Nuacht 2018

Cuairt Róisín Sheehy

14 Samh 2018
Cuairt Róisín Sheehy

Tháinig Róisín Sheehy ar cuairt chugainn le déanaí chun labhairt le mic léinn an MA sa Nua-Ghaeilge faoin dráma a scríobh sí  'Snámh na Saoirse.'

Bhain an dráma seo le bá Dhomhnaill Criomhthain agus Eibhlín Nic Niocaill amach ó chósta an Bhlascaoid i 1909. Ba shuimiúil mar a chuir sí síos ar na dúshláin a bhain na foinsí ar bhain sí leas astu agus ar na dúshláin a bhí roimpi agus an scéal á chur in oiriúint aici don stáitse. Bronnadh Duais Stewart Parker/BBC Thuaisceart Éireann ar Róisín i mbliana agus labhair sí mar gheall ar na deiseanna a bhíonn ag scríbhneoirí atá ag tosú amach.

Roinn na Nua-Ghaeilge

Department of Modern Irish

Áras Uí Rathaille, UCC

Barr