Nuacht
Léachtóirí Gaeilge ag Teagasc thar Lear
.jpg)
Chaith triúr léachtóirí ó Roinn na Nua-Ghaeilge tréimhsí ag teagasc thar lear i seimeastar an earraigh faoin scéim Erasmus Plus
Chaith Síle Ní Mhurchú tréimhse ag teagasc san Université de Tours. Mhúin sí ranganna ar an nGaeilge agus ar an aistriúchán agus thug sí léacht phoiblí ar na Gaeil ar Mhór-Roinn na hEorpa sa seachtú haois déag. Chaith Katie Ní Loingsigh tréimhse ag teagasc san Uniwersytet Komisji Edukacji Narodowej w Krakowie sa Pholainn. Thug sí léachtaí ar chúrsaí teanga agus ar chúrsaí frásaíochta. Eagraíodh cruinniú taighde le linn na cuairte chun tionscadal frásaíochta Eorpach a phlé léi chomh maith. Chaith Ken Ó Donnchú tréimhse ag teagasc in Ollscoil Shéarlais, Prág. D’fhreastail sé ar na ranganna Gaeilge a mhúineann an Dr Radvan Markus agus labhair sé leis na mic léinn, agus thug sé léacht ar litríocht na Nua-Ghaeilge Moiche.