Ag Filleadh ar an nGaeltacht

Thug an phaindéim tuiscint níos fearr dúinn ar thábhacht an chaidrimh atá cruthaithe againn leis an nGaeltacht. Focail le Ríona Ní Churtáin.

3 MIN READ
13 Jun 2022
Na mic léinn ar thuras go dtí an Aird Mhór, leis an treoraí turais Liam Suipéil.

Ar an 31 Márta 2022, chuaigh grúpa mac léinn idirnáisiúnta soir go dtí Coláiste na Rinne chun tabhairt fé chúrsa sa Ghaelainn agus i gcultúr na Gaeltachta. Dhá bhliain roimhe sin, i mí an Mhárta 2020, cuireadh formhór na gcúrsaí Gaeltachta ar ceal de bharr na paindéime agus na srianta sláinte poiblí a ghabh léi. Ba é seo an chéad turas a thug ár gcuid mac léinn idirnáisiúnta ar Choláiste na Rinne ó shin, agus bhí sceitimíní le brath ina measc.

Chaitheadar ceithre lá sa cheantar, agus i gcaitheamh an ama sin, bhí deis acu freastal ar ranganna teanga, ceoil, damhsa, spóirt agus amhránaíochta. Thairis sin, chuadar ar turas treoraithe timpeall an cheantair, agus thugadar cuairt ar Aird Mhór, ar Heilbhic, ar Rian Glas na nDéise agus ar Reilig an tSléibhe (reilig ó aimsir an Ghorta Mhóir). Sheinn ceoltóirí ón gceantar ceol traidisiúnta dóibh chomh maith.

Ar fhilleadh chun na hollscoile dóibh, ba léir gur thug an tréimhse a chaitheadar sa Ghaeltacht spreagadh agus misneach dóibh, agus gur bhraitheadar gur fhoghlaimíodar a lán fé chultúr agus fé stair na hÉireann laistigh de thréimhse ana-ghairid.

Nuair a dúnadh na hollscoileanna agus na coláistí i mí an Mhárta 2020, níor mhór dúinn go léir dul i dtaithí ar an dteagasc ar líne. Is cinnte go raibh (agus go bhfuil fós) buntáistí áirithe ag baint leis sin. Chuir sé ar ár gcumas ranganna a chur ar fáil le linn na dianghlasála. Cuireann sé deiseanna nua ar fáil do chianfhoghlaimeoirí, agus is áis aithbhreithnithe iad na taifeadtaí aimsir na scrúduithe. Ba léir ó chuntais na mac léinn idirnáisiúnta seo go mba dheacair an t-eispéireas a bhí acu le déanaí a athchruthú ar líne, áfach.

Mar shampla, dúirt cuid acu gur chuaigh an turas a thugadar ar Thobar Dhéagláin Naofa in Aird Mhór i bhfeidhm go mór orthu. Creidtear gur chuaigh Déaglán Naofa go dtí an áit chiúin seo nuair a bhí sé ag druidim le deireadh a shaoil. Díseart an t-ainm atá ar an áit go dtí an lá atá inniu ann. Mhol a dtreoraí turais dóibh a súile a dhúnadh, atmaisféar na háite a bhlaiseadh, agus an seandíseart a shamhlú. Bhíodar in ann ceol binn na n-éan agus fuaimeanna na farraige in aice leo a chlos, agus fuaireadar boladh na gairleoige fiáine timpeall orthu chomh maith, mar a fuair na mílte daoine rompu. D’fhéadfaí stair na háite, taifeadtaí de na fuaimeanna agus físeáin nó grianghraif den áit a chur ar fáil dóibh ar líne, ach eispéireas ar leith is ea é nuair a bhraitear iad san go léir san am ceanna.

Thug na mic léinn ardmholadh do bhia na háite, agus ba léir gur bhaineadar fíorthaitneamh as na ranganna iománaíochta agus ceoil a bhí acu chomh maith. Tugadh deis dóibh an camán a úsáid agus an fheadóg stáin a sheinm. Arís, is deacair a leithéid d’eispéiris a athchruthú trí mheán ríomhaire. Thairis sin, tharla imeachtaí áirithe go spontáineach, rud ná tarlaíonn chomh minic céanna ar líne. Mar shampla, lá amháin, do bhuaileadar le páistí áirithe ó Scoil na Leanaí agus d’imríodar iománaíocht agus sacar le chéile. Níor leagadh na cluichí sin amach san amchlár; cuireadh tús leo go spontáineach nuair a bhuail na mic léinn leis na daltaí scoile. Lá eile, labhraíodar le muintir na háite sa teach tábhairne, agus dh’éisteadar le ceol na háite ann.

Meastar go ngineann earnáil na gColáistí Gaeilge Samhraidh idir €50 agus €60 milliún do gheilleagar na Gaeltachta. Ba mhór an buille eacnamaíoch don nGaeltacht é nuair a dúnadh na coláistí samhraidh sa bhliain 2020 agus nuair a cuireadh na cúrsaí éagsúla eile ar ceal chomh maith. Ba léir ó na hagallaimh a cuireadh ar mhuintir na háite sna meáin ó shin gur cailleadh i bhfad níos mó ná an t-airgead, áfach. Cailleadh an bheocht agus an spraoi a thug na daoine óga chun na háite leo chomh maith.

Chuir an teagasc ar líne go mór lenár scileanna digiteacha, agus beidh na scileanna sin áisiúil inár gcúrsaí teagaisc amach anseo. Is léir gur deis ar leith is ea tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht féin, áfach – is deacair eispéireas dá leithéid a athchruthú ar líne, agus baineann mic léinn agus muintir na Gaeltachta araon taitneamh agus tairbhe as.

Is cúis bhróid agus áthais ag Roinn na Nua-Ghaeilge an caidreamh atá cruthaithe againn leis an nGaeltacht, agus táimid fé chomaoin ag mórán daoine, go háirithe ag an bhfoireann i gCorcaigh, i gColáiste na Rinne agus i nDún Chíomháin, as na deiseanna iontacha a chuirtear ar fáil dár gcuid mac léinn ann. De bharr na paindéime, ceapaim go bhfuil tuiscint níos fearr ná riamh againn ar thábhacht an chaidrimh sin. Gura fada buan é.

 

Chun tuilleadh eolais a fháiltéigh chuig suíomh na Roinne Nua-Ghaeilge.

Previous Issues

Office of Marketing and Brand Impact

Margaíocht agus Tionchar Branda

East Wing, Main Quadrangle, University College Cork, Cork, Ireland

Top