Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Mic léinn ina luí ar an bhféar

GA1120: Introduction to Modern Irish


Achoimre ar an gCúrsa

Réamhchúrsa Gaeilge is ea é seo. Is ar mhic léinn nach bhfuil aon chleachtadh ná taithí acu cheana a fhreastalaíonn sé agus is ar an dteanga labhartha a leagtar an bhéim. 

Cúrsa 10 seachtaine atá ann ina ndeintear trí huaire an chloig teagaisc in aghaidh na seachtaine chomh maith le pé obair bhaile a thugtar.

Is féidir teacht ar tuilleadh eolais ar an gcúrsa seo i Leabhar na Modúl do Scoláirí atá ar Cuairt.

Sonraí an Chúrsa - Earrach 2026

Tosnóidh an cúrsa seo ar an Luan, 19 Eanáir 2026.
Seolfar ríomhphost chugat le sonraí an ranga a bheidh agat sula gcuirtear tús leis an gcúrsa.

Cláraigh

Beidh cóip den fhoirm iarratais ar fáil lasmuigh de ORB G01 Áras Uí Rathaille ag tús an tseimeastair. Nuair a bheidh an fhoirm seo líonta isteach agat, is féidir é a thabhairt d'Isobel (ORB G05).

Táille

Tá an cúrsa seo saor in aisce. (€50 dóibh siúd nach bhfuil creidiúintí á lorg acu. Baileofar an t-airgead seo sa chéad rang).

Sonraí Teagmhála

Isobel Ní Riain
Comheagraí an Chúrsa
R: i.niriain@ucc.ie

Ionad na Gaeilge Labhartha

Centre for Spoken Irish

Déan teagmháil linn

Seomra ORB G02, Áras Uí Rathaille, Bóthar an Choláiste, Corcaigh

Déan ceangail linn

Barr