Nuacht 2017

Rúin na lámhscríbhinní Gaeilge 2017

15 Samh 2017
Rúin na lámhscríbhinní Gaeilge

Le déanaí tá togra nua curtha ar bun i gCorcaigh chun staidéar a dhéanamh ar na cineálacha dúigh a mbaintí leas astu i lámhscríbhinní na Gaeilge.

Tá, chomh maith, lámhleabhar ar pheannaireacht agus ar lámhscríbhinní na Gaeilge á scríobh ag an Machánach i bpáirt leis an Ollamh Tim O’Neill, mar áis do mhic léinn na Gaeilge.

Le déanaí tá togra nua curtha ar bun i gCorcaigh chun staidéar a dhéanamh ar na cineálacha dúigh a mbaintí leas astu i lámhscríbhinní na Gaeilge. Tá an taighde seo ar bun ag an Ollamh Ó Macháin i bpáirt le heolaithe ó Institiúid Náisiúnta Tyndall fé stiúir an Dra Daniela Iacopino. Cuid den gColáiste Ollscoile is ea Institiúid Náisiúnta Tyndall.

Mar chéim thosaigh tá scata de lámhscríbhinní na Gaeilge, ón 12ú haois go dtí an 17ú haois – sa Leabharlann Náisiúnta agus in Acadamh Ríoga na hÉireann – curtha fé ainilís x-gha ar mhaithe le suirbhé a dhéanamh a bheidh ina chabhair nuair a chuirfear tionscnamh níos mó agus níos leithne ar bun amach anso. Le maoiniú ó Enterprise Ireland a tugadh faoin dtogra beag seo.

Léiríonn an suirbhé seo go bhfuil roinnt mhaith ceimiceán agus mianraí faoi cheilt ar leathanaigh na lámhscribhinní Gaeilge, cuid acu nach rithfeadh le duine go mbeidís le fáil ina leithéid de rud agus leabhar lámhscríofa. Is é iarann an mianra is minicí a thagann chun solais mar gur bunábhar dúigh é. Faightear iarsmaí luaidhe agus sinc sa dúch uaireanta chomh maith. Bíonn cailciam forleathan sna lámhscribhinní meamraim go háirithe mar gur baineadh leas as cailc chun rian na hola a ghlanadh den gcraiceann; bíonn cailciam le fáil sa dúch sa chomh maith, nuair is gealacán uibhe a úsáideadh chun an lacht a tháthú, rud a tharla go minic. Cuid de na ceimiceáin, is leis an maisiú daite a cuireadh ar na litreacha a bhaineann siad: go háirithe an arsanaic, an sulfur agus an mearcair a fhaightear i leaganacha den dath buí a chítear go minic sna lámhscríbhinní Gaeilge. Maidir le haon dath glas a chítear sna sean-leabhair seo, is é an copar is bun leis de ghnáth.

Taighde é seo ar na lámhscríbhinní Gaeilge nach bhfuil a leithéid déanta in aon áit eile go dtí seo. Táthar ag coinne leis, de réir mar a fhoilseofar na torthaí, go gcuirfidh sé go mór lenár mbuneolas ar ghnéithe praiticiúla de chruthú na lámhscríbhinní agus ar na daoine a chruthaigh agus a scríobh iad chomh maith.

For more on this story contact:

Ruth McDonnell, Head of Media and PR, Office of Marketing and Communications, UCC. Mob: +353-(0)86-0468950.

Roinn na Nua-Ghaeilge

Department of Modern Irish

Áras Uí Rathaille, UCC

Barr