News

Gluaiseacht na gCodanna seolta ag IADT, freagra cruthaitheach ar chláir um thoiliú agus idirghábháil na bhféachadóirí.

23 Mar 2022

Cúis áthais do IADT Gluaiseacht na gCodanna a sheoladh go foirmiúil - sraith gearrbheochaintí agus físeán grafach ina dtéitear i ngleic le toiliú agus ina n-insítear scéalta ó dhaoine a tháinig slán ó fhoréigean gnéis agus mí-úsáid de dheasca íomhánna.

 

Mic léinn agus céimithe IADT i gcúrsaí beochana a chruthaigh Gluaiseacht na gCodanna, rud a forbraíodh i gcomhar le Clár um Thoiliú Gníomhach in Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus Clár um Idirghabháil na bhFéachadóirí i gColáiste na hOllscoile Corcaigh.

 

Tá na físeáin chumhachtacha seo mar fhreagra cruthaitheach ar na príomhtheachtaireachtaí a leagtar béim orthu sna cláir seo agus tá sé mar aidhm acu go mbeadh an pobal mór ar an eolas mar gheall orthu.

 

Chuir an tÚdarás um Ard-Oideachas (HEA) an maoiniú ar fáil chun na físeáin seo a chruthú faoin nglaoch iarratas a deineadh chun an Creat um Thoiliú san Ardoideachas a chur chun cinn.

 

Sraith ar leith atá i gceist le Gluaiseacht na gCodanna toisc go bhfuil guthanna Gaeilge le cloisteáil inti. Beartaíodh go n-aistreofaí na físeáin go Gaeilge le cur in iúl do lucht labhartha na Gaeilge go bhfuil oiliúint maidir le toiliú agus idirghabháil na bhféachadóirí ar fáil dóibh siúd chomh maith. Beidh na físeáin Ghaeilge seo áisiúil d’oideachasóirí ar mhian leo éagsúlacht a chur ina gcuid teagaisc.

 

Tháinig focail thacúla ón Aire Simon Harrais nuair a thréaslaigh sé le foireann IADT a raibh lámh acu leis an tionscadal seo. Bhí seisean den tuairim go raibh an-chreidiúint ag dul dóibh siúd a roinn a gcuid scéalta le cách, agus go gcabhródh amhlaidh le daoine eile. Dúirt sé “Tá an saghas seo tionscadail ríthábhachtach chun cultúr measa agus ionracais a fhorbairt laistigh dár n-instidiúidí tríú leibhéal. Bunghnéithe is ea cúrsaí caidrimh agus gnéasachta dár bhforbairt shláintiúil ar bhonn sóisialta agus pearsanta. Caithfidh na huirlisí cearta a bheith ag mic léinn a chabhróidh lena gcuid forbartha féin ionas go mbeadh tuiscint acu ar a gcuid sláinte gnéis agus iad ar an eolas fuithi agus faoi chúrsaí caidrimh leis.

 

Cuireann foréigean nó ciapadh gnéis isteach go mór ar fholláine na mac léinn, ar a gcuid léinn agus ar an gcampas i gcoitinne. An obair atá ar siúl ag an gClár um Thoiliú Gníomhach in Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus an Clár um Idirghabháil na bhFéachadóirí i gColáiste na hOllscoile Corcaigh, mar aon leis na beochaintí seo ó IADT, tá siad riachtanach chun dul i ngleic le foréigean agus ciapadh gnéis in institiúidí tríú leibhéal”.

 

Dhein David Smith, Uachtarán IADT, tagairt do thábhacht an tionscadail agus ar an ról ceannaireachta a bhí ag IADT chun é a fhorbairt: “Cuireann IADT fáilte roimh sheoladh chlár feachtas beochaintí Gluaiseacht na gCodanna. Tá ról cumhachtach ag na healaíona cruthaitheacha chun aitheantas agus dearbhú a thabhairt dóibh siúd a tháinig slán ó fhoréigean nó ciapadh gnéis san ardoideachas agus sa tsochaí go ginearálta.”

 

Tá Gluaiseacht na gCodanna ar an tsraith tionscadal beochaintí is déanaí de chuid IADT inar féidir le céimithe agus fochéimithe araon obair na gcarthanachtaí, na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha, na n-oideachasóirí agus ghníomhaireachtaí an rialtais a chur chun cinn i measc sainghrúpaí den phobal. Foghlaim bunaithe ar dhúshláin atá i gceist leis – pléann mic léinn go díreach le foirne comhpháirtíochta, déanann siad freagraí feiceálacha a dhearadh le cliaint agus cruthaíonn siad beochaintí agus iad faoi stiúir saineolaithe. Luíonn an obair seo sna meáin le ciall.”

 

Dúirt an Dr Charlotte McIvor ón gClár um Thoiliú Gníomhach in Ollscoil na hÉireann Gaillimh: “Uirlis chumhachtach is ea na healaíona chun go labhrófaí ar bhonn gníomhach faoi thoiliú agus faoi dhul i ngleic le foréigean gnéis i sochaí na hÉireann. Is féidir leis an uirlis chéanna mórfhadhbanna casta a chur in iúl go soiléir agus go tochtmhar do dhaoine aonair agus do ghrúpaí láithreach bonn.

 

“Roghnaíomar an teideal Gluaiseacht na gCodanna chun an iliomad gnéithe a bhaineann le foréigean gnéis a léiriú mar aon leis an mórchuid slite ina n-imrítear tionchar air sin mar thoradh ar ghnáthaimh na sochaí, fuath ban, cultúr coiteann agus nithe eile nach iad. Dá bharr seo go léir, ní mor a bheith cruthaitheach agus dinimiciúil ó thaobh oideachais, beartais agus na n-ealaíon de chun dul i ngleic leis an bhforéigean gnéis.

 

A bhuí le Gluaiseacht na gCodanna, ina raibh ceird lucht déanta na mbeochaintí le feiceáil go láidir mar aon le guthanna na ndaoine a d’fhulaing foréigean gnéis, bhíomarna chomh maith céanna leis an gClár um Idirghabháil na bhFéachadóirí i gColáiste na hOllscoile Corcaigh in ann croí ár gcuid clár a fheiscint.”

 

Bhí an méid seo le rá mar gheall ar an tsraith ag an Ollamh Louise Crowley ón gClár um Idirghabháil na bhFéachadóirí i gColáiste na hOllscoile Corcaigh: “Tá fíorthábhacht ag baint le feiceálacht agus inrochtaineacht agus cláir á bhforbairt agus á soláthar chun tacú le hoideachas agus cumasú bhaill foirne agus mhic léinn na hearnála tríú leibhéal. Modh úrnua éifeachtach is ea na beochaintí seo ar mhaithe le plé a dhéanamh leis an earnáil agus ar mhaithe le barr feabhais a chur ar thuiscint agus cumas gach duine chun eispéireas sábháilte agus measúil a éileamh. Athróidh a leithéid an cultúr féin.”

 

Roinnfear beochaintí Gluaiseacht na gCodanna go fial leis an earnáil ardoideachais agus sainghníomhaireachtaí tacaíochta dá n-úsáíd féin, i gcás nochtaí, mar shampla nó oiliúint um nochtadh, ceardlanna mar gheall ar thoiliú agus ar na meáin shóisialta. Beidh na beochaintí ar fáil don pobal uile ar shuíomh idirlín IADT agus ar a chainéal YouTube.

Féac na sraith gearrbheochaintí agus físeáin grafach anseo

Top