Comórtas Liteartha 2010 Oireachtas na Gaeilge
Click Picture to Enlarge
Comórtas Liteartha 2010 Oireachtas na Gaeilge
05.10.2010

Bhuaigh an Dr Stiofán Ó Cadhla, Ceann Roinn an Bhéaloidis, an chéad duais do Shaothar Próis i gComórtas Liteartha an Oireachtais 2010 leis an leabhar nua An tSlat Féithleoige: Eolas agus Ealaíon an Dúchais a fhoilseoidh Cló IarChonnachta amach anseo.

Cíorann an saothar cuid de bhríonna canónda an bhéaloidis agus pléann samplaí éagsúla ó chás táscúil Maolra Sheoige – a trialladh, a cúisíodh agus a crochadh i dteanga nár thuig sé – go dtí timthriall na n-aonach agus na bhfeiltí i saol na ndaoine, ról na teicneolaíochta, íomhá fhearúil an tseanchais, finscéalta uirbeacha agus ceol tíre John Beag Uí Fhlaithearta. Fiafraíonn an leabhar seo, an cúigiú ceann ó Stiofán, an bhfuil aon mhaith inniu sna léirmhíniúcháin thraidisiúnta ar bhéaloideas? Cad atá ann, nó ná fuil ann nó cé a chum agus a cheap i gcéaduair é. An ar mhaithe leis an oidachas nó leis an bpobal iad a thuilleadh? Fiafraíonn sé cad as a tháinig cuid de na tuiscintí seo i léann na Gaeilge agus an dúchais

____________

Dr Stiofán Ó Cadhla, Head of Roinn an Bhéaloidis: Folklore and Ethnology, has been awarded first prize for a work in prose in the 2010 Literary Competition of the annual Irish language cultural event Oireachtas na Gaeilge. The prize has been awarded to him for his latest publication entitled ‘The Honeysuckle Branch: Indigenous Knowledge and Arts’, due for publication by the Cló IarChonnachta. The book, the author’s fifth, suggests that it is time to re-examine some of the key canonical understandings of what folklore actually is, or isn’t; what, and who, defined it and whether these definitions are useful either for communities or education. This is done through a number of diverse case studies ranging from past assessments of the provenance of Irish learning to the contemporary popular culture in the living Gaeltacht of the present. The author revisits the nineteenth-century case of Mayo man Myles Joyce, tried, convicted and hung in a language that he could neither understand nor speak, looks at the popular culture round of fair and festival as well as issues such as gender, urban legend, technology and contemporary Country and Western style singing in the Irish language.

MMcS



<<Previous ItemNext Item>>

« Back to 2010 Press Releases