Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Na scoláirí a bhí ar scoláireacht

Scoláireachtaí Gaeltachta


Tuairim is 60 mac léinn a théann ar scoláireacht gach bliain. Caitheann na scoláirí seachtain amháin i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Chomh maith le lóistín a sholáthar, socraíonn foireann an Ionaid clár iomlán imeachtaí do na mic léinn a bhíonn páirteach sa scéim.

Scoláireachtaí Gaeltachta 2026

Seachtain i gCorca Dhuibhne

63 mac léinn ón ollscoil a chaith seachtain i gCorca Dhuibhne ag deireadh mhí na Bealtaine 2026. Bhain na mic léinn le ranna difriúla ar fuaid na hollscoile agus bronnadh scoláireacht orthu chun teacht chun na Gaeltachta. Bhí plúr na gceoltóirí, na n-amhránaithe is na rinceoirí ina measc gan trácht ar a spéis sa Ghaelainn. Tá buíochas ar leith ag dul do na mná tí, na múinteoirí, na haoichainteoirí agus dóibh siúd ar fad a bhí ag roinnt a gcuid eolais is a gceird leothu.
Bhí an ghrian ag scoltadh na gcloch i rith na seachtaine ar fad ach amháin an lá a chuadar go Sliabh an Fhiolair!

Ionad na Gaeilge Labhartha

Centre for Spoken Irish

Déan teagmháil linn

Seomra ORB G02, Áras Uí Rathaille, Bóthar an Choláiste, Corcaigh

Déan ceangail linn

Barr