Skip to main content

Bronnadh Scoláireachtaí COGG ar mhic léinn B.OidGaeilge i gColáiste na hOllscoile Corcaigh

9 Jan 2026
  • COGG Scholarships awarded to B.EdGaeilge (CK124) students in University College Cork

Beidh Scoláireachtaí á mbronnadh ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) ar mhic léinn Chéad Bhliana na céime BOid. Gaeilge (CK124) arís i mbliana i gColáiste na hOllscoile Corcaigh.

Cad é an tábhacht a bhaineann le bronnadh Scoláireachtaí COGG ar mhic léinn B.Oid Gaeilge, Coláiste Ollscoile Corcaigh:

  • Ó bunaíodh an clár céime B.OidGaeilge sa bhliain 2020, tá urraíocht mhór á dhéanamh ar an gclár céime oideachais seo;
  • Scoláireachtaí de luach dhá mhíle Euro an duine á mbronnadh ar an deichniúr mac léinn, sa chéad bhliain den chlár céime B.OidGaeilge, dob fhearr a chruthaigh san Ardteist gach bliain;
  • Tábhacht na céime seo á aithint ag COGG go bliantúil;
  • Ionadaíocht COGG ag an Searmanas Bhronnta na Scoláireachtaí san Ollscoil áit a mbuaileann siad le mic léinn na Gaeilge agus le pobal na hOllscoile.

"Tá an-áthas ar an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) leanúint ar aghaidh leis an scéim scoláireachta do mhic léinn B.Oid. Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, trí sparánachtaí de €2,000 in aghaidh na bliana a thairiscint do mhic léinn a n-éiríonn leo áit a bhaint amach ar an gclár céime oideachais d’ardchaighdeán seo.Tá súil agam go mbeidh an scoláireacht seo mar spreagadh agus mar thacaíocht dóibh agus iad ag tabhairt faoina mbóthar gairmiúil trí Ghaeilge," Jacqueline Ní Fhearghusa, Príomhfheidhmeannach COGG.

Deir Aisling Ní Chléirigh, mac léinn B.OidGaeilge (2020-2024) a bhain Scoláireacht COGG amach sa chéad bhliain den chlár céime aici:"Bhíos ar an gcéad dream mac léinn a thug faoin gcúrsa B.Ed Gaeilge in UCC. Bhíos ana-bhuíoch scoláireacht B.Ed Gaeilge a bhaint amach mar thug sé muinín dom agus m’aistear sa choláiste á thosnú agam i lár paindéime sa bhliain 2020. Cé ná rabhas ar an gcampas, thug sé deis dom tuilleadh leabhra a cheannach chun tacú lem’ chuid staidéir agus spreag sé mé chun caighdeán mo chuid Gaelainne a fheabhsú i gcónaí. Dá bharr san ar fad, táim ag múineadh anois go lán-aimseartha i scoil Ghaeltachta agus mé ana-shásta."

--

The B.Ed Gaeilge (CK124) degree in University College Cork is a four-year teaching degree whereby graduates are awarded the degree of Bachelor in Education Gaeilge and in one of the following subjects e.g. French, Spanish, German, Italian or Mathematical Studies.

The importance of the B.Ed Gaeilge (CK124) degree is recognised by COGG by the major sponsorship of this degree programme:

  • COGG Scholarships worth two thousand Euros each are awarded to ten students, in the first year of the B.Ed Gaeilge degree programme, who performed best in the Leaving Certificate each year.
  • These Scholarships further enable B.Ed Gaeilge students to earn an excellent degree and qualification in teaching.
  • Representatives of COGG attend at the Scholarship Award Ceremony annually in University College Cork where they meet with Irish language students and the university community.

College of Arts, Celtic Studies & Social Sciences

Coláiste na nEalaíon, an Léinn Cheiltigh agus na nEolaíochtaí Sóisialta

Contact us

College Office, Room G31 ,Ground Floor, Block B, O'Rahilly Building, UCC

Connect with us

Top