Eolas
Achoimre ar an gCúrsa
Cúrsa ullmhúcháin don scrúdú béil do mhic léinn COC gur spéis leo dul le bunmhúinteoireacht is ea an cúrsa seo.
Nóta: Is do mhic léinn COC amháin é an cúrsa seo.
Sonraí an Chúrsa - Fómhar 2026
Beidh an cúrsa ar siúl gach Luan ó 6pm go dtí 7pm. Cuirfear tús leis an gcúrsa ar an Luan 28 Meán Fómhair 2026. Mairfidh an cúrsa seo 9 seachtaine is cuirfear deireadh leis an gcúrsa ar an 30 Samhain 2026. Má tá an t-éileamh ann, tá seans go gcuirfear tús leis an gcúrsa seo arís san earrach.
Táille
€90
Cláraigh
Líon isteach an fhoirm iarratais agus seol chuig g.labh@ucc.ie é. An spriocdháta atá ann don chúrsa seo ná Déardaoin 24 Meán Fómhair 2026, 5pm. Tá na háiteanna ar an gcúrsa seo teoranta.
Sonraí Teagmhála
Caitríona Breathnach
Teagascóir an Chúrsa
R: cbreathnach@ucc.ie
Ionad na Gaeilge Labhartha
Centre for Spoken Irish
Déan teagmháil linn
Seomra ORB G02, Áras Uí Rathaille, Bóthar an Choláiste, Corcaigh