Nuacht 2018

Gearrscéalaí Colm Ó Ceallacháin i UCC, 2018

25 DFómh 2018
Gearrscéalaí Colm Ó Ceallacháin i UCC

Thug an gearrscéalaí Colm Ó Ceallacháin an-chaint uaidh mar gheall ar a leabhar I dTír Mhilis na mBeo (Cois Life, 2017) do mhic léinn GA2019, cúrsa a mhúineann an Dr Isobel Ní Riain.

Is go paiteanta a chuir sé síos ar a phróiseas cruthaitheach féin. Bhí seimineár bríomhar aige le lucht MA sa Nua-Ghaeilge atá ag déanamh cúrsa sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach leis an Dr Ailbhe Ní Ghearbhuigh. Labhair sé mar gheall ar a thaithí i dTír na mBascach anuraidh, áit ar chaith sé tréimhse ag scríobh mar chuid den togra Eorpach 'Focail Eile' (féach http://focaileile.ie/). Scéim chónaitheach í seo do scríbhneoirí mionteangacha (an Ghaeilge, an Mhacadóinis, an Bhascais, an Fhréaslainnis) agus tá sé d'aidhm ag an scéim béim a chur ar thábhacht na héagsúlachta teanga. Faoi chúram Foras na Gaeilge atá an scéim in Éirinn. Is mór an t-uchtach a fuair Colm óna sheal thar lear. Sa phictiúr seo tá Colm, Ailbhe agus roinnt de mhic léinn an MA sa Nua-Ghaeilge, Antóin, Nicole, Sinéad agus Caoilann.

Roinn na Nua-Ghaeilge

Department of Modern Irish

Áras Uí Rathaille, UCC

Barr