin ar an Máirt 24 Márta.
Tháinig cuid acu chomh fada chugainn ón mBreatain, ó Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus ó áiteanna éagsúla in Éirinn leis an lá speisialta seo a cheiliúradh.
Ábhar mórtais dúinn a oiread san céimithe a bheith againn sa Roinn, agus tréaslaímid a gcéim leo go léir.


