Nuacht 2017

Duaiseanna Ollscoil na hÉireann

Mic léinn dár gcuid a bhain ardghradaim amach ag ócáid Ollscoil na hÉireann le déanaí: Seosamh Mac Cárthaigh, Eimear  de Brún, Cárthach Ó Faoláin.

 

Saothar leis an Dr Ailbhe Ní Ghearbhuigh ar ghearrliosta i gcomhair duaise liteartha

 


Tá gradam mór bainte ag an Dr Ailbhe Ní Ghearbhuigh as a leabhar The Coast Road (The Gallery Press, 2016). Tá an leabhar ainmnithe le fíordhéanaí ar an ngearrliosta i gcomhair an 'Warwick Prize for Women in Translation'. 58 de shaothair a cuireadh isteach i gcomhair na duaise seo, agus sé cinn acu san atá ar an ngearrliosta, leabhar Ailbhe ina measc. Tuilleadh eolais: https://www2.warwick.ac.uk/newsandevents/pressreleases/warwick_announces_shortlist/

Cuairt an Aire agus an Ard-Aighne

Group photograph

Tháinig an tAire Joe McHugh agus an tArd-Aighne, Séamus Woulfe, ar cuaird chun Roinn na Nua-Ghaege le déanaí. Labhair siad le mic léinn agus mholadar an dea-obair atá ar siúl sna cúrsaí ilghnéitheacha atá ar siúl againn.

Seoladh An Linn Bhuí 21

An Linn Bhuí iml. 21 á bronnadh ag an Ollamh Pádraig Ó Macháin ar an Dr Attracta Halpin, Cláraitheoir Ollscoil na hÉireann, a sheol an leabhar. An tOllamh Aoibheann Nic Dhonnchadha agus Nioclás Mac Craith laistiar.

GA2033, Modúl nua

Modúl nua Gaeltachta is ea GA2033, ina bhfreastalaíonn mic léinn dianchúrsa Gaeilge agus imeachtaí eile i nGaeltacht na Rinne agus an tSeana-Phobail. Cuirtear ranganna ceoil, rince, iomána, amhránaíochta, staire, agus go leor eile ar fáil chomh maith. Sna pictiúirí seo tá duine desna mic léinn  á chur fé agallamh ag TG4, agus cuid eile acu ag rothaíocht ar an Rian Glas i nDún Garbhán.

A student being interviewed about the new Gaeltacht module by TG4

Students cycling on the Greenway in Dungarvan, Co. Waterford

Comhdháil na Lámhscríbhinne Páipéir 26-7 Bealtaine 2017

Tháinig saineolaithe ó gach aon aird den gcruinne chun stair an pháipéir a phlé i gcomhdháil de chuid Roinn na Nua-Ghaeilge. Dhein an plé seo comhthéacs a sholáthar do lámhscríbhinní na Gaeilge, a raibh cuid acu ar taispeáint i gcaitheamh na comhdhála. Bhí ionadaithe ó naoi gcinn de thíortha i láthair, agus bhí freastal an-mhaith ann ó cheithre hairdibh na tíre seo. Agnieszka Helman-Wazny (Hamburg) agus Barbara Fairbanks-Harris (Yale) atá sa phictiúr.

Agnieszka Helman-Wazny (Hamburg) and Barbara Fairbanks-Harris (Yale) at the Paper Manuscript Conference, May 2017.

Roinn na Nua-Ghaeilge

Department of Modern Irish

Áras Uí Rathaille, UCC

Barr