Doras Feasa Fiafraí

Bhí beann ag Coláiste Ollscoile Chorcaí ar an bhfoghlaim fhíorúil sular thosaigh an phaindéim in aon chor. Déanann cúrsa seanbhunaithe MA cuid freastal ar fhoghlaimeoirí saoil ar fud na cruinne. Focail le Ken Ó Donnchú.

5 MIN READ
27 Sep 2022

Clochán an Aifir, suíomh speisialta i mbéaloideas na hÉireann

Is minic Éireannaigh ar a laethanta saoire ag caitheamh an Bhéarla uathu agus ag iompú ar an nGaeilge, d’fhonn is nach dtuigfear iad. Ní annamh, ach an oiread, daoine ag cáiseamh a n-easpa Ghaeilge, pé acu sa bhaile nó i gcéin dóibh. An easpa a bhíonn i gceist, cuid mhaith, ná easpa cleachtaidh, agus ní easpa cumais. Braitheann mórán daoine nach bhfuil Gaeilge acu in aon chor, toisc nach dtagann sí chucu chomh réidh céanna agus a thagann an Béarla. Ach is mó sin duine a bhain caighdeán ard amach sa teanga aimsir na hArdteistiméireachta nár bhain leis an teanga ina dhiaidh sin, ar mhí-ámharaí an tsaoil. Deirtear gur mhaígh an píobaire cáiliúil, Willie Clancy, gur chuma leis a mháistreacht sa phíobaireacht a thabhairt uaidh ach go mbronnfaí líofacht sa Ghaeilge air mar chúiteamh! 

Baineann sásamh iontach le comhrá a dhéanamh, dán a léamh, nó amhrán a rá i dteanga atá á foghlaim agat. Ach ní gan dua a dhéantar dul chun cinn i bhfoghlaim na dteangacha. Agus ní i gcónaí a bhíonn foghlaimeoirí aonair in ann tabhairt faoi sheoda na dteangacha sin, faoin litríocht, faoin stair, nó faoin scéalaíocht, mar shampla, as a stuaim féin. I gcás traidisiún na Gaeilge de, tá tobar na litríochta chomh doimhin sin nach mbeifí ag súil leis go mbeadh foghlaimeoirí aonair inniúil ar uisce na foghlama a tharrac as. Conas is féidir freastal ar na foghlaimeoirí seo? 

Sa bhliain 2015, tosaíodh ar chúrsa Máistreachta nua a mhúineadh i Roinn na Nua-Ghaeilge, dar teideal Online MA in Gaelic Literature. Mór idir na haimsearaibh, mar adeir an dán. Is ar éigean a bhí an fhoghlaim ar líne á cothú ag ollscoileanna na hÉireann an uair sin. Ba mhaith a thuig an tOllamh Pádraig Ó Macháin an tábhacht a bhain le digitiú sna daonnachtaí, áfach, agus i gcás an chúrsa úir seo, an fhoghlaim fhíorúil. Tharla gur ábhar é an léann Gaelach a ndéantar staidéar air sna ceithre hairde, cinneadh gur as Béarla a mhúinfí an cúrsa nua seo. Beartaíodh ar chúrsa Máistreachta a chur ar fáil a thabharfadh deis do mhic léinn dul amach ar ár lámhscríbhinní luachmhara, stair theangeolaíoch agus socheolaíoch na Gaeilge, tréimhsí éagsúla dá litríocht, logainmneacha na tíre, an ghné idirnáisiúnta dár n-oidhreacht Ghaelach, agus gan amhras, an teanga féin. Tá curtha le liosta na modúl sin ó céadmhúineadh an cúrsa. Áirítear modúil ar Ghuth na mBan sa Litríocht, an Fhilíocht Nua-Aimseartha, agus Stair an Aistriúcháin sa Ghaeilge ar an gclár anois.  

Cuireadh spéis mhór sa Mháistreacht seo a luaithe agus a tháinig sé ar an saol. Is mór ag Coláiste Ollscoile Chorcaí an Fhoghlaim Saoil, agus ní taise do Roinn na Nua-Ghaeilge é. Buntáiste mór a bhaineann leis an gcúrsa ná go ligeann sé do mhic léinn freastal ar léachtaí agus an t-ábhar léitheoireachta a léamh de réir a sceidil féin. I bhfoirm físeán a thugtar na léachtaí ar fad, agus bíonn teacht leanúnach ag na mic léinn orthu le linn na bliana. Cad as do na mic léinn féin? De bhunadh na tíre seo a leath: Éireannaigh ar a nós siúd a luadh i dtús an ailt. Daoine iad seo a bhfuil suim mhór acu ina gcultúr Gaelach féin, ach nár dhein mórán staidéir ariamh ar litríocht na Gaeilge. Is liosta le háireamh na tíortha as a dtagann an leath eile: an Bhreatain, an Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ísiltír, Poblacht na Seice, an tSeirbia, an tSeapáin, an Astráil, an Nua-Shéalainn, Ceanada, Meiriceá. Gairmeacha beatha den uile shórt a bhíonn acu: múinteoirí, leabharlannaithe, taighdeoirí, taighleoirí, dochtúirí leighis, bainisteoirí comhlachtaí, ceoltóirí. Toisc gur físeáin réamhthaifeadta atá sna léachtaí, tá luach mór leis an bhfóram plé ar an gcúrsa. Is ann a bhíonn allagar bríomhar ar ábhar staidéir na seachtaine. Is minic gur ann a dheintear an fhoghlaim is tábhachtaí ar an gcúrsa, leis, sa chur agus cúiteamh a eascraíonn as an bplé. 

An Tobar a thugtar ar fhóram plé an Online MA in Gaelic Literature. Ag an tobar a bhuaileadh daoine le chéile san am atá caite, an saol á chur trí chéile acu fad a bhíodh uisce á tharrac acu. Oireann meafar an tobair don fhoghlaim a dhéantar ar an gcúrsa seo, agus don ghaisneas a bhaineann na mic léinn as an bhfoghlaim sin. Cé gur leasc linne aird a dhíriú ar aon chéimí ar leith dár gcuid, is mór an scéal é gur thug Rick Riordan faoin gcúrsa seo. Scríbhneoir a bhfuil a ainm in airde ar fud na cruinne é Riordan. Bronnadh céim air anuraidh. Ar shraith scéalta a bhfuil a mbunús le n-aimsiú i seanmhiotais na Gréige a sheasann a cháil. Ábhar mórtais dár Roinn féin, agus don Ollscoil, go bhfuil i gceist ag Rick a leithéid de shraith a scríobh faoi mhiotaseolaíocht na hÉireann amach anseo. Cabhair nach beag san obair sin dó a raibh le foghlaim aige ar an Online MA in Gaelic Literature.   

 

Chun tuilleadh eolais a fháiltéigh chuig suíomh na Roinne Nua-Ghaeilge.

Grianghraf: Sam Forson, Pexels

Previous Issues

Office of Marketing and Brand Impact

Margaíocht agus Tionchar Branda

East Wing, Main Quadrangle, University College Cork, Cork, Ireland

Top