Gradam na Gaeilge

Réamhrá
An spreagann tú an Ghaeilge san ollscoil? Má spreagann tú tá seans iontach agat Gradam na Gaeilge a bhuachaint! Bronnfar an gradam seo ar an mac léinn is mó a dheineann iarracht an Ghaeilge a chur chun cinn sa Choláiste agus is fiú €1000 é don té a bhaineann é. Is féidir le gach mac léinn san Ollscoil cur isteach air. Tuilleadh eolais le fáil ó Oifig na Gaeilge Labhartha, Seomra G02, Áras Uí Rathaille ag 021-4903529. Urraithe ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh.
Dáta deireanach le cur isteach ar an ngradam: 30 Márta 2023.
Bileog Eolais agus Fógraíocht
Preasráiteas 2022
Bronnadh Gradam na Gaeilge, ar scoláire amháin agus bronnadh Onóir na Gaeilge ar scoláire amháin de chuid Choláiste na hOllscoile Corcaigh ar an 27 Aibreán. Is é Antóin Ó Trinlúin mac léinn máistreachta, a bhain an Gradam amach i mbliana. Bronnadh Onóir na Gaeilge ar Chaitríona Ní Chonaill Ealaíona III. Tá an duais urraithe ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh. Mheas na moltóirí gur chóir an duais a roinnt de bharr chumas na beirte. Dhein na mic léinn sár-obair i gcaitheamh na bliana maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn i dtimpeallacht na hOllscoile. Ba é Seán Ó Laoi,Ionad na Gaeilge Labhartha,a dhein an bronnadh ag ócáid speisialta a eagraíodh sa tSeomra Caidrimh.
Bhronn an Dr. Caitríona Ní Churtáin, Roinn na Nua-Ghaeilge, scoláireachtaí ar áitritheoirí an Ionaid Chónaithe, Áras Uí Thuama ag an ócáid chéanna.
Ba iad an Dr Caoimhín Ó Muirigh (Roinn na Sean-agus Meán-Ghaeilge), Iseult Ní Fhoighil (Oifigeach Cumarsáide na Cuallachta Bliain II) agus Claire Ní Mhuirthile (Ionad na Gaeilge Labhartha) a bhí mar mholtóirí.