Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Scoláirí is baill foirne suite ar chéimeanna

Áras Uí Thuama


‌Suite gar do Pháirceanna na Laoi tá Áras Uí Thuama. Beidh tú sona sásta san árasán nua-aimseartha seo i dteannta le mic léinn eile. Beidh tú ar do sháimhín só i do sheomra codlata úrnua, compórdach a bhfuil áiseanna staidéir ann. Gaeltacht na hOllscoile atá anseo ina bhfuil bloc de naoi n-árasán (le dhá, trí, ceithre sheomra codlata iontu). Fan i dteagmháil le do chairde ar an ríomhphost nó déan do chuid taighde ar do shuaimhneas san áras breá seo tríd an idirlíon atá ar fáil saor in aisce. Cuirfidh tú aithne ar mhic léinn ó gach coláiste agus beidh craic agaibh le chéile.

Chomh maith leis sin, ní bheidh ocras ort riamh agus ollmhargadh díreach in aice leat mar a bhfuil rogha gach bia ar fáil. Níl an ollscoil ach cúig neomat de shiúl na gcos uait agus tá Áras Uí Thuama an-chóngarach do lár na cathrach. Oireann na hárasáin seo do gach gné ded’ shaol. Cad eile a bheadh ag teastáil ó mhac léinn an lae inniu?

Iarratais

Tá fáilte roimh aon mhac léinn lánaimseartha a bhfuil Gaeilge líofa aige/aici cur isteach ar áit in Áras Uí Thuama. Is gá dó/di foirm speisialta Ghaeilge a líonadh agus dul faoi agallamh.

Cuirtear roinnt áiteanna i leataobh gach aon bhliain le haghaidh mhic léinn na chéad bhliana. Tá scoláireachtaí substaintiúla ar fáil.

Tá an spriocdháta thart d'iarratais don bhliain acadúil 2026-2027.

Imeachtaí an Árais 2026-2027

Eagraítear roinnt imeachtaí do na scoláirí fad is atá siad ag fanacht in Áras Uí Thuama. 

Cuireadh fáiltiú ar siúl 22 Meán Fómhair 2026 do na scoláirí atá ag fanacht sna hárasáin i mbliana. Seo a leanas liosta de na cainteoirí a bhí i láthair ag an ócáid:

  • Dónall Ó hÉigeartaigh, Comhordaitheoir Tríú Leibhéal , Conradh na Gaeilge
  • Laoise Nic Íomhair, Oifigeach Forbartha Gaeilge, Barr na gCnoc
  • Amhlaoibh Ó Síocháin Ó Beoláin, Oifigeach Gaeilge agus Cultúir, Aontas na Mac Léinn COC
  • Cathal Ó Murchú, Oifigeach Siamsaíochta na Cuallachta
  • Sophia Ní Bhraoin, Cumann Rince Seite, Cumann an Cheoil Thraidisiúnta
  • Eimear Ní Chéilleachair, Cathaoirleach, Cumann an Cheoil Thraidisiúnta

Ionad na Gaeilge Labhartha

Centre for Spoken Irish

Déan teagmháil linn

Seomra ORB G02, Áras Uí Rathaille, Bóthar an Choláiste, Corcaigh

Déan ceangail linn

Barr