News / Events

Ceardlann do mhúinteoirí Gaeilge nó Staire, dara léibhéal

16 Nov 2019
Ceardlann do mhúinteoirí Gaeilge nó Staire, dara léibhéal

Dé Sathairn 23 Samhain 2019 

Ba mhaith le Roinn na Sean- agus na Meán-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh i bpáirt leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, Foclóir Leictreonach na Gaeilge (eDIL) agus Ollscoil Cambridge cuireadh a thabhairt do mhúinteoirí Gaeilge (T1 & T2) agus Staire (T1) páirt a ghlacadh i gceardlann.

 

 

Dé Sathairn 23 Samhain 2019

Áras Uí Rathaille, Coláiste na hOllscoile Corcaigh

10:00-15:30

Lón beag san áireamh

Seo í an dara cheardlann i sraith atá mar aidhm aici fóram a chruthú inar féidir le múinteoirí plé a dhéanamh ar na cineálacha acmhainní is fearr a bheadh oiriúnach don TS nua agus don Idirbhlian. Cuirfear samplaí de shaghasanna éagsúla acmhainní i láthair agus iarrfar ar na múinteoirí a gcuid tuairimí agus taithí a roinnt chun na hacmhainní a fhorbairt agus a chur in oiriúint don seomra ranga. Cuirfear béim faoi leith ar :

  • Áiseanna Teagaisc Ghaeilge arlíne don idirbhliain agus don TS
  • Scéalaíocht Stairiúl na Gaeilge mar ábhar do thograí MRB
  • Ábhar do thograí MRB bunaithe ar stair na hÉireann don rang staire
  • Samplaí de MRB don rang Gaeilge 

Níl aon chostas ar an gceardlann ach le clárú seol ríomhphost roimh 20 Samhain 2019 chuig: c.odochartaigh@ucc.ie

Is i nGaeilge a reáchtálfar an cheardlann don chuid is mó.

Roinn na Sean- agus na Meán-Ghaeilge

Department of Early and Medieval Irish

Bloc A, Urlár na Talún, Áras Uí Rathaille / Block A, Ground Floor, O'Rahilly Building, UCC, Cork

Top