Acmhainní

Tá na hacmhainní seo ar fáil in Ionad na Gaeilge Labhartha do mhic léinn Gaeilge, do mhúinteoirí Gaeilge agus d’fhoireann na hOllscoile. Is féidir na hacmhainní ar fad a úsáid i Seomra G01, in Ionad na Gaeilge Labhartha nó i saotharlann mhór an Lárionaid Teanga ag tráthanna atá fógraithe. Beidh cead ag daoine na hacmhainní a fháil ar iasacht ach labhairt leis an Oifig agus cárta uaithne a líonadh.
Ceithre lá a bhíonn mar thréimhse iasachta, i gcás leabhar, irisí is nuachtán. I gcás na n-acmhainní eile m.sh. téipeanna, úsáidtear iad de ghnáth in Áras Uí Rathaille idir 9.15 r.n. agus 5.00 i.n. Gearrfar pionós cuí ar an té a chaillfidh aon acmhainn ar leith. Ní mór do gach éinne Cárta Aitheantais COC a thabhairt leis/léi chun an tseirbhís seo a úsáid.
Leabhair
Tá dhá leabharlann ag Ionad na Gaeilge Labhartha: ceann in Áras Uí Rathaille agus ceann eile i nDún Chíomháin. Seo a leanas na saghsanna leabhar atá iontu:
Foclóirí
Úrscéalta
Gearrscéalta
Filíocht
Téacsleabhair scoile agus ollscoile;
Leabhair do leanaí
Leabhair ilghnéitheacha
Modhanna múinte teangan