Nuacht

Caoineadh Airt Uí Laoghaire

5 DFómh 2023

Léiríodh leagan drámata de Chaoineadh Airt Uí Laoghaire i Seomra Caidrimh na hOllscoile le déanaí. Is í Áine Uí Chuill a chuir an caoineadh in oiriúint don stáitse agus a ghlac páirt Eibhlín Dubh Ní Chonaill, agus dhein Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin í a thionlacan ar an bhfeadóg stáin.

Caoineadh Airt Ui Laoghaire drama performance

Deineadh taifeadadh gairmiúil ar an ndráma agus beidh sé ar fáil mar acmhainn foghlama do mhic léinn Roinn na Nua-Ghaeilge. Is é an Dr Seán Ua Súilleabháin a d’eagraigh an ócáid speisialta seo. Buíochas chomh maith le Declan O’Connell, WildAcre Productions, le Seán Ó Laoi, Ionad na Gaeilge Labhartha, agus leis an gCumann Drámaíochta.

Caoineadh Airt Ui Laoghaire drama performance

Roinn na Nua-Ghaeilge

Department of Modern Irish

Áras Uí Rathaille, UCC

Barr