Cúrsa Gramadaí do Mhic Léinn

Achoimre ar an gCúrsa
Caint agus comhrá a bheidh dírithe go príomha ar ghramadach na Gaeilge.
Déanfar trácht mar chuid den chúrsa ar an méid seo leanas:
- An t-ainmfhocal
- An chopail
- Na tuisil
- Iolraí
- An aidiacht
- Uimhreacha
- Réimíreanna is iarmhíreanna
- An séimhiú
- Cúrsaí foclóra agus araile
Tá an cúrsa seo ar fáil do scoláirí le Gaeilge mhaith is le spéis faoi leith i ngramadach na Gaeilge. Múinfear an cúrsa seo trí mheán na Gaeilge amháin. |
---|
Sonraí an Chúrsa - Earrach 2025
Dátaí an Chúrsa: an tseachtain dár tús 3 Feabhra 2025 – an tseachtain dár tús 17 Márta 2025* (uair a chloig gach seachtain ar feadh 7 seachtaine). Cuirfear ceist ort maidir le do thráthchlár ar an bhfoirm iarratais. Socrófar an rang seo ag am atá oiriúnach d'fhormhór na scoláirí is don teagascóir.
Suíomh: Beidh na ranganna seo ar siúl ar an gcampas.
Spriocdháta: Déardaoin, 23 Eanáir 2025.
Eolas Maidir leis an Rang: Seolfar ríomhphost chuig do chuntas Umail maidir leis an rang atá socraithe ar an Luan, 27 Eanáir 2025. Má tá an lá agus an t-am oiriúnach duit, beidh tú ábalta díol as an gcúrsa leis an nasc a bheidh sa ríomhphost seo.
* Cuirfear rang breise ar siúl do scoláirí a chaill amach ar rang de bharr lá saoire bainc.
Táille
€30.
Sonraí Teagmhála
Karol Coleman
Riarthóir an Chúrsa
k.coleman@ucc.ie