Spriocthéacs
Leagtar amach obair Ionad na Gaeilge Labhartha de réir fhorálacha a ráitis aidhme a bhfuil achoimre díobh curtha ar fáil mar seo a leanas:
An Ghaeilge a chur chun cinn go cruthaitheach in COC, in Éirinn agus thar lear, faoi réir Acht na nOllscol (1997) agus ag Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003).
Cláracha teanga sa Ghaeilge labhartha agus fheidhmeach a thairiscint do gach sórt foghlaimeora in COC agus sa Ghaeltacht. Timpeallacht thacúil dhátheangach, a chuimsíonn gréasáin teanga agus gníomhaíochtaí cultúrtha, a chur ar fáil.
Go mbeadh aird ag na seirbhísí teanga so ar an dtaighde agus ar na cleachtais is fearr i réimse an tsealbhaithe teanga.
Bunaíodh an ráiteas aidhme ar an ndoiciméad beartais dar teideal "Cur chun cinn na Gaeilge i saol an choláiste" (nasc go dtí na polasaithe ar shuíomh na hOllscoile) agus ar ghlac Coiste Rialaithe COC leis ar an 23 Aibreán 1996.
Tagann forbairt pholasaí agus cur chun cinn teanga faoi théarmaí tagartha Bhord na Gaeilge atá ar fáil i staitiúidí XCV agus CXL de chuid Staitiúidí Choláiste na hOllscoile Corcaigh.