An tAonad Aistriúcháin agus Ateangaireachta

Réamhrá

Cuireann Ionad na Gaeilge Labhartha seirbhís ghairmiúil aistriúcháin, Béarla−Gaeilge agus Gaeilge−Béarla, ar fáil d’eagraíochtaí nó do dhaoine aonair.

Is institiúid léinn agus taighde é Coláiste na hOllscoile Corcaigh, rud a chuireann ar chumas Ionad na Gaeilge Labhartha aistriúchán a dhéanamh ar réimse leathan téacsanna ós rud é go bhfuil teacht ag aistritheoirí ar shaineolas ar mhórán ábhar éagsúil.

Is féidir talamh slán a dhéanamh d’ardchaighdeán an aistriúcháin; ó thaobh chruinneas aistriúcháin agus gramadaí de, agus ó thaobh shaibhreas na Gaeilge de. Feidhmíonn Coiste Aistriúcháin, faoi choimirce Bhord na Gaeilge, chun an t−ardchaighdeán seo a dheimhniú.

Déantar aistriúchán ar réimse leathan téacsanna:- tuarascálacha, scéimeanna, CVanna, comharthaí, fógraí, manaí, teidil, ainmneacha tithe / institiúide, tráchtais.

Comhoibríonn aistritheoirí go dlúth le húdair na mbunleagan chun tuiscint a fháil ar bhrí chruinn an tsaothair agus ar an gcomhthéacs. Déanfar socruithe cinnte maidir le coinníollacha ama, teanga (m.sh. canúint/caighdeán oifigiúil) agus costais sara nglacfar le hobair ar bith.

Glacann aistritheoirí leis gur obair faoi rún a bhíonn i gceist i ngach cás, rud a chinntíonn príomháideachas agus slándáil.

Seirbhísí

AISTRIÚCHÁN

  • Tuarascálacha
  • Scéimeanna
  • CVanna
  • Comharthaí
  • Fógraí
  • Teidil
  • Ainmneacha
  • Tithe/Institiúide
  • Manaí
  • Tráchtais
  • Fotheidil


SEIRBHÍSÍ TEANGA EILE

  • Profáil agus Eagarthóireacht
  • Oiliúint Foirne i gCeard an Aistriúcháin
  • Comhairleoireacht ar Leaganacha Gaeilge
  • Dearadh Dátheangach


COMHAIRLEOIREACHT

  • Impleachtaí Acht na dTeangacha Oifigiúla
  • Dréachtadh agus Cur i bhFeidhm Scéimeanna Teanga
  • Oiliúint Foirne

FEARAS AISTRIÚCHÁIN AR CÍOS

  • Bothanna (ar choinníoll go mbeidh teicneoir ar leith ina bhun)

Trealamh Ateangaireachta

Tá dhá chóras ateangaireachta ag an Aonad Aistriúcháin agus Ateangaireachta mar seo a leanas:

Cyflais 2
Is féidir éisteacht le naonúr toscaire sa turas agus a gcuid cainte a aistriú in dá theanga eile. Tá dhá bhoth aistriúcháin ag gabháil leis seo. Chaithfeadh teicneoir a bheith ina bhun seo (tuilleadh eolais ó Sheirbhísí Closamhairc).  Tá 80 cluasán in-athluchtaithe ag Ionad na Gaeilge Labhartha

Cyflais 3
Córas cogarnaí ata i gceist leis an ngléas ateangaireachta seo. Tá sé oiriúnach do chruinnithe beaga agus is furasta é a iompar timpeall. Ní bhíonn bothanna i gceist agus bíonn an t-ateangaire ag cogarnach ag bun an tseomra. Is féidir leis teanga amháin a aistriú agus tá 80 cluasán in-athluchtaithe ag Ionad na Gaeilge Labhartha do na héisteoirí. Chaithfeadh an t-aistritheoir ón Aonad Aistriúcháin agus Ateangaireachta a bheith i láthair chun cúrsaí teicniúla a shocrú.

I gcás an dá chóras, ní mór fógra coicíse a thabhairt má táthar á lorg.

Sonraí Teagmhála

Brian Ó Donnchadha
+ 353 (0)21 490 3105
brianod@ucc.ie

Ionad na Gaeilge Labhartha

Centre for Spoken Irish

Seomra G02, Áras Uí Rathaille, Bóthar an Choláiste, Corcaigh

Barr