News and Events

School of Law students secure 2nd place in Gael Linn's Moot Court Competition

24 Nov 2023
Oisín Ó Síocháin (Dlí agus Gaeilge 3), Cormac Ó Dúlachain AS (Cumann Barra na Gaeilge), Bronagh Ní Anluain (Iar-Bhreitheamh de chuid na hArd-Chúirte), Amergín Ó Caoindealbháin (Dlí agus Gaeilge 2) agus Clíona Kimber AS.

The Gael Linn Moot Court competition, Bréagchúirt Uí Dhálaigh 2023, took place in The Four Courts, Dublin on Friday 17th November. 

UCC's team of BCL Gaeilge students Oisín Ó Síocháin and Amergín Ó Caoindealbháin came second in the competition. 

Ag caint faoin gcomórtas, dúirt Amergín Ó Caoindealbháin:

"Taithí den scoth ab ea é, agus bhíos an-sásta gur éirigh le foireann UCC an 2ú duais a bhaint amach sa bhabhta ceannais. Bhí deis againn buaileadh le mic léinn ó ollscoileanna eile atá ag tabhairt faoin nGaelainn agus faoin Dlí agus bhí an deis againn labhairt le habhcóidithe a bhíonn ag plé leis an nGaelainn sa chóras dlí go proifisiúnta. Toisc go raibh UCC mar cheann den dá fhoireann a cháiligh don bhabhta ceannais, bhí an deis againn an cás a throid i seomra na Cúirte Uachtaraí é féin. Taithí ar leith ab ea é agus mholfainn an comórtas d'aon mhac léinn Dlí agus Gaeilge amach anseo. 

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Dr. Brian O'Reilly agus leis an Dr. Shaoming Zhu ón Scoil Dlí. Ní mór dom mo bhaochas a ghabháil leis an Dr. Feena Tóibín ó Roinn na Gaeilge agus le Cárthach Ó Faoláin, alumnus de chuid UCC, a chabhraigh linn agus dar ndóigh le Tomás Rua Ó Cadhla ó Ghael-Linn agus na habhcóidithe agus gach éinne a bhí páirteach in eagrú an chomórtais."

Dúirt Oisín Ó Síocháin:

“Ba mhór an onóir Craobh Bhréagchúirt Uí Dhálaigh a bhaint amach le déanaí, agus an deis a fháil argóint a dhéanamh insan Chúirt Uachtarach. Chuir an taithí go mór le mo spéis san abhcóideacht agus sa dlí, agus thabharfadh sé ardú meanman duit an Ghaeilge a chloisteáil beo bríomhar laistigh de sheomra cúirte. Mholfainn an comórtas seo d’aon mhac léinn a bhfuil dúil acu insan óráidíocht phoiblí, in imeachtaí cúirte, agus i dtodhchaí na Gaeilge inár gcóras dlí.”

Comhghairdeachas libh, Amergín agus Oisín!

School of Law

Scoil an Dlí

Room 1.63, Aras na Laoi, T12 T656

Top