Is lárionad Ollscoile de chuid Choláiste na hOllscoile Corcaigh é Dún Chíomháin atá suite i gcomharsanacht Bhaile an Fheirtéaraigh in Iarthar Duibhneach, Co. Chiarraí. Is ceantar láidir Gaeltachta é Corca Dhuibhne agus meallann áilleacht na háite mar aon leis an teanga agus an cultúr daoine chun na dúthaí ó chian is ó chóngar. Tá Dún Chíomháin ag feidhmiú mar ionad ollscoile sa cheantar ó 1974 i leith. Bhíodh halla Dhún Chíomháin nó Hall Cheabhin mar ab fhearr aithne air, ina halla rince agus pictiúir do mhuintir na háite ag dul siar i bhfad. Is mó cuimhne atá i measc an phobail fós ar an nDún nuair a bhíodh sé ag Seán Cheaibhin ós na nGorta Dubha agus a bhean Neilí, siopa, tigh aíochta agus halla rince agus pobail. Anois tá an halla athchóirithe agus é ina ionad foghlama le háiseanna teicneolaíochta ar ardchaighdeán.
Freastalaíonn Dún Chíomháin ar phobal Choláiste na hOllscoile Corcaigh, ar phobal Chorca Dhuibhne, ar cheantair Ghaeltachta na Mumhan agus ar phobal lasmuigh den Ghaeltacht go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.
Seo a leanas cuid de na seirbhísí is cúrsaí atá ar fáil i nDún Chíomháin.
Seimeastar Gaeltachta do mhic léinn Ghaelainne Choláiste na hOllscoile Corcaigh
Sainchúrsaí Gaelainne agus cultúir do ghrúpaí náisiúnta/idirnáisiúnta
Cúrsaí deireadh seachtaine Gaeltachta do mhic léinn Choláiste na hOllscoile Corcaigh
Scéim na dTeaghlach i rith an tsamhraidh d'fhoireann Choláiste na hOllscoile Corcaigh chun an Ghaelainn a chur chun cinn i measc fhoireann na hOllscoile
Léachtaí sa litríocht, sa chultúr agus sa stair áitiúil i gcomhair le Oidhreacht Chorca Dhuibhne don phobal áitiúil
Dioplóma Ollscoile sa Ghaelainn do phobal Chorca Dhuibhne
Ionad comhdhála/seimineáir ar fáil don phobal
Ionad taighde agus staidéar ar fáil don phobal
Áiseanna
Lóistín ar stíl brú do 18 duine (beirt nó triúr i ngach seomra)
Cistin nua-aimseartha
Seomra bídh
Semra suite/leabharlann
Árasán lánfheistithe atá in oirúint do chathaoir rotha
Ionad foghlama ina bhfuil stáisiúin oibre ríomhaireachta agus áiseanna físchomhdhála
Leathanbhanda snáthoptaice
Seomra seimineáir/léachta
Carrchlós agus áit chun suí amuigh
Halla Dhún Chíomháin
Tá Halla Dhún Chíomháin leagtha amach in oiriúint do riachtanais fhoghlaimeoir an 21ú Céad. Tá trealamh agus troscán soghluaiste agus so-athraithe ann atá dírithe ar nósanna e-fhoghlama BLDGF (Beir Leat do Ghléas Féin), agus a spreagann an cur chuige mac léinn-lárnach sa teagasc agus fhoghlaim. Cuimsíonn an spás foghlama nua-aoiseach seo gnéithe iomlána dhearcadh an lae inniu i dtaobh an teagaisc agus na foghlama sa mhéid go n-éascaíonn sé an fhoghlaim aonarach, an ghrúpfhoghlaim, an fhoghlaim neamhfhoirmiúil, agus an léacht thraidisiúnta chomh maith le limistéar sóisialta a sholáthar do na mic léinn a bhfuil timpeallacht láidir foghlama á cothú ann. Cuireadh prionsabail DUF (Dearadh Uilíoch don Fhoghlaim) i bhfeidhm ar dhearadh agus thógáil an spáis fhoghlama seo. Chomh maith le bheith ina áis do mhic léinn agus d'fhoireann COC féin, cuirtear An Halla ar fáil do phobal na Gaeltachta.
Bíonn mórán Éireann ranganna agus imeachtaí ar siúl sa Halla i rith na bliana, ina measc ranganna rince, amhránaíochta, sceitseála, ceoil, club leabhar mar aon le léachtaí, cainteanna is comhdháileacha.
Taisteal go Dún Chíomháin
Tá Dún Chíomháin suite leath-chiliméadar soir ó shráidbhaile Bhaile an Fheirtéaraigh, áit a bhfuil tithe tábhairne, óstán, siopa grósaera, caifé agus seirbhísí dá leithéid. Tá Cruach Mhárthain suite ar an taobh theas agus tá ceann de na tránna is áilne in Éirinn suite ar an taobh thuaidh den Dún mar atá An Béal Bán.
Muna bhfuil do chóras taistil féin agat, is féidir bus nó traein a fháil go Trá Lí agus bus isteach sa Daingean. Tagann bus chomh fada le Baile an Fheirtéaraigh ar laethanta áirithe. Tá seirbhís mhaith tacsaí ar fáil sa cheantar chomh maith.
An Ceantar Máguaird
Tá raidhse bialann agus tithe tábhairne sa cheantar máguaird. Bíonn ceol tradisiúnta le cloisint i dtithe tábhairne éagsúla. Is fiú turas a thabhairt ar Oileán an Bhlascaoid Mhóir agus Ionad an Bhlascaoid Mhóir i nDún Chaoin chun léargas a fháil ar shaol na ndaoine a mhair ar an oileán suas go 1954. Más spéis leat am a chaitheamh ag siúl, tá bealtaí siúlóide draíochtúla sa cheantar ar nós Cosán na Naomh, Slí Chorca Dhuibhne agus Siúlóidí Oidhreachta. Is féidir na bealtaí seo a shiúl tú féin nó dul le treoraí cáilithe. Tá saibhreas de láithreacha seandálaíochta agus staire le fáil sa cheantar chomh maith. Is féidir na haon saghas spórt uisce a thriail agus bíonn cúrsaí agus ranganna seoltóireachta is cadhcála is a leithéid ar siúl d'éinne a bhfuil an fonn san orthu.
Bhí ana-áthas orainn fáilte a chur roimh mhic léinn ón tSlóvaic go Dún Chíomháin aríst i mbliana agus iad ag freastal ar chúrsa Gaelainne is cultúir ar feadh ocht lá. Is in Ollscoil Comenius, Bratislava agus in Ollscoil Matej Bel in Banská Bystrica a bhíonn na mic léinn seo ag staidéar. Ina dteannta bhí James Ó Conaill a bhíonn ag teagasc na módúil Ghaelainne is cultúir thall sa tSlóvaic.
Bhí na mic léinn lán de bheocht is de chuileachta agus spéis thar na beartaibh acu sa Ghaelainn mar a rabhadar ag cur ceisteanna crua gramadaí orainn! Ní raibh a bhformhór acu riamh in Éirinn roimhe seo mar sin bhíodar tógtha ó bhonn ag aoibhneas an nádúir mórthimpeall orthu, na tránna, na cnoic is na faillteacha. Bhaineadar ana-shásamh chomh maith as bualadh le daoine difriúla sa phobal, ina measc Mossie Ó Scanláin a mhúin cúpla stéibh d’amhrán dóibh, Barry Ó Siochrú, Tobar Dhuibhne agus máistir na scéalaíochta é féin, Tomás Ó Lúing.
Mic léinn Ruhr-Universität Bochum (RUB)
Tá mic léinn ón Ruhr-Universität Bochum (RUB) sa Ghearmáin ag triall ar Dhún Chíomháin le fada an lá agus chuireamair fáilte mhór roimh sheanachairde agus mic léinn nua aríst i mbliana. Chaitheadar a ndúthracht leis na ranganna Gaelainne, ach ina theannta san chaitheadar seal ag imirt chártaí, ag snámh, ag priocadh sméara, ag bácáil is i mbun potadóireachta. Ár mbuíochas leis an haíonna áitiúla a roinn a gcuid saibhris leo – Bríd Uí Lúing, Susie Ní Chearna agus Tomás Ó Lúing.
Ní nach ionadh bhaineadar ana-thairbhe as an aimsir bhreá agus iad ag bóithreoireacht timpeall na dúthaí, siar go Dún Chaoin, sall go Dún an Óir, trasna na trá go Baile na nGall mar a raibh seans acu Trasna na dTonnta a chanadh i dTigh Uí Bheaglaoich, a bhuíochas dos na ceoltóirí áitiúla a bhí á dtionlacan. Bhí ana-sheans leo chomh go raibh ‘Oíche Chultúir’ á ceiliúradh agus bhíodar siúlach ar scoth na n-imeachtaí ealaíne a bhí ar siúl sa dúthaigh.
Teastas sa Ghaeilge Labhartha
I mí Aibreán 2026 chaith lucht an Teastais sa Ghaeilge Labhartha deireadh seachtaine i gCorca Dhuibhne, ag fanacht dóibh i nDún Chíomháin, mar chuid den chlár foghlama seo. B'é seo an dara deireadh seachtaine a chaitheadar thiar.
Ceathrar ar fad atá ag staidéar don teastas i mbliana.
Céilí na nGael
Bhí oíche mhór rince, ceoil is cuilleachtan againn i nDún Chíomháin Dé Sathairn, 6 Nollaig 2025 mar a bhailigh slua breá de phobal na háite isteach sa Halla do Chéilí na nGael.
Nach linn atá an seans a bheith ag maireachtaint i ndúthaigh go bhfuil plúr na gceoltóirí, na rinceoirí is na n-amhránaithe inár measc. Ceol beo, bríomhar ag bleaisteáil ón halla leis an ngrúpa Cuas mar a raibh Nicole Ní Dhúbhshláine, Kyle Macaulay agus Méabh Ní Bheaglaoich agus an t-aoi speisialta, an ceoltóir is amhránaí óg, Ruairí Ó hUanacháin
Cá mbeimís gan máistir na seiteanna é féin, Christy Mac Gearailt, a bhí mar fhear an tí agus a stiúraigh na rincí ar fad. Ba é Christy a bheartaigh is a d’eagraigh an oíche mhór so agus táimid buíoch as a dhíograis agus as an ualach mór oibre a chur sé isteach san imeacht. Buíochas mór groí chomh maith le Barry Ó Siochrú, Tobar Dhuibhne as a chuid tacaíochta ar fad, le hEalaín na Gaeltachta as an maoiniú agus leothu siúd ar fad a dhein na cístí breátha agus a bhain smúit as an urlár i gcaitheamh na hoíche. Is orainn a bhí an t-ardú croí ag dul abhaile!
Sonraí Teagmhála
Caitríona Budhlaeir agus Susan Feirtéar Bainisteoirí ar Dhún Chíomháin Dún Chíomháin Baile an Fheirtéaraigh Trá Lí Co. Chiarraí T: +353 (0) 66 9156136 R: c.budhlaeir@ucc.ie nó sfeirtear@ucc.ie