Eolas
Achoimre ar an gCúrsa
Beidh an cúrsa idirghníomhach seo dírithe ar na nithe seo a leanas:
- Comhrá líofa, soiléir a dhéanamh as Gaeilge.
- Eolas ar shaol na Gaeilge a chur ar fáil do na scoláirí.
- Eolas a chur ar fáil maidir leis na scrúduithe cainte Gaeilge a bhíonn ann don bhunmhúinteoireacht.
|
|---|
Cuirtear an cúrsa seo ar fáil do mhic léinn i Seimeastar 1 amháin.
Sonraí an Chúrsa - Fómhar 2025
Dátaí an Chúrsa: an tseachtain dár tús 29 Meán Fómhair 2025 – an tseachtain dár tús 17 Samhain 2025* (uair a chloig gach seachtain ar feadh ocht seachtaine). Cuirfear ceist ort maidir le do thráthchlár ar an bhfoirm iarratais. Socrófar an rang seo ag am atá oiriúnach d'fhormhór na scoláirí.
Suíomh: Beidh na ranganna seo ar siúl ar an gcampas.
Spriocadháta: Déardaoin, 18 Meán Fómhair 2025.
Eolas Maidir le do Rang: Seolfar ríomhphost chuig na scoláirí atá tar éis an fhoirm iarratais a líonadh amach Dé Luain, 22 Meán Fómhair 2025 ar a dhéanaí. Beidh tuilleadh eolais sa ríomphost seo maidir leis an rang atá eagraithe agus conas gur féidir leat d'áit a dheimhniú.
* Cuirfear rang breise ar siúl do scoláirí a chaillfidh amach ar rang de bharr lá saoire bainc.
Táille
€30.
Cláraigh
Tá dhá chéim sa phróiséas iarratais:
- Líon isteach an fhoirm iarratais seo. B'fhéidir go mbeidh ort logáil isteach chun teacht ar an bhfoirm iarratais.
- Gheobhaidh tú ríomhphost maidir leis an rang atá eagraithe ar an Luan, 24 Meán Fómhair 2026 ar a dhéanaí. Má tá an lá agus an t-am seo oiriúnach duit is féidir leat úsáid a bhaint as an nasc a bheidh sa ríomhphost seo chun díol as an gcúrsa. Má tá líon mór scoláirí ag iarraidh clárú don rang seo, glacfar le scoláirí don chúrsa seo ar bhonn 'tiocfaidh do sheal mar a thiocfaidh tú féin'.
Sonraí Teagmhála
Karol Coleman
Riarthóir an Chúrsa
k.coleman@ucc.ie
Ionad na Gaeilge Labhartha
Centre for Spoken Irish
Déan teagmháil linn
Seomra ORB G02, Áras Uí Rathaille, Bóthar an Choláiste, Corcaigh