Cúrsaí Oíche sa Ghaeilge Labhartha

Achoimre ar an gCúrsa
Freastalaíonn na cúrsaí seo ar dhaoine a bhfuil líofacht áirithe acu sa teanga agus orthu siúd atá ar bheagán Gaeilge chomh maith. Cuirtear an-bhéim ar ghnáthchomhrá - ar shealbhú múnlaí coitianta, ar líofacht agus cruinneas a fheabhsú agus ar leathnú foclóra.
Bíonn na cúrsaí seo an-taitneamhach. Is ionann iad agus ócáidí sóisialta, geall leis.
Táille
€250 (€200 ráta ar leith).
Sonraí an Chúrsa - Fómhar 2024
Is gá freastal ó 7pm go 9pm oíche amháin sa tseachtain agus bíonn na ranganna ar fáil ar an Luan, ar an Máirt nó ar an gCéadaoin. Cuirfear tús leis na ranganna seo an tseachtain dár tús 23 Meán Fómhair 2024.
Cláraigh
Baill Nua
Is féidir le baill nua clárú i Seomra ORB G01, Áras Uí Rathaille, Dé Luain, 2 Meán Fómhair 2024 nó Dé Máirt, 3 Meán Fómhair 2024, 7pm - 9pm. Táimid chun filleadh go huile is go hiomlán ar an gclárú i bpearsan i mbliana. Beidh deis agat teacht isteach is labhairt le duine de na teagascóirí atá againn maidir leis an rang is an leibhéal is oiriúnaí duitse.
Iar-Bhaill
Tá foirm iarratais faoi leith ann do dhaoine a chláraigh chun rang a dhéanamh linn i 2023-2024. Léigh go cúramach na treoracha atá ar an bhfoirm iarratais sin.
Sonraí Teagmhála
Isobel Ní Riain
Comheagraí an Chúrsa
R: i.niriain@ucc.ie