Eolas
Achoimre ar an gCúrsa
Cuirfear cúrsa speisialta sa Ghaeilge Labhartha ar fáil san Ollscoil do mhic léinn na Máistreachta Gairmiúla in Oideachas (MGO 1 agus a 2), do mhic léinn BSc san Oideachas (an 3ú agus an 4ú bliain) agus do mhic léinn BEd sna Staidéir Spóirt agus Corpoideachas (an 3ú agus an 4ú bliain).
Is é cuspóir an chúrsa ná cabhrú le mic léinn na MGO caighdeán maith i labhairt na Gaeilge a bhaint amach is lámh chúnta a thabhairt dóibh ullmhú don scrúdú cainte Gaeilge TGMI. Is scrúdú saor in aisce de chuid na Roinne Oideachais é seo. Bíonn sé ar siúl i gcathair Chorcaí gach Feabhra/Márta.
Tá an Teastas Gaeilge do Mhúinteoirí Iarbhunscoile riachtanach do mhúinteoirí a mhúineann trí mheán na Gaeilge i nGaelcholáistí agus i scoileanna Gaeltachta.
Ní gá do mhic léinn a bhfuil céim sa Ghaeilge acu an TGMI a bhaint amach.
Sonraí an Chúrsa - Fómhar 2026
Mairfidh an cúrsa 15 seachtaine (1 uair an chloig sa tseachtain). Déantar gach iarracht an rang a chur ar siúl ag am atá oiriúnach duit.
Rachaidh an cúrsa ar aghaidh má chuireann go leor mac léinn isteach air.
Cuirfear tús leis an rang an tseachtain dar tús 21 Meán Fómhair 2026.
Táille
€55.
Cláraigh
Beidh an táille le díol nuair a shocrófar an rang.
Dáta deireanach ar a nglacfar le foirm iarratais: Dé Céadaoin, 16 Meán Fómhair 2026.
Sonraí Teagmhála
Nuala de Búrca
Comhordaitheoir an Chúrsa
R: n.deburca@ucc.ie
Ionad na Gaeilge Labhartha
Centre for Spoken Irish
Déan teagmháil linn
Seomra ORB G02, Áras Uí Rathaille, Bóthar an Choláiste, Corcaigh