Nuacht
Seoladh Leabhair: Éistidh a Dhaoine
-4513x2994.jpg)
Sheol an Dr Ciarán Ó Gealbháin (Roinn an Bhéaloidis) an leabhar Éistidh a Dhaoine: Amhráin agus Dánta Gaeilge ó Bhileoga Bailéad sa Seomra Caidrimh ar an nDéardaoin, 9 Bealtaine.
Sheol an Dr Ciarán Ó Gealbháin (Roinn an Bhéaloidis) an leabhar Éistidh a Dhaoine: Amhráin agus Dánta Gaeilge ó Bhileoga Bailéad sa Seomra Caidrimh ar an nDéardaoin, 9 Bealtaine.
Sa leabhar so, tá breis agus leathchéad amhrán Gaeilge a tháinig anuas chugainn sna bileoga beaga clóite a bhíodh á ndíol laethanta aonaigh agus margaidh sa naoú haois déag. Tá téacs na n-amhrán curtha in eagar ag an Dr Pádraig de Brún (Iar-Ollamh de chuid Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath) agus an ceol a ghabhadh leo réitithe ag an Dr Ríona Ní Churtáin (Roinn na Nua-Ghaeilge).
Is féidir an leabhar a cheannach ó Shiopa Leabhar UCC: Ar díol anseo